Ceacht Giotáir agus Féinchomhlíonadh!
Ceacht Giotáir
Le linn na paindéime COVID-19, thosaigh mé ag foghlaim an ghiotáir ar líne. Ní ranganna beo a bhí i gceist, ach ranganna réamhthaifeadtha ar líne. Thaitin siad go mór liom, agus rinne mé staidéar agus cleachtadh go díograiseach ar feadh cúpla bliain. Ansin, rith sé liom go raibh mé beagnach críochnaithe leis an gcúrsa, agus nach raibh a fhios agam cad a dhéanfainn ansin chun níos mó a fhoghlaim. Sheol mé r-phost chuig múinteoir an ranga, an Dochtúir McAllister, ag lorg a chomhairle ar an ábhar. Ba é an rud a dúirt sé ná go mbeadh sé i mo cheantar i gceann cúpla seachtain, agus go mbeadh sé sásta casadh liom agus rang a bheith againn le chéile. Cé go raibh mé neirbhíseach faoi, ghlac mé leis an moladh sin. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, chasamar le chéile agus thosaíomar an rang.
Cheap mé go raibh gach seans go mbeimid ag seinm amhráin le chéile arís is arís eile, go dtí go mbeinn in ann é a sheinm go han-mhaith. Ach ní hé sin a tharla, ar chor ar bith. Níor iarr sé orm amhrán a sheinm ach cúpla uair, agus é ag seinm giotár rithime mar thionlacan. Ansin, stadamar agus seo mar dúirt sé liom:
“Tá tú in ann amhráin a fhoghlaim agus a sheinm, agus mar sin ní gá dúinn am a chaitheamh sa tslí sin. Tá sé in am duit teicnicí a fhoghlaim, ionas go mbeidh sé níos éasca duit feabhsú agus an chéad leibhéal eile a bhaint amach.” Ansin, thaispeáin sé dom nach raibh mo lámh chlé sa treoshuíomh ceart ar an gclár stiallóg, ach bhí sé claonta. Bhí an ceart aige, agus cé go raibh sé éasca dó é sin a fheiceáil, níor thug mé é sin faoi deara roimhe sin.
“Tá do mhatáin rótheann, a Mhichíl, agus is rud deacair saoráid stíle a bheith agat gan matáin ligthe a bheith agat. Mar sin is túisce scíste ná seinm!” arsa an Dochtúir McAllister.
Léargas
Tharraing sé sin m’aird ar an toirt, mar bhí mo bhean chéile tar éis an ruda chéanna a rá liom le déanaí. Bhíomar tar éis cúpla seachtain a chaitheamh ar thuras bus – rud a raibh mé neirbhíseach faoi roimh ré, toisc go dtagann tinneas taistil orm éasca go leor. Ar an dea-uair, ní raibh mórán faidhbe agam leis an tráth seo. Ach thug mo bhean chéile rud faoi deara nuair a bhí an bus ag luascadh anonn is anall. “Bíonn tú ag troid in aghaidh gluaiseachta an bhus, agus tú ar tinneall in ionad scaoileadh leis go réchúiseach. Tá matáin teannta agat ní hamháin ar an mbus, ach an t-am go léir, agus ní rud maith é sin. Caithfidh tú rud éigin a dhéanamh faoi sin!” a dúirt sí.
Bhí an bheirt acu -mo bhean chéile agus mo mhúinteoir giotáir ag rá go soiléir go raibh fadhb agam leis an strus, ach cad faoin spéir a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi?
Moladh
D’iarr mé ar ChatGPT (Intleacht Shaorga) cad é an bealach is fearr dom teannas fisiciúil agus strus meabhrach a mhaolú, agus seo an freagra a fuair mé ar ais (agus atá curtha in eagar agam):
An bealach is fearr duit chun teannas fisiciúil agus strus meabhrach a mhaolú ná anáil dhomhain chomhtháite le gluaiseacht a dhéanamh – mar shampla, ióga, tai chi, nó siúlóid aireach (mindful walking).
- Cén fáth? Comhcheanglaítear gluaiseacht réidh le hanáil rialaithe – rud a scaoileann teannas na matán agus a laghdaíonn leibhéil struis san intinn.
- Conas é a dhéanamh? Roghnaigh gníomhaíocht a thugann rithim nádúrtha d’análú agus do ghluaiseacht – rud a chuirfidh ar do chumas do chorp agus d’intinn a nascadh le chéile i staid scíthe agus cothromaíochta.
Dá mbeadh ort ceann amháin a roghnú, is é siúlóid aireach an rogha is simplí agus is éifeachtaí.
Seanfhear Craiceáilte
Lá amháin, nuair a bhí an t-infheisteoir cáiliúil Marc Andreessen, ag tiomáint i Palo Alto i Silicon Valley, ba bheag nár bhuail sé seanfhear craiceáilte a bhí ag trasnú an bhóthair. Ag amharc siar air, thug sé faoi deara an geansaí muineál turtair agus jíons gorma a bhí á chaitheamh ag an bhfear. “A Chríost na bhflaitheas, ba bheag nár bhuail mé Steve Jobs!” arsa Andreessen leis féin. Bhí an ceart aige. Bhí Jobs ag siúl gar dá chomhlacht Apple. Bhí clú agus cáil air sa cheantar maidir leis na siúlóidí fada a thógfadh sé. Chreid sé go raibh buntáistí móra ag baint leo – chun aclaíocht agus machnamh a dhéanamh, chun fadhbanna a réiteach, agus fiú chun cruinnithe gnó a bheith aige. Bhí an ceart aige agus aontaíonn na saineolaithe go bhfuil na buntáistí sin ag baint le siúlóidí.
Tá súil agam nach smaoineoidh tú gur fear craiceáilte mé, agus mé amuigh ag siúl gach lá cosúil le Steve Jobs, nó Forrest Gump! Ach in ainneoin an riosca sin, leanfaidh mé ar aghaidh leis na siúlóidí céanna, mar tá siad an déanamh maitheas dom cheana féin, gan dabht. Faigheann na siúlóidí réidh le strus fisiciúil agus intinne, agus má tá strus d’aon saghas ort féin, cuir ort do chuid bróga agus téigh ar shiúlóid!