Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – An Fáinne á Chríochnú Againn!
D’inis mé faoi mo chéad siúlóid sa Chainneon Mór, roinnt mhaith blianta ó shin. Bhí sé chomh hiontach sin nach ndearna mé dearmad air riamh. Léimimis ar aghaidh anois go dtí an tsiúlóid is déanaí a rinne mé féin agus mo bhean chéile. Sá chás seo, chuamar síos ón imeall ó dheas, go dtí an Colorado, agus ansin thángamar aníos arís go dtí an t-imeall céanna – siúlóid 30 ciliméadar nó mar sin. Rinneamar talamh slán de nach mbeadh sé ródheacair dúinn.
Bhí gach rud réidh againn an oíche roimhe – éadaí, bróga, uisce, béilí beaga, maidí agus málaí droma. D’éiríomar go luath ar maidin ag a ceathair a chlog, agus bhíomar ar an gcosán (Bright Angel Trail) ag a cúig. Ní raibh sé te fós (15C) agus ní raibh an ghrian éirithe fós. Bhí luas maith againn agus muid ag dul ar aghaidh go maith.
Iarsmaí iontaiseacha
Is seandálaí í mo bhean chéile Sinéad, agus chonaic sí carraig mhór ar thaobh an chosáin ar a raibh rianta suntasaigh le feiceáil. D’aithin sí díreach gurb iontaisí ainmhithe a bhí i gceist, agus chaitheamar am ag féachaint orthu agus ag tógáil grianghraf. Níos déanaí, tar éis na siúlóide, rinne Sinéad níos mó taighde fúthu, agus scéal suimiúil a bhí ann. Sa bhliain 2016, bhí Ollamh geolaíochta Ioruach, Allan Krill, ag siúl lena chuid mac léinn nuair a chonaic sé carraig mhór ina raibh rianta iontaise. Bhí Krill fiosrach, agus chuir sé grianghraf chuig a chomhghleacaí, Stephen Rowland, pailé-ointeolaí in Ollscoil Nevada Las Vegas.
Tá na rianta cois cosáin níos suntasaí fós ná mar a shamhlaigh Krill ar dtús. “Is iad seo na rianta veirteabracha is sine i bhfad i Grand Canyon” a deir Rowland. “Níos suntasaí fós,” a dúirt sé, “tá siad i measc na rianta is sine ar Dhomhan d’ainmhithe a leagann uibheacha gan bhlaosc, amhail reiptílí, agus an fhianaise is luaithe ar ainmhithe veirteabracha ag siúl i ndumhcha gainimh.”
Thit an charraig mhór ina raibh an rian ó aill in aice láimhe – ar an bhFoirmiú Manakacha. Bhí taighdeoirí in ann aois na rianta a shocrú go 313 milliún bliain. Is rud dochreidte é gur thit an charraig díreach in aice an chosáin – agus go bhfaca Sinéad é freisin. Ní fhaca mise é ar chor ar bith. Ach sin an saghas ruda a fheiceann tú sa chainneon sin, mar tá tú ag siúl siar trí stair an domhain féin. Cé go bhfuil an Cainneon Mór ach 5 nó 6 milliún bliain d’aois, tá cuid de na carraigeacha ann ag dul siar chomh fada le 1.8 billiún bliain – ón Ré Réamhchaimbriach go dtí an Ré Phailéasóch! B’fhiú an tsiúlóid dúinn ach amháin chun na rianta a fheiceáil.
Oidhreacht Dhúchasach
Leanamar ar aghaidh ag siúl agus roimh i bhfad, shroicheamar Havasupai Garden. Athraíodh an t-ainm ó Indian Garden go Havasupai Garden i 2022 chun meas a léiriú ar mhuintir Havasupai, treibh a bhí ina cónaí sa Chainneon Mór leis na glúnta. Baineadh úsáid as an áit, ar a dtugtar Ha’a Gyoh (“áit a dtagann an t-uisce aníos”) i dteanga Havasupai, le haghaidh feirmeoireachta agus imirce shéasúrach.
Sa 1920idí, díbríodh na Havasupai go foréigneach as an gCainneon ag an National Park Service nuair a bunaíodh Páirc Náisiúnta an Chainneoin Mhóir. Bhí Captain Burro ar an duine deireanach den treibh a díshealbhaíodh. B’ainm maslach Indian Garden, nár thug aitheantas d’oidhreacht luachmhar na treibhe sa chainneon.
Tar éis blianta fada, ghlac na húdaráis le hiarratais na treibhe an t-ainm a athrú go Havasupai Garden. Is aitheantas é seo ar an oidhreacht dhúchasach, ar an éagóir stairiúil, agus ar an ghaol leanúnach cultúrtha atá ag an treibh leis an áit.
Is áit stairiúil é an Cainneon Mór, ní amháin ó thaobh na geolaíochta de, ach ó thaobh na staire daonna de freisin. Cé go bhfuil na Havasupai ann le breis agus 800 bliain, tá bundúchasaigh ann ar feadh thart ar 12,000 bliain. Tá 11 treibh bainteach leis an gCainneon.
Bhí bia agus deoch againn ag Havasupai Garden agus ansin shiúlamar timpeall 4 chiliméadar síos i dtreo Pipe Creek. Téann an Bright Angel Trail síos go réidh trí aillte dearga agus lúba géara mar Devil’s Corkscrew, le fánaí géara i roinnt codanna. Thrasnaíomar an sruthán cúpla uair sular shroicheamar Pipe Creek. Chríochnaíomar gar don Colorado, ach bhí an River Trail – cosán in aice na habhann ag dul go dtí Silver Bridge dúnta, de bharr oibre atá á déanamh ar an bpíblíne tras-chainneoin.
Ag spágáil ar ais, céim ar chéim
Chasamar ag an bpointe sin, agus d’fhilleamar ar ár lorg féin ar ais go Havasupai Garden. Bhí an teas ag méadú go tapa ag an am sin. Bhí an teocht thart ar 27 céim Celsius ag 11 rn idir Pipe Creek agus Havasupai Garden. Bhí an tsiúlóid ó Havasupai Garden go dtí an 3-Mile Resthouse dúshlánach, go háirithe sa mheánlae. Tá uisce, sosanna rialta, agus cosaint ón ngrian fíorthábhachtach anseo. Níor bhraitheamar go hiontach faoin am a shroicheamar an teach sosa agus shuíomar isteach sa scáth ag ligean ár scíth ar feadh tamaill. Thóg sé uair eile dul go dtí an 1.5-Mile Resthouse, áit inar thógamar sos deas eile. Ansin, shiúlamar go mall agus muid ag streachailt, cos i ndiaidh cosa, go dtí gur shroicheamar an t-imeall. Bhíomar spíonta agus bhíomar beagán tinn leis an teas. Bhí an teocht thart ar 32C nuair a chríochnaíomar an tsiúlóid.
Bhí an-áthas orainn go rabhamar amach as an gcainneon, agus rinneamar cinneadh dul go dtí an Cainneon Mór níos luaithe sa bhliain, agus go mbeimid ar an gcosán níos luaithe sa lá freisin, ag a ceathair a chlog. In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí againn, tá muid ag tnúth go mór lenár gcéad chuairt eile ar an gCainneon Mór.




