Seanchairde!
Ceiliúradh Scoir
Chinn mé pacáiste iomarcaíochta deonach a ghlacadh ó m’fhostóir fadtéarmach Qualcomm beagnach 10 mbliana ó shin, nuair a d’fhógair an comhlacht go mbeadh air daoine a scaoileach chun bealaigh. Rinneadh neamhaird orm le linn na 60 lá éigeantacha a bhí orthu mé a choinneáil fostaithe. Bhí sé cosúil le go raibh lobhar déanta díom. Nuair a bhí mé i mbarr mo mhaitheasa, bheadh líne lasmuigh de m’oifig, daoine ag iarraidh dul i gcomhairle liom.
Bhí cuid mhaith eile sa bhád chéanna. Ba é an difríocht ba mhó eadrainn ná nach raibh rogha ag an gcuid is mó acu mar cuireadh as a bpoist iad. Caitheadh linn go léir ar an dóigh chéanna áfach – cheapfá nach rabhamar ann ar chor ar bith.
Tar éis blianta fada d’oibre crua agus d’uaireanta fada i gcónaí, seo é an rud a tharla – ba chuma fúinn – bhíomar caite. Thug an t-eispéireas sin tuiscint nua dom – ná creid na síscéalta corparáidigh, ní ar do shonsa iad, ach ar son Dia an Bhrabúis!
Cé go ndearna mo chomhlacht féin neamhaird orm, rinne mo chairde luachmhara sa chomhlacht a mhalairt ar fad! D’eagraigh ceathrar dóibh teacht le chéile, agus thug duine acu cuireadh do mo bhean chéile agus domsa chuig a theach le haghaidh beárbaiciú. Ní raibh a fhios agam go raibh cuireadh ag aon duine eile.
Ní raibh coinne dá laghad agam leis an gcóisir a bhí eagraithe acu dom. Bhí ceiliúradh iontach againn, agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le chéile agus ag roinnt scéalta idir dháiríre agus ghreannmhar. Thug siad bronntanais luachmhara dom freisin, agus oiriúnach dom agus mé ag dul ar scor – dearbhán bronntanais ón siopa feistis allamuigh is fearr liom, mar shampla, mar bhí a fhios acu gur súilóir mór mé.
Encore!
Fuair mé cuireadh ón gcara céanna arís an tseachtain seo caite, 10 mbliana níos déanaí ná a chéad chuireadh. Bhí cara dár ngrúpa (Liam) ar cuairt ó Atlanta, áit a bhfuil cónaí air anois. Mar sin bheadh trí lánúin i láthair as an gcúigear a tháinig le chéile 10 mbliana ó shin. Níl cónaí ar na cairde eile sa cheantar a thuilleadh – oibríonn duine amháin do Amazon i Seattle, Washington agus tá an duine eile ar scor i Morro Bay, California. Ní i m’onóir a bheadh an teacht le chéile an uair seo, ach ag ceiliúradh cuairt Liam.
Bhí sé deas teacht le chéile le haghaidh bricfeasta déanach de bhia blasta Indiach le huachtar reoite ina dhiaidh. Tá Liam agus a bhean chéile ag smaoineamh ar athlonnú ar ais go San Diego. Cé go bhfuil siad sásta in Atlanta, tá cónaí ar a mac i San Diego, agus ba mhaith leo a bheith níos gaire dó.
Cuireadh Liam as a phost i Qualcomm bliain go leith ó shin. Chuir siad as a phost duine de na hinnealtóirí is cumasaí ar chas mé leis nó léi riamh, agus duine a bhí thar a bheith dílis do Qualcomm. Tar éis sin, níl aon dílseacht fágtha aige don chomhlacht, agus tá sé ag lorg poist i gcomhlachtaí eile.
Mar sin níl ach duine amháin dúinn – ár n-óstach, Vijay – fós ag obair ag Qualcomm faoi láthair, agus ag déanamh go han-mhaith ann. Go maire sé i bhfad!
An uair seo arís, agus deochanna fuara á n-ól againn, chuamar siar ar bhóithrín na smaointe. Ní raibh na mothúcháin maidir le Qualcomm chomh dearfach agus a bhí 10 mbliana ó shin.
Oibríonn mac Liam san fhoireann chéanna le Vijay. Tá Vijay ina leas-uachtarán agus i gceannas na foirne, mar a tharlaíonn sé. D’inis Con (mac Liam) nach bhfuil fágtha as dosaen innealtóirí a thosaigh leis sa chomhlacht breis agus trí bliana ó shin, ach é féin.
Rúin Ceannaireachta
Agus muid i mbun comhrá, thosaíomar ag plé cén fáth a raibh an oiread sin innealtóirí ag fágáil an chomhlachta agus cén fáth nár fhág Con féin.
Cén fáth ar fhágadar? Bhí an iomarca oibre le déanamh i gcónaí. Agus níor chuir a gceannasaithe a mbuíochas in iúl dóibh.
Agus cén fáth nár fhág Con? Ní raibh an cultúr céanna ina fhoireann. Cultúr iontach a bhí ann.
Cén fáth? Dúirt Vijay agus Liam gur chuir mise an cultúr sin i bhfeidhm blianta fada ó shin, agus go bhfuil sé ann fós. D’fhoghlaim Liam agus Vijay an stíl ceannaireachta uaim, agus lean siad uirthi go dtí an lá atá inniu ann. D’iarr siad orm cúpla focal a rá faoi sin.
Dúirt mé gurb é an rud is tábhachtaí nuair atá tú i do cheannaire, ná na daoine féin, agus an chaoi a gcaitheann tú leo. Cuir muinín iontu, agus lig dóibh rith, agus déanfaidh siad a seacht ndícheall. Ní maith le haon duine go mbeadh duine eile anuas sa mhullach orthu. Bí ar fáil mar cheannaire an t-am go léir chun ceisteanna a fhreagairt agus fadhbanna a réiteach, agus beidh ionadh ort leis na torthaí a fheicfidh tú. Nuair a bhíonn meas agat ar d’fhostaithe, beidh meas acu ort freisin, agus beidh foireann láidir agat agus na baill fhoirne ag obair as lámha a chéile.
D’aontaigh siad liom go hiomlán, agus dúirt siad gur trua mhór é nach bhfuil níos mó ceannairí den aigne chéanna.
Bhí iontas agus áthas orm go raibh an mothúchán sin acu go léir. Bhí sé chomh deas go ndúirt mo chairde liom conas a mhothaigh siad. Mhothaigh mé go ndearnamar, mise san áireamh, difríochtaí tábhachtacha atá a rian le feiceáil fós sa chomhlacht deich mbliana tar éis dom imeacht.
Cén difríochtaí?
- Difríocht trí oibriú le chéile in ionad a bheith scartha óna chéile.
- Difríocht tríd an teicneolaíocht cheannródaíoch a fhorbairt – chuireamar leathanbhanda ardluais ar an bhfón cliste den chéad uair, rud stairiúil.
- Difríocht do Qualcomm. Cé nach bhfuaireamar aon aitheantas air sin agus muid ag imeacht, d’éirigh le Qualcomm thar na bearta leis an teicneolaíocht nua sin.
Ach in ainneoin na neamhshuime corparáidí sin ag an deireadh, tá mé i gcónaí buíoch as ceannaireacht an bhunaitheora, Irwin Jacobs, sna luathlaethanta sula ndearnadh ollphéist chorparáideach de Qualcomm. Bhí muinín aige asainn agus thug sé an spás agus na hacmhainní dúinn chun sárobair a dhéanamh. Nach ón bhfear iontach sin a d’fhoghlaim mé mo stíl ceannaireachta féin!
Ag deireadh an lae, thuig mé go soiléir rud amháin. Cé go ndéanann comhlachtaí dearmad ar a fhostaithe, fiú roimh dóibh imeacht, is a mhalairt atá i gceist maidir le d’fhíorchairde ar chas tú leo ann. Is iad na cairdis mharthanacha seo- a d’eascair ag an áit oibre, ach a mhair i bhfad ina dhiaidh sin- na bronntanais is luachmhaire ar fad.




