Ó am go ham, cruthaíonn nuálaíocht mhór casphointe cinniúnach. In amanna mar seo, athraíonn an domhan go tapa. Is minic a fhágtar cuideachtaí nó tíortha atá dírithe ar theicneolaíochtaí seanbhunaithe—na cinn chéanna a thug rath neamhghnách dóibh sa chéad áit – in áit na leathphingine, agus cinn eile sásta glacadh leis an teicneolaíocht nua agus é a bhrú chun cinn go hionsaitheach. Is féidir leis na hiarmhairtí a bheith domhain, ag athmhúnlú margaí, struchtúir chumhachta, agus fiú ord an domhain.

Pléitear an dinimic seo i leabhar tábhachtach Clayton Christensen, The Innovator’s Dilemma. Léirigh Christensen go dteipeann ar cheannairí ní maidir le drochbhainistiú, ach le heaspa cinnteoireachta straitéisí. Leanann siad orthu ag infheistiú i dteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar chustaiméirí agus ar shruthanna ioncaim atá acu cheana féin, agus cuireann siad teicneolaíochtaí nua i leataobh mar rudaí laga, contúirteacha nó neamhbhrabúsacha.

I dtosach báire, bíonn an measúnú sin go minic ceart. Bíonn teicneolaíochtaí nua neamhaibí, costasach, agus níos laige ná na cinn seanbhunaithe. Ach le himeacht ama, athraíonn an chothromaíocht. Feabhsaíonn an teicneolaíocht nua go tapa, agus sroicheann an tseanteicneolaíocht a teorainneacha fisiciúla. Laghdaíonn brabúsacht an chórais oidhreachta díreach mar a mhéadaíonn cumas an ceann nua. Faoin am a dtuigeann na ceannairí seanbhunaithe cad atá ag tarlú, bíonn an bhearna rómhór le líonadh. Níl an dara rogha acu ansin ach a bheith ina lucht leanúna nó níos measa, a bheith curtha ó mhaith.

Tá sé thar a bheith deacair casadh mar sin a aithint roimh ré, áfach. Uaireanta, is aláraim bhréige iad na comharthaí a fheictear. Is sampla clúiteach é Betamax i gcoinne VHS maidir le fístaifeadadh. Measadh go forleathan go raibh Betamax níos fearr ná VHS ó thaobh na teicneolaíochta de. Dá bhrí sin, cheap go leor anailísithe go mbuafadh Betamax an cath. Ina ionad sin, bhailigh VHS nirt, mar bhí an teicneolaíocht sin níos saoire, níos solúbtha, agus le tacaíocht níos láidre ó earnáil na tionsclaíochta. Scriosadh iad siúd a lean glaoch mealltach Betamax.

Sa lá atá inniu ann, táimid ag feiceáil casphointí móra i réimsí an fhuinnimh agus na hintleachta saorga (AI), agus sa mheascán den dá rud. Le fada an lá, bhí (agus tá fós) seasamh ceannasach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i mbreoslaí iontaise. Is í SAM an táirgeoir ola is mó ar domhan faoi láthair, le cúlchistí ollmhóra agus éiceachóras eacnamaíoch fairsing bunaithe ar hidreacarbóin. Mhúnlaigh an seasamh seo ord an domhain, ó pholasaithe eachtracha go bonneagar intíre.

Ach tá an ré sin ag druidim chun deiridh. Tá córas fuinnimh an domhain ag casadh i dtreo fuinnimh inathnuaite go tapa. Tá fuinneamh gréine níos saoire anois ná fuinneamh ola. Tá sé níos saoire feithiclí leictreacha a thiomáint ná feithiclí peitril. Ach is í an tSín príomhthiománaí na n-athruithe seo. Tá infheistíochtaí ollmhóra déanta ag an tSín i ndéantúsaíocht fuinnimh, i dteicneolaíocht cadhnraí agus i bhfeithiclí leictreacha. Ní mar dheiseanna tráchtála amháin a fheiceann sí na tionscail seo, ach mar thosaíochtaí straitéiseacha.

Tá na torthaí soiléir. Tá cuideachtaí Síneacha i gceannas anois ar tháirgeadh painéal gréine. Tá siad chun tosaigh i ndéantúsaíocht cadhnraí. Agus i réimse na bhfeithiclí leictreacha, tá BYD na Síne tar éis Tesla a shárú ó thaobh sciar dhomhanda de. In áit dul san iomaíocht go díreach, tá polasaithe cosanta glactha ag SAM—mar shampla le taraifí arda ar fheithiclí Síneacha. D’fhéadfadh sé sin déantóirí baile a chosaint sa ghearrthéarma, ach léiríonn an stair gur drochstraitéis fhadtéarmach í sin.

Tá cur chuige SAM níos measa fós toisc gur cúis lárnach den athrú aeráide í breoslaí iontaise. Ní athraíonn an pholaitíocht an fhisic. Cé go leanann an díospóireacht, feicimid go léir an t-athrú aeráide atá ar siúl. Idir an dá linn, leanann an tSín uirthi ag onnmhairiú teicneolaíochtaí inathnuaite agus ag daingniú a ról mar phríomhsholáthraí córas fuinnimh sa todhchaí.

Is é an baol do SAM ná imeallú. De réir mar a luasghéaraíonn glacadh domhanda le fuinneamh inathnuaite, beidh tíortha ag brath níos mó ar shlabhraí soláthair agus ar shaineolas na Síne. Má chuireann SAM moill rófhada ar chúrsaí, beidh uirthi na teicneolaíochtaí seo a ghlacadh ó áit laige. Sa chás sin, ní féidir fiú le Silicon Valley a bheith cinnte go dtiocfaidh sí slán.

Léirigh a tharla le déanaí go bhfuil cumhacht na Síne ag méadú go tapa. Chuir bagairt na Síne chun srian a chur ar mhianraí tearc-chré, mar aon lena ceannasaíocht iomlán i dtaighde agus forbairt an fhuinnimh ghlain, iallach ar SAM cúlú óna gcuid pleananna le haghaidh taraifí pionósacha 60% a ghearradh ar an tSín. Léirigh an frithbheart straitéiseach seo go raibh smacht Beijing ar mhaoin intleachtúil agus ar shlabhraí soláthair sa todhchaí ina arm níos cumhachtaí ná smachtbhannaí eacnamaíocha traidisiúnta Washington.

Tá comórtas comhchosúil ar siúl i réimse na hintleachta saorga. Anseo, tá SAM chun tosaigh fós i samhlacha bunúsacha agus bogearraí. Ach tá an tSín ag dul chun cinn go tapa. D’fhéadfadh an meascán d’intleacht shaorga agus fuinneamh a bheith cinniúnach. Smaoinigh ar róbait dhaonnúla. Ní hamháin go mbraitheann siad ar bhogearraí, ach ar chrua-earraí, déantúsaíocht agus córais chumhachta freisin (fuinneamh gréine, cadhnraí agus araile). Tugann neart na Síne sna réimsí sin buntáiste struchtúrach di. Léiríonn tuairiscí go bhfuil róbait dhaonnúla á n-úsáid cheana féin chun patról a dhéanamh i gcathracha ar nós Shenzhen, rud a mbeidh tionchar mór aige ar chúrsaí tráchtála agus slándála.

Seans mór go bhfuilimid ar imeall ré nua. Tá sé soiléir go bhfuil SAM ag dul sa treo mícheart. Bíonn réimeas na tíre ag bagairt ar a chomhghuallaithe i gCeanada agus san Eoraip agus ag cur taraifí orthu ag an am céanna agus atá siad an-chairdiúil le réimeas Putin sa Rúis. Tá deighilt mhór pholaitíochta oscailte sa tír freisin, ina bhfuil an daonlathas faoi bhrú ag an údarásaíochas.

Dá bharr sin, tá an Eoraip agus Ceanada ag neartú a gceangail leis an tSín, leis an India agus le Meiriceá Theas. Athróidh sé seo trádáil dhomhanda, agus is í SAM is measa a bheidh buailte. Is é an baol freisin, gan cheannasaíocht SAM mar churadh an daonlathais, go sleamhnóidh ord an domhain i dtreo ceannais údarásaigh. Léiríonn an stair gur cosán fada agus foréigneach é sin.

Táimid déanach sa chluiche, ach ní bhíonn sé riamh ródhéanach i ndáiríre. Is gá do SAM comhghuaillíochtaí a atógáil, infheistíocht dáiríre a dhéanamh i dteicneolaíocht an todhchaí, agus muinín a athbhunú inti féin. Is ar éigean a tháinig muid slán san aois núicléach tríd an srianadh agus an comhoibriú. D’fhéadfadh intleacht shaorga a bheith níos contúirtí fós i lámha deachtóirí nach bhfuil ach a leas féin ar a n-aire acu.

Tá an casphointe gar dúinn anois. Conas a thabharfaidh muintir SAM faoin dúshlán seo—sin í an cheist ríthábhachtach dúinn go léir.

 

gaGaeilge