Níl aon údar gaisce ag an bPáirtí Poblachtánach sna Stáit Aontaithe maidir le heitic, agus tá an uile chosúlacht air nach cuma leo!  Éiríonn an scéal sin níos soiléire le gach lá a théann thart, agus d’fhág na samplaí is deireanaí a tháinig chun solas i mo staic mé.

Bréagadóir

Níl mé róshásta go bhfuil dúchas Éireannach ag ceannaire an fhreasúra i dTeach na nIonadaithe, fear darb ainm Kevin McCarthy.  Is mór an trua é go ndearna McCarthy dearmad ar na himircigh ina chlann féin agus an tairbhe a bhain a dtír nua astu.  Ar an drochuair, tá McCarthy go mór i bhfách leis an eite dheas, agus tá sé go mór in aghaidh inimirce anois.  Níos measa ná sin, is bréagadóir críochnaithe é, nach bhfuil spéis leis ach é féin a chur chun cinn, ar ais nó ar éigean. 

Dar le halt sa ‘New York Times’ le déanaí, tar éis an éirí amach sa Chaipeatól ar 6 Eanáir, 2021, bhí McCarthy ag rá gur cheart don Uachtarán Trump éirí as a phost de dheasca sin, agus go raibh sé chun é sin a rá le Trump.  Shéan McCarthy go ndúirt sé a leithéid ar chor ar bith.  Díreach tar éis sin, áfach, d’fhoilsigh an ‘New York Times’ gearrthóg fuaime mar fhianaise comhthacaíoch.  Ní raibh McCarthy in ann é a shéanadh níos mó, agus chonaiceamar go léir go bhfuil McCarthy chomh bréagach leis an diabhal féin.  In ainneoin é sin, tá gach cosúlacht ar an scéal go dtoghfar é mar sheanadóir arís.  Ní hamháin sin, ach má fhaigheann a pháirtí móramh sa Seanad, seans mór go mbeidh sé mar Spéicéir Theach na Comhdhála, an tríú ról is tábhachtaí i rialtas na Stáit Aontaithe.  Dia ár sábháil, tá an saol ina chadás!

 

Séantóir

Ansin, cad faoin Ionadaí Marjorie Taylor Greene, baill de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh?  Creideann sí go diongbháilte sna teoiricí comhcheilge atá ag dul timpeall ar an idirlíon, agus go háirithe ar na meáin sóisialta, scaipthe ag an mbrat eagraíocht darb ainm QAnon.  Creideann lucht leanúna QAnon go bhfuil drong diabhaladhraitheoirí i gceannas ar chúrsaí an domhain, go háirithe baill an Pháirtí Dhaonlathaigh agus a lucht leanúna – daoine cosúil le Joe Biden, Hilary Clinton, Barack Obama agus an Pápa.  Is bocht an scéal é gur toghadh chun a post í, cé go raibh a fhios ag gach duine faoi sin.

Bhí Taylor Green an-ghníomhach maidir leis an éirí amach freisin, agus tá breith ar a haiféala aici faoi cad a dúirt sí timpeall 6 Eanáir, 2121.  Thóg dream vótálaí ina toghcheantar (i dtuaisceart Georgia) cás dlí ina haghaidh, ag maíomh gur sháraigh sí an Cheathrú Leasú Déag de bhunreacht na Stáit Aontaithe, a chuireann cosc ar ionadaí a bheith páirteach in aon éirí amach, nó a chabhraíonn leis a leithéid in aon slí.  Má bhuann siad an cás, ní bheidh cead ag Taylor Greene seasamh sa toghchán meántréimhse an mhí seo chugainn. 

Bhí Taylor Greene go mór trí chéile toisc go raibh uirthi dul os comhair na cúirte in Atlanta.  Chuir dlíodóirí na ngearánaithe ceisteanna uirthi faoina ról ag gríosú lucht leanúna Trump chun feirge, roimh an éirí amach. 

Tháinig rud ait nuair a bhí Taylor Greene i d’fhinné – chaill sí a cuimhne go huile agus go hiomlán.  Nuair a cuireadh ceisteanna uirthi, ba é an freagra is coitianta (níos mó ná caoga uair) a thug sí ná: “Ní cuimhin liom!”

Chuir dlíodóir na ngearánaithe an cheist seo ar Taylor Greene, faoin am díreach roimh an éirí amach: “An ndúirt tú nár cheart ‘aistriú cumhachta síochánta’ a ligean dul ar aghaidh?”

“Ní cuimhin liom,” a d’fhreagair Taylor Greene.

Ansin, chuir an dlíodóir fístaifeadadh ar siúl, agus é seo le rá ag Taylor Greene roimh an éirí amach:

“Níor chóir dúinn ligean an t-aistriú cumhachta síochánta dul ar aghaidh, rud atá ag teastáil ag Joe Biden, mar níor bhuaigh sé an toghchán.”

Ní raibh le rá ag Taylor Greene ach nach raibh sa ráiteas sin ach leathráiteas ar thóg an dlíodóir é as comhthéacs.  Tabhair suaimhneas dom!   

Conclúid

Vótáladh isteach in oifig na cneámhairí thuasluaite.  Is cúis imní é seo, mar léiríonn sé déine na géarchéime polaitiúla atá ar siúl sna Stáit Aontaithe faoi láthair.  Níos measa ná sin, gach seans go vótálfar isteach iad arís an mhí seo chugainn, in ainneoin a mí-iompar uafásach atá díreach in aghaidh na bprionsabal daonlathais ar bunaíodh na Stáit Aontaithe orthu sa chéad áit.  Níl aon rud eile le déanamh dúinn anois ach guí ar son míorúilte polaitiúla!

 

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge