Seo an chéad alt eile den tsraith a scríobh m’athair faoi thuras bóthair a rinneamar i samhradh 2017. Feicfidh tú an nasc domhain idir an áit ar rugadh é. Agus anois…

Ar Fhód mo Dhúchais arís

Bhí fúinn fós, cuairt a thabhairt ar Iorras na nIontas, sára mbeadh ár saoire thiar thart, agus dá bharr sin, nuair a tharla go raibh cuma mhaith ar an Aoine, an seachtú lá d’Iúil, agus nuair a bhí chuile shórt socraithe againn sa Ballina Manor Hotel, i mBéal an Átha, bhuaileamar an bóthar siar go breá luath an lá sin, nó theastaigh uainn lán na súl a bhaint as chuile shórt, thiar sa tseanáit. Sheas Néifin Mór go ríoga ar thaobh na ciotóige agus chuir sé fhéin agus na sléibhte eile fáilte romhainn, chomh maith. Trí Chros Uí Mhaoilíona linn agus chun tosaigh ansin i dtreo Bheannchor Iorrais. Mhothaíomar uainn Túr Bhord na Móna fan an bhealaigh, thar Dhroichead an Cheoil linn ar luas, nó níor stopamar le ceol a bhaint as a shlat droichid, trí Bheannchor linn agus muid ag déanamh iontais den fheabhas a bhí tagtha ar an mbaile sin le himeacht na mblianta, agus ar deireadh thiar shroicheamar Béal an Mhuirthead.

Chaitheamar lón breá sásúil sa Broadhaven Bay Hotel agus radharc álainn againn ar Chuan an Inbhir agus ar an taobh tíre ina thimpeall.

Ag taisteal sa Mhuirthead

Nuair a bhí cúl curtha againn ar idir ocras agus tart, bhuaileamar bóthar arís, agus tar éis cuairt a thabhairt ar an tseanáit thiar, leanamar linn trí thailte méithe an Mhuirthead. Thugamar aghaidh ar dtús ar Ionad Deirbhile, ach ar an drochuair, bhí an tIonad dúnta ag an am sin, ach bheartaíomar filleadh ar an áit, ar ball, agus srian níor tharraingíomar ansin nó gur shroicheamar an Fód Dubh fhéin ar ghob theas na Leithinse, agus ó tharla go raibh an lá go breá, grianmhar, bhí radharc thar na bearta againn ar thír is ar thrá, ar shliabh is ar mhá, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar lán na súl as chuile radharc acu. Ar ball, bhuaileamar bóthar arís, agus an turas seo, chuamar siar i dtreo an Fháil Mhóir agus tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar Thobar Dheirbhile, bhuaileamar siar Bóthar a’ Chongo, le radharc a fháil ar Naicil, agus ar Ghlais, mar ar tógadh tithe sna tríochaidí, do phobail Inis Cé, tráth ar aistríodh ó na hoileáin iad, i ndiaidh Bháthadh mór Inis Cé, sa bhliain 1927. Chaitheamar seal ansin ag breathnú uainn ar na hOileáin, a bhí mar bhráisléad thart le cósta, os ár gcomhair ansin.

Ar ár mbealach ar ais

D’fhilleamar ar an Eachléim ansin agus bhuaileamar isteach ar Ionad Deirbhile arís, ach, faraor! ba é an scéal céanna arís é, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach bóthar a bhuaileadh arís. Shroicheamar baile na Druime ar ball, agus thug mé cuairt ar an tseanáit, mar ar tógadh mé, i bhfichidí na haoise seo caite, ach, mo bhrón! ba é an scéal céanna arís é , nó ní raibh duine ar bith ag baile, ag an am, agus ní raibh le déanamh againn ansin ach cuairt a thabhairt ar Reilig Nua na Croise, mar a bhfuil roinnt mhaith de mo mhuintir curtha. Thug sin deis dúinn paidir a chur lena n-anamacha, agus arís thugamar faoi deara an bhail álainn a bhí curtha ar an Reilig chéanna sin le blianta anuas. bhí an áit deas leibhéalta, an féar lomtha sa timpeall, agus bail dheas néata curtha ar na huaigheanna. Agus ó tharla san áit sin muid, shocraíomar ar dhul siar píosa beag eile go bhfeicfimis Seanmhainistir na Croise fhéin. Rinneamar sin, agus chaitheamar seal ag guairdeall thart, ag breathnú ar na huaigheanna agus ar fhothracha na Seanmhainistreach fhéin, a sheasann go bródúil, calma, os cionn na mara móire ansin, agus í ag breathnú amach thar chuan ar Oileán álainn, ársa, Inis Gluaire. Ansin, bhíomar ar ár mbealach ar ais go dtí an Manor Hotel, i mBéal an Átha, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar taitneamh as an dinnéar breá, blasta, a leagadh os ár gcomhair, sa Teach Ósta sin, agus muid ag breathnú anuas ar iascairí stuama ag iascaireacht go foighdeach in uiscí iascmhara na Muaidhe móire ansin os ár gcomhair amach. Ba lá dár saol é!

gaGaeilge