bliain nua tosaithe againn agus in ainneoin an méid cúiseanna imní atá ann, ag an am céanna tá cúpla péacán glas le feiceáil freisin.  Mar is eol do chách, táimid i bponc ceart mar gheall ar chúrsaí tithíochta agus sláinte sa tír seo agus feictear domsa nach bhfuil tobréiteach gasta le fáil sna cásanna sin. Ní thosóidh mé fiú amháin ag plé faoin mBreatimeacht nach bhfuil deireadh go deo leis!  Agus déan dearmad ar fad faoi thodhchaí an daonlathais sna Stáit Aontaithe! A Thiarcais!  Ach céard faoi na péacáin ghlasa sin? Fiú leo siúd, tá coinníoll ag baint leo! Ach seo cúpla péacán glas ar dtús agus ansin nochtfaidh mé an coinníoll ag baint leo!

COVID-19

Tá maidhm mhór cásanna den Covid-19 ar siúl anois in Éirinn agus ráta an-ard ionfhabhtaithe ann. Tá níos mó othar san ospidéal agus in aonad dianchúraim ná mar a bhí bliain ó shin. Ach níl rudaí mar an gcéanna anois mar gheall ar na huirlisí atá againn chun dul i ngleic leis an víreas, mar vacsaíní againn a n-oibríonn go maith in aghaidh drochráig den víreas – an cineál Delta agus Oimeacróin san áireamh. Agus anois piollairí frithvíreasacha nua forbartha ag Pfizer agus ag Merck, atá éifeachtach ó thaobh daoine a choinneáil ón ospidéal agus ón mbás.

Cé go bhfuil cúrsaí go dona anois, gach seans go mbeidh siad ag éirí níos fearr i rith na bliana!

An Timpeallacht

Socraíodh i bPáras ag COP21 i 2015 gur chóir téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus go ndéanfadh na tíortha forbartha an laghdú is mó ar astaíocht charbóin, agus go gcabhródh siadsan le tíortha eile chun laghdú níos a bhaint amach. Níor comhlíonadh na haidhmeanna sin ar an drochuair. Chonaiceamar go léir cad a tharlaíonn nuair a thugtar neamhaird do ghealltanais thábhachtacha mar sin. Táimid buartha ag léamh na ceannlínte: tuilte agus stoirmeacha marfacha, triomaigh, caidhpeanna oighir ag leá, an fharraige ag ardú, agus mar sin de. Mar sin, bhí níos mó suime ag gach duine go mbeadh comhaontuithe níos láidre idir na tíortha ag glacadh páirte i gCOP26 i nGlaschú. Go deimhin, rinneadh dul chun cinn suntasach ann, agus na comhaontuithe a d’eascair as COP26 níos láidre ná riamh. Beidh sé an-tábhachtach do gach tír a gealltanais a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille! Táim dóchasach go dtarlóidh sé sin ag tosú i 2022, agus go mbeidh muid in ann ár bpláinéad a shábháil sula mbeidh sé ródhéanach!

An Ghaeilge dóchas mór!

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe anois ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.  Treisiú mór é ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a chuirfidh níos mó seirbhísí ar fáil don phobal as Gaeilge.

Mar a dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, an Teachta Dála Jack Chambers:

“Tá ré nua i ndán anois don chaidreamh idir phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an tSeirbhís Phoiblí. Beidh mé ag dul i mbun oibre le teann dúthrachta le hoifigigh mo Roinne anois le feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta leasaithe sa bhliain úr.”

Ar 1 Eanáir, 2022, fuair ár dteanga lánstádas san Aontas Eorpach mar theanga oifigiúil, agus is rud iontach é sin don tír agus dúinn go léir. Mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D Ó hUigínn:

Cé go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san AE, ní mór dúinn an deis a thapú agus freagracht a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil ciall léi inár saol féin. I gcroílár gnóthaí laethúla na hEorpa; i gcroílár an tsaoil sa Bhaile.

Chomh maith le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a chuir mé faoi mo lámh go gairid roimh an Nollaig, impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú a gcaidreamh féin leis an teanga a athnuachan, teanga ar chuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht í.

Coinníoll?

Céard faoin gcoinníoll a ndearna mé tagairt dó níos luaithe, an ea?

Bhuel, ní chomhlíonfaidh na tairngreachtaí iad féin gan ár gcabhair, ar an drochuair. Is tiománaithe muid go léir i dtreo ár dtodhchaí, agus caithfimid an fhreagracht sin a ghlacadh, agus tá dualgas orainn anois luí isteach ar an obair chun ár naislingí a fhíorú! Tá sé sin fíor i gcás na géarchéime, i gcás na timpeallachta agus go háirithe i gcás na Gaeilge. Mar sin, oibrímis as lámha a chéile i 2022 ar na spriocanna thuasluaite agus go háirithe maidir leis ár dteanga, agus tarlóidh rudaí iontacha – gan dabht ar bith!

.

.

.

.

.

gaGaeilge