Tugann cúrsaí an domhain orainn is dúinn athsmaoineamh a dhéanamh maidir le méim atá san fhaisean le déanaí mar gheall ar chineálacha rialtais, a mhaíonn go bhfuil Údarásaíochas níos fearr ná Daonlathas agus go bhfuil sé ag fáil an lámh in uachtar faoi láthair mar chóras rialtais ar fud an domhain.  Is é bunéirim na hargóinte ar son an údarásaíochais ná go bhfuil deachtóirí in ann rudaí a dhéanamh níos tapúla agus níos éifeachtaí ná aon saghas ceannairí eile. Tá sé níos moille dóibh siúd comhaontú a chothú roimh a gcinntí a chur i bhfeidhm, i gcodarsnacht le deachtóirí, nach bhfuil orthu cead a fháil chun a gcinntí féin a chur i bhfeidhm. Ar an gcéad amharc, tá cuma áititheach ar an argóint sin go háirithe mar, beagnach i gcónaí, tá maorlathas spadánta ag baint le rialtas daonlathais i gcomparáid le rialtas údarásach. Ach tá sé ró-éasca dóigh a dhéanamh dár mbarúil!  

.

Lúb ar lár

Deirtear gurb é an Daonlathas an saghas rialtais is measa, seachas gach saghas eile ar baineadh triail as riamh. Focail eagnaí iad sin.  Dhá thrian moille le deifir, mar a déarfá. deachtóir in ann cinneadh a dhéanamh go han-tapa, ach is í an fhadhb leis sin ná bíonn an deachtóir ag feidhmiú mar Dhia, ach is mór an difear idir deachtóir agus Dia! I gcás an daonlathais, bíonn go leor daoine ag comhoibriú le chéile chun cinneadh a dhéanamh, agus níl an chumhacht i lámha duine amháin. I ndeireadh na dála, mar sin, déanann daonlathas cinntí níos fearr deachtóir.  Cruinníonn deachtóirí lútálaithe thart orthu, agus mar sin, go minic níl na fíricí bainteach ar fáil dóibh.

.

Uair na Cinniúna

Sin é an teoiric, ar aon nós, agus tá súil agam gur fíor é! Déanta na fírinne, ní bhreathnaíonn an teoiric róláidir le déanaí, agus tír i ndiaidh tíre ag sleamhnú i dtreo údarásaíochais, fiú amháin na Stáit Aontaithe, an India agus cúpla tír san Aontas Eorpach (AE).  An bhfuil ré órga an daonlathais ag dul in éag?   

Tá súil agam nach bhfuil, mar is aoibhinn liom an tsaoirse atá againn i dtíortha daonlathacha, agus is fuath liom drochiompar na deachtóirí ó thaobh cearta daonna. Ach chun a bheith réalaíoch faoin ábhar, caithfidh mé a rá gur mór na bagairtí in aghaidh ár gcóras rialtais ón taobh amuigh agus ón taobh istigh.  Tá fadhbanna móra laistigh fiú amháin sna Stáit Aontaitheeiseamláir féincheaptha mar gheall ar an daonlathas.  Baineadh preab asainn go léir nuair a chonaiceamar éirí amach ar siúl sa Chaipeatól ar an séú lá Eanáir 2021.

Ach anois tá bagairt ann atá i bhfad níos práinní ón taobh amuigh, agus sin an bhagairt ó Vladimir Putin sa Rúis. Tá an Úcráin faoi ionsaí uafásach ón Rúis, atá ag iarraidh an tír neamhspleách dhaonlathach sin a chur faoi chois. I mo thuairim, tá uair na cinniúna sroichte againn agus is é seo cogadh, ní hamháin idir an Rúis agus an Úcráin, ach idir an Údarasaíochas agus an Daonlathas.

.

Bealach chun cinn

Tá sé ríthábhachtach nach mbuafaidh an Rúis an cogadh uafásach seo a thosaigh siad san Úcráin. Nocht muintir na hÚcráine ainghníomhartha barbartha a rinne arm na Rúise i mBucha agus áiteanna eile san Úcráin, agus caithfidh an pobal idirnáisiúnta seasamh go láidir in aghaidh an mhí-iompair inghlactha seo. Rinne Putin an cinneadh uafásach go ndéanfaí ionramh ar an Úcráin. Is í sin díreach an fhadhb nuair a luíonn cumhacht mar sin le duine amháin – níl aon duine in ann iad a stopadh! Agus ní fheadair aon duine, go háirithe má tá an bua ag Putin san Úcráin, cad é an chéad chéim eile atá ar intinn aige.

Ar an dea-uair, tá go leor tíortha ag seasamh le chéile in aghaidh na Rúise, agus chuir siad smachtbhannaí géara ar an Rúis. Ar an drochuair, tá tíortha ann nach bhfuil ag seasamh in aghaidh na Rúise – an tSín, an India, an Tuirc, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Iosrael, Meicsiceo, agus an tSeirbia san áireamh. Is náire shaolta é agus ní féidir aon leithscéal a dhéanamh dó sin.

Cé gur tír neodrach í Éire, sí ag tabhairt cúnamh don Úcráin agus a dteifigh. De bharr cad atá ar siúl le déanaí, tá an Taoiseach ag rá go gcaithfimid athsmaoineamh a dhéanamh maidir leis ár neodracht. Ceapaim go bhfuil an ceart aige agus go bhfuil sé in am an díospóireacht sin a bheith againn. Tá tuiscint intuigthe againn mar thír neodrach nach ndéanfaí ionsaí orainn, nó dá dtarlódh a leithéid go dtiocfadh tíortha eile chun ár dtír a chosaint. Ar a laghad, tá sé in am dúinn Óglaigh na hÉireann a nuachóiriú agus a láidriú, ionas go mbeimid in ann muid féin a chosaint níos fearr!

  

.

.

.

.

  

.

  

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge