Beagnach trí bliana ó shin, scríobh mé alt faoin bhfoireann náisiúnta sacair SAM (USWNT) a bhuaigh Corn Domhanda na mBan in aghaidh na hOllainne i gcluiche d’ardchaighdeán. Tar éis dom cuir síos a dhéanamh ar an gcluiche sin, dúirt mé nach raibh USWNT chomh rathúil sin ó thaobh comhionannais de.  

Seo mar a scríobhas: Tá sé an-suimiúil gurb é gártha lucht féachana an tsacair tar éis an chluiche ceannais i mbliana ná: “pá comhionann, pá comhionann.” Is cinnte go bhfuil argóint láidir ag na mná, go háirithe ina dtír féin. Tá an argóint níos láidre fós dóibh tar éis an Choirn Domhanda a bhuachan gan dua den cheathrú huair.

Bhí cultúr leithcheala ag Cónaidhm Sacair na Stáit Aontaithe (USSF) le fada an lá, gan trácht ar an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA). Ach níor ghlac USWNT leis an status quo sin agus chuaigh siad go tréan i ngleic leis an leithcheal inscne sin.

Rinne cúigear imreoirí dóibh gearán sa bhliain 2016 leis an gCoimisiún um Dheiseanna Comhionann Fostaíochta (EEOC) sna Stáit Aontaithe in aghaidh an USSF, ag éileamh comhionannais maidir le coinníollacha oibre agus pá. Sa bhliain 2017, tháinig an USNWT agus USSF ar chomhaontú, go socrófaí na fadhbanna eatarthu féin laistigh de cúig bliana, ag úsáid córais cómhargála.

.

Cás Dlí

Sa bhliain 2019, nuair nach raibh aon dul chun cinn déanta fós chun teacht ar réiteach, thóg na himreoirí USNWT cás caingne aicmí in aghaidh an USSF. Bhí siad ag lorg pá aisghníomhaigh, damáistí agus bearta pionósacha eile freisin, ag dul ar ais go 2015.  Agus bhí siad ag éileamh comhionannais iomláin le foireann náisiúnta na bhfear SAM (USWNT) as sin amach.    

Níor thug breitheamh feidearálach breith ina leith, mar gheall ar chomhionannas pá, áfach. Dúirt sé nárbh fhiú dul ar aghaidh mar shínigh an USWNT conradh oibre a bhí ina ceangal de réir dlí. Níor ghlac an USWNT leis an rialú sin, agus rinne siad achomharc chuig an Cúirt Achomhairc ag iarraidh an rialú sin a fhreaschur. Is díol suntais gur chuir an USMNT mionteagasc chuig an chúirt ag tacú go láidir leis an achomharc.  Seo sliocht beag as an mionteagasc sin:

Mar go raibh cúrsaí airgid USSF feabhsaithe go mór ón am a ndearna muid féin idirbheartaíocht ar son pá i 2011, cheapamar gur cheart dóibh (USWNT) a thrí oiread níos mó pá ná muidne a fháil.

Tháinig siad (USWNT agus USSF) ar shocrú i mí Feabhra 2022. Faoin socrú sin, thoiligh USSF go n-íocfaidís 24 milliún dollar do USWNT agus gheall siad dóibh go raibh pá comhionann mar sprioc acu freisin, ag brath ar thorthaí na gcainteanna cómhargála.

Bua Iontach   

Chríochnaigh na cainteanna cómhargála idir USWNT agus USSF le déanaí, le toradh dearfach, cumhachtach agus ceannródaíoch. Dúirt uachtarán USSF Cindy Parlow Cone, iarimreoir USWNT í féin gur ghníomh stairiúil a bhí ann. Dúirt Becky Sauerbrunn, uachtarán (agus imreoir) USWNT gur léirigh an comhaontú dianiarrachtaí na n-imreoirí hamháin ar an bpáirc ach an t-am go léir.

Beidh pá agus coinníollacha oibre USWNT (foireann náisiúnta na mban) agus USMNT (foireann náisiúnta na bhfear) díreach mar an gcéanna.  sé deacair comhaontú mar seo a chur i bhfeidhm, nuair ní mar sin atá cúrsaí i réimse sacair i gcoitinne. Mar shampla, bhuaigh an Fhrainc Corn Domhanda na bhfear sa bhliain 2018, agus bhuaigh na Stáit Aontaithe Corn Domhanda na mban sa bhliain 2019. Fuair an Fhrainc 38 milliún dollar, agus ní bhfuair na Stáit Aontaithe ach 4 milliún. Agus é sin tar éis duais na mban a mhéadú faoi dhó idir 2015 agus 2019!  Nach bhfuil sé dodhéanta, mar sin, comhionannas a fháil idir USWNT agus USMNT?

Áit a bhfuil toil tá bealach!

Ar an dea-uair, níl sé dodhéanta! Tháinig na trí pháirtí (USSF, USWNT, USMNT) ar réiteach na ceiste, ag úsáid ‘ioncam roinnte’ i gcás duaiseanna. Cuirfear airgead ó dhuaiseanna le chéile, agus roinnfear an ciste ansin idir na trí ghrúpaí ar bhealach a thugann cothrom na Féinne do chách, mná san áireamh!  Mar shampla, tóg Corn Domhanda na bhfear 2022, agus Corn Domhanda na mban 2023! Cuirfear aon airgead a bhuafar i gciste agus ansin gheobhaidh USWNT 45%, USMNT 45%, agus USSF 10% den airgead.  

Is dea-shampla é seo do thíortha eile, do FIFA agus ar ndóigh don réimse spóirt i gcoitinne. Tá súil agam go ndéanfaidh siadsan an rud céanna agus go dtabharfaidh siad cothromaíocht i gcúrsaí pá agus coinníollacha oibre do gach duine, lánstad!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  

.

gaGaeilge