Bhí oifig a bhainisteora, Seoirse, béal dorais le hoifig Sheáin. Bhí idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an socrú sin, rud a d’fhoghlaim Seán diaidh ar ndiaidh.

Gach maidin ag a naoi a chlog, osclaíodh a rúnaí, Éamonn, oifig Sheoirse.  Glacadh go raibh Seoirse i láthair ansin mar bhí doras a hoifig ar oscailt. Ach bhí a fhios ag Éamonn agus Seán nach raibh ann ach seachmall. Bhí a fhios ag Seán i slí eile freisin, mar bhí air jab Sheoirse a dhéanamh chomh maith lena hobair féin.dhearna Seoirse faic na fríde maidir lena dualgais féin.  

Tar éis am lóin gach lá, chloiseadh Seán coiscéimeanna troma Sheoirse ag teacht. Tar éis comhrá beag le hÉamonn, thagadh Seoirse isteach in oifig Sheáin. Chuireadh sé ceisteanna ar Sheán, chun nuashonrúchán stádais a fháil uaidh agus chun tascanna nua a leagan air. Níor thaitin an socrú sin le Seán ar chor ar bith, ach mar is é a bhainisteoir a bhí i gceist, ní raibh sé in ann easaontú.

Bhíodh sé deacair do Sheán a hobair féin a dhéanamh sa tráthnóna, de bharr gleo an diabhail a bhí á dhéanamh acu in oifig Sheoirse. Bhíodh gach saghas rud ar siúl ann, seachas obair, agus cuireadh ceol agus glórtha arda agus torainn éagsúla eile isteach go mór air gach tráthnóna. Ach arís, ní raibh Seán in ann dada a dhéanamh faoi agus bhí air glacadh leis agus bogadh ar aghaidh chomh maith agus a bhí sé in ann.

Bhíodh comhghleacaithe Sheán in oifig Sheoirse beagnach gach lá, go háirithe bean darb ainm Áine Ní Mhurchú. Bhí Áine agus Seán ar chomhchéim le chéile ag an am, agus bhídís ag obair ar an bhfoireann chéanna ag forbairt aipeanna fóin.  Gach lá, d’imíodh Áine abhaile ag a cúig a chlog, ach bhíodh ar Seán fanacht ag obair go dtí a naoi a chlog ar a laghad gach oíche, mar bhí dhá phost aige i ndáiríre – post Sheoirse agus a phost féin. Níor mhothaigh Seán go maith faoi sin, ach d’fhoghlaim conas déileáil leis.  

De ghnáth, d’imíodh Seoirse a sé a chlog. Ach lá amháin, thosaigh sé ag fanacht san oifig níos déanaí. Ar dtús, chloiseadh sé Seoirse agus Áine ag comhrá le chéile agus ag gáire go croíúil ó am go ham. Lean an patrún sin ar aghaidh ar feadh timpeall míosa, agus ansin tharla athrú eile – athrú mór!

Ar dtús, níor ghlac sé le cad a bhí ar siúl, mar bhí sé ródheacair dó é a chreidiúint. Ach faoin tríú huair a tharla sé, ní raibh an dara rogha aige ach glacadh leis, cé gur chuir sé déistin air. Ní raibh aon slí an fhírinne ghránna a sheachaint – bhí gníomhartha gnéis ar siúl idir Seoirse agus Áine! Sárú glan ar pholasaithe an chomhlachta a bhí ann maidir le ciapadh gnéis, go háirithe mar bhí bainisteoir agus a fhostaí i gceist. Bhí dualgas ar Sheán, dar leis na polasaithe céanna, rannóg na n-acmhainní daonna a chur ar an eolas faoin gcaidreamh seo. Go teoiriciúil, bheadh sé éasca é sin a dhéanamh – ach d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha teacht as ó thaobh na praiticiúlachta de; drochthionchar ar Sheán féin san áireamh. B’fhéidir, fiú, go gcaillfeadh sé a phost, agus ní raibh cúl cinn ar bith aige! Bhí sé dainséarach dó aon rud a dhéanamh ach fanacht ina thost – agus mar sin, ní dúirt sé dada do aon duine faoi. Lean an t-iompar ar aghaidh agus d’fhan Seán ina thost. D’fhoghlaim sé conas neamhaird a thabhairt ar an mbuile rithimeach ag eascairt as oifig Sheoirse gach oíche. Lean sé ar aghaidh ag déanamh oibre Sheoirse ag an am ceannann céanna a bhí Seoirse ag bualadh craicinn go glórach béal dorais.

Nuair a fuair Seán a hathbhreithniú ar fheidhmíocht, bhí lúcháir an domhain air!  

Fuair sé rátáil 5 réalta agus bónas breá fial chomh maith. Dhearbhaigh sé sin do Sheán go ndearna sé an cinneadh ceart – fanacht ina thost agus a cheann a choinneáil thíos.  

Cúpla lá tar éis sin, áfach, fuair Seán ríomhphost ón gceann a roinne – liosta na n-arduithe céime a bhí ann. Baineadh stangadh as Seán nuair a léigh sé an chéad iontráil: “Ardú céime go Stiúrthóir: Seoirse Ó Nualláin.”  

“Níl aon cheart le fáil,” arsa Seán leis féin, “mise ag déanamh a chuid oibre agus eisean ag fáil an ardaithe céime!”.  Ansin, bhuail ceist sa bholg é. Nach bainisteoir nua a bheith agam mar sin?”  Fuair sé an freagra dá cheist ar an chéad líne eile sa ríomhphost.

Ardú céime go Bainisteoir: Áine Ní Mhurchú.

.

gaGaeilge