Éisteacht 2

Thochail an Roghchoiste Eanáir 6 níos doimhne isteach sa dara héisteacht. Léiríodh torthaí a ghrinnfhiosrúchán ar na heachtraí a tharla ón toghchán uachtaránachta suas go dtí Eanáir 6, agus go háirithe ar cad a bhí ar bun ag Trump agus a fhoireann san am sin.  Nochtadh go leor eolais nua dúinn ach sheas cúpla rud suntasach amach.

Detached from reality!

Bhí fonn mór ar Trump a fhógairt at Eanáir 6 gur bhuaigh sé an uachtaránacht, cé go raibh go leor vótaí fós le comhaireamh. Bhí a fhios go maith ag foireann Trump nach raibh cuma mhaith ar chúrsaí, mar bhí méid mór vótáil phoist chun comhaireamh, a mbeadh formhór dóibh ar son Joe Biden. Ach níor éist Trump le haon duine. Is é a dúirt an tIar-Ard-Aighne Bill Barr faoi sin agus é ag tabhairt fianaise don roghchoiste níos túisce i mbliana, : “Má chreideann sé (Trump) an stuif sin, tá sé gearrtha amach ón saol (‘detached from reality’).”  Luaigh Trump comhcheilg i ndiaidh comhcheilge, ag iarraidh an fhírinne lom a shéanadh. Faoi dheireadh, níor éist Trump ach le triúr ar aontaigh siad leis fós – Rudy Giuliani, Sidney Powell agus Peter Navarro. Tá siad go léir le gealaigh, gan trácht ar Thrump féin – ach nach n-aithníonn ciaróg ciaróg eile? In ainneoin na fírinne a ghlacadh, lean Trump ar aghaidh leis an bhréag mhór” ag rá gur goideadh an toghchán uaidh.

Lean an t-airgead!

Tháinig sé aniar aduaidh orm nuair a tharraing an roghchoiste ár n-aird ar an nasc idir an ghníomhaíocht tiomsaithe airgid agus na bréaga a bhí á n-insint ag Trump agus a chomhghleacaithe. Dúirt imscrúdaitheoir an roghchoiste gur bailíodh 250 milliún dollar tar éis lá an toghcháin, ag rá go n-úsáidfear an t-airgead chun dul i ngleic leis an gcalaois fhorleathan a ghoid an t-uachtaránacht ó Trump. Bailíodh an t-airgead sin bunaithe ar na bréaga a bhí á scaipeadh ag Trump agus a Pháirtí. Ní hamháin sin ach níor úsáideadh an t-airgead chun íoc as cásanna cúirte agus a leithéid ach in ionad sin, chuaigh formhór an airgid isteach i ‘Save America PAC’, ciste chun tacaíocht polaitiúla a thabhairt do Trump féin. D’inis Trump bréaga, agus bhailigh sé airgead bunaithe ar na bréaga sin! Dochreidte! Mar a dúirt ball den roghchoiste, Zoe Lofgren: “Ní hamháin Bréag Mhór a bhí i gceist, ach Bradaíl Mhór freisin!” Gan dabht, tarraingíonn an t-eolas nua seo ceist mhór – an raibh calaois airgeadais i gceist? Cé gur cúisíodh timpeall 850 duine as a bheith páirteach san éirí amach ar Eanáir, is díol suntais nach bhfuil Trump agus a chomhghleacaithe ina measc, cé gur spreag siad an eachtra fhoréigneach ar dtús báire. Ach breac é go mbíonn sé ar an bport!  

Éisteacht 3

Chuir Trump brú mór ar Leasuachtarán Pence roimh agus ar Eanáir 6, ag iarraidh air stop a chur le comhaireamh na vótaí sa Chaipeatól. Rinne an roghchoiste mionchur síos dínn ar na hargóintí a chur Trump agus go háirithe a dhlíodóir John Eastman le chéile agus iad ag rá go raibh an chumhacht ag Mike Pence an comhaireamh a stopadh. Ach níor aontaigh Pence leis a n-argóintí, agus níor aontaigh a abhcóide, Greg Jacob, ach an oiread. Nuair a léigh Jacob an meamram a scríobh Eastman ag rá go mbeadh sé dlíthiúil do Pence an comhaireamh a stopadh, thug Jacob freagra grod go mbrisfeadh plean Eastman an dlí. D’aontaigh Eastman leis! Nuair a chuir Trump féin brú ar Pence, dúirt Pence leis nach raibh an chumhacht aige an comhaireamh a stopadh. Bhí a fhios go maith ag Trump agus Eastman go raibh a bplean mídhleathach, ach lean Trump ar aghaidh in ainneoin an eolais sin. Agus murar leor é sin, sheol Eastman r-phost chuig Giuliani, inar scríobh sé: “Rinneadh mé cinneadh gur ceart mé a bheith ar an ‘liosta pardúin’, má tá sé sin ar fáil fós.” Pardún ón uachtarán a bhí i gceist, agus cén fáth a mbeadh pardún á lorg ag Eastman, an gceapfá?  Thóg an t-iar-breitheamh coimeádach mór le rá J. Michael Luddig teistíocht ag an éisteacht. Bhí sé ina chomhairleoir do Pence agus Jacob, ag rá leo nach raibh plean Eastman dlíthiúil ar chor ar bith. Bheadh sé deacair don pháirtí Poblachtánach teacht salach ar cad a bhí le rá ag Luddig – duine dá mbaill féin!

Más aon chomhartha iad na chéad éisteachtaí, beidh rún nó dhó eile i ndán dúinn sna cinn eile amach romhainn!

.

.

.

.

.

.

  

.

gaGaeilge