Éisteacht 4

Chuaigh Éisteacht 4 i bhfeidhm go mór orm. Chonaiceamar daoine cróga i gclár na mionn ag labhairt amach faoin mbulaíocht a bhí ar siúl ag Trump agus a chomhchealgairí maidir le torthaí an toghcháin uachtaránachta a chaill sé.  

Rusty Bowers

Chualamar fianaise ó spéicéir Theach Rialtais Arizona Rusty Bowers ar dtús.  Is Poblachtánach go smior é Bowersvótáil sé ar son Trump! D’iarr Trump agus a dhlíodóir Giuliani ar Bowers toghchóirí nua ar son Trump a chur isteach in ionad na toghchóirí ar son Biden a bhí roghnaithe ag pobal an Stáit. Dúirt siad leis gur goideadh an toghchán agus gur gá é sin a dhéanamh chun an tUachtarán dlisteanach – Trump – a chur in oifig.  Cé go ndúirt Giuliani go gcuirfeadh sé fianaise ar fáil do Bowers, agus cé gur iarr Bowers ar Giuliani arís agus arís eile an fhianaise a thaispeáint dó, fhaca Bowers aon fhianaise riamh uaidh. Faoi dheireadh dúirt Giuliani: “Tá go leor teoiricí againn, ach níl an fhianaise againn.”

Mar sin, ní dhearna Bowers mar a d’iarr Giuliani, Trump agus Eastman air.  Dúirt Bowers gur ghlac sé mionn dílseachta chun bunreacht Mheiriceá a chosaint, agus ní raibh sé chun an mionn sin a bhriseadh, lánstad!

Tar éis Eanáir 6, tháinig lucht leanúna Trump sa tóir ar Bowers. Bhailigh grúpaí dóibh taobh amuigh dá theach lá i ndiaidh lae. Scread siad bagairtí trí mheigeafóin. Thaifead siad gach rud a bhí ar siúl ag teach Bowers. Brshiúlta acu agus iad ag magadh faoi Bowers. Scaip siad bileoga ag rá gur caimiléir é Bowers, agus gur péidifileach é.  Ag an am céanna a bhí na rudaí uafásacha sin ar siúl, bhí iníon Bowers, Kacey, ag fáil bháis sa teach.

Raffensperger agus Sterling

Ansin, cuireadh ceisteanna ar Státrúnaí Georgia Brad Raffensperger agus ar ardoifigeach an toghcháin Gabriel Sterling faoi na líomhaintí caimiléireachta a raibh á scaipeadh ag Trump. Go háirithe, chuir an t-ionadaí Adam Schiff, ball an roghchoiste, an bhéim ar ghlaoch teileafóin idir Trump agus Raffensperger, inar chaith Trump timpeall uair a chloig ag cur brú ar Raffensperger torthaí an toghcháin i Georgia a athrú. Mar shampla, d’iarr Trump air: “Féach anois. Níl mé ag iarraidh ach 11,780 vótaí, mar bhuamar an stát. Tabhair suaimhneas dom! Uair eile, dúirt Trump “Níl aon seans gur chaill mé Georgia – níl aon seans! Bhuamar le céadta milliún vótaí!

“Bhí a fhios agam nach raibh aon vótaí le fáil!” arsa Raffensperger leis an roghchoiste. “Bhí comhaireamh cruinn againn a bhí deimhnithe, agus or stialladh aon vótaí.  

Thug Gabriel Sterling fianaise chomhthacaíoch don roghchoiste, ag míniú líomhaintí Trump, agus ag léiriú go raibh siad go léir gan bhail.  

Fuair Raffensperger agus Sterling go leor téacsanna agus r-phoist bhagracha agus graosta. Dúirt Raffensperger gur briseadh isteach i dteach a iníne freisin, atá ina bhaintreach le beirt chlainne.

Wandrea ‘Shaye’ Moss

Bhí Shaye Moss agus a máthair ag comhaireamh vótaí i Fulton County, Georgia tar éis toghcháin na huachtaránachta, ag déanamh a gcuid oibre mar ba ghnách dóibh. Ach dhírigh Giuliani agus Trump orthu tar éis dóibh breathnú ar phíosa scannánaíochta a rinneadh mearscaipeadh air ar Twitter, 4Chan, 8Chan agus suíomhanna gréasáin eile ar an idirlíon. Bhí na suíomhanna sin ag maíomh go raibh cás ag Moss agus a máthair a bhí lán de vótaí bréagacha. Bréagnuacht a bhí ann, agus ní cás a bhí i gceist, ach gnáth-bhosca vótaí.  Tháinig teoiricí chomhcheilge sa tóir ar Moss agus a máthair Ruby Freeman, ag déanamh ciapadh uafásach orthu ó shin i leith.  

.

Mar a dúirt Moss:An bhfuil a fhios agat cén chaoi a n-airíonn sé nuair a dhíríonn Uachtarán na Stáit Aontaithe ort? Ba cheart d’Uachtarán na Stáit Aontaithe a bheith mar ionadaí do gach Meiriceánach. Ní ceart don uachtarán díriú ar aon duine. Agus dhírigh sé ormsa – Saoránach bródúil a sheas suas chun cabhrú le Fulton County toghchán a rith i lár pandéime!”

Fuair Moss an t-uafás bagairtí fuafara agus ciníocha ar Facebook Messenger. “Bhí go leor bagairtí báis, agus bagairtí ag rá go mbeidh mé sa phríosún le mo mháthair, agus mar sin de. Chuir mé seasca punt meáchan suas. Ní dhéanaim aon rud níos mó. Níl fonn orm dul áit ar bith. Níl mé in ann cinneadh a dhéanamh. Chuaigh rudaí i bhfeidhm go mór orm i ngach slí.

Tá sé soiléir nach raibh agus nach bhfuil aon rud nach ndéanfadh Trump le buachan!  Tá an roghchoiste ag comhlíonadh a ghealltanas go nuige seo sna héisteachtaí agus níl aon amhras ach go mbeidh níos mó arís le teacht!

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge