Ag doirteadh peitril ar an tine!

San éisteacht seo, chuir an t-Ionadaí Elaine Luria (Daonlathaí–Virginia) agus an tIonadaí Adam Kinzinger (Poblachtach-Illinois) na ceisteanna ar na finnéithe – Matthew Pottinger (iarleaschomhairleoir Slándála Náisiúnta) agus Sarah Matthews (iarphreasrúnaí). Bhí an bheirt fhinné sin go mór ar son Trump, ach nuair a sheol sé tvuít gránna ag 2:24 p.m. ar an 6 Eanáir, d’éirigh siad as a bpoist ar an bpointe!

Chuir an Roghchoiste an bhéim ar an t-am ar an 6 Eanáir idir deireadh óráide Trump ag an ‘Ellipse’, nuair a spreag sé gráscar feargach chun máirseáil ar an gCaipeatól, agus an nóiméad a chuir sé abhaile an gráscar céanna.

Bhreathnaigh Trump ar thuairisciú na círéibe ar an teilifís sa seomra bia sa Teach Bán. Dar le habhcóide an Tí Bháin, Pat Cipollone, níor theastaigh le haon duine ar fhoireann Trump (seachas Trump féin) go leanfaí leis an gcíréib.

Cé nár chuir sé glaonna ar na póilíní ná aon oifigigh eile an t-ord a chur ar bun arís le linn na círéibe, chur Trump glaonna ar a dhlíodóir Rudy Giuliani agus ar chúpla sheanadóir, ag iarraidh comhaireamh na vótaí sa Chaipeatól a mhoilliú.

In ionad stop a chur leis an bhforéigean, ag 1:49 p.m. ghiolc Trump nasc dá óráid, ag an am céanna agus a d’fhógair na póilíní go raibh círéib ar siúl. Ansin, dar le finnéithe éagsúla, dhoirt Trump peitreal ar an tine, nuair a chuir sé i leith Leasuachtarán Pence gur cladhaire a bhí ann. Mar a dúirt an Roghchoiste, chuir Trump “súil sprice ar a dhroim”. Díreach de dheasca na tvuíte sin, chuaigh an foréigean in olcas, agus ag 2:26 p.m., ba ghá Pence a bhogadh gan mhoill go láthair ní ba shábháilte. Uair amháin, bhí sé i bhfoisceacht go mbeannaí Dia do na círéibeoirí, agus bhí cúrsaí chomh dainséarach sin go raibh gníomhairí na rúnseirbhíse ag cur glaonna ar a dteaghlaigh, chun slán a fhágáil dóibh.

Tá sibh an-speisialta!

Faoi dheireadh ag 2:38 p.m. agus é faoi bhrú óna chomhairleoirí, sheol Trump tvuít amach ag rá: “Tabhair tacaíocht do phóilíní an Chaipeatóil agus do na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, le do thoil! Tá siad ar son ár dtíre i ndáiríre. Fanaigí socair!” Ag an bpointe sin, bhí an lucht déanta dlí i bhfolach sa Chaipeatól agus gásmhaisc á gcaitheamh acu.

Lean an troid chrua go dtí 4:17 p.m. nuair a d’eisigh Trump fístaifead inar labhair sé leis an drong, ag rá: “Téigí abhaile, tá grá againn daoibh, tá sibh an-speisialta.” Fuair an Roghchoiste amach go raibh na póilíní ag fáil na láimhe in uachtar ar na círéibeoirí faoin am ar eisigh Trump an taifead sin. Ag 6:01 p.m. sheol Trump tvuít eile, ag rá leis na círéibeoirí gur tírghráthóirí iad!

Faoi dheireadh, ar an 7 Eanáir, d’eisigh Trump taifead eile, ag rá go raibh alltacht air faoin bhforéigean, agus go gcuirfear an dlí ar aon duine a bhris an dlí. Gheall sé go mbeadh an próiseas aistrithe in ord agus in eagar. Thaispeáin an Roghchoiste míreanna gearrtha nuair a bhí Trump ag ullmhú an taifid, ina raibh a iníon Ivanka ag tabhairt comhairle dó nár thaitin leis. Feictear é ag rá: “Níor mhaith liom a rá go bhfuil an toghchán críochnaithe. Níl uaim ach a rá go bhfuil na torthaí deimhnithe ag an gComhdháil.”

Agus, ar ndóigh, níor stad Trump riamh ag maíomh go raibh an bua aige sa toghchán. Mar a dúirt an t-Ionadaí Kinzinger ar an ábhar: “Níl na fórsaí a spreag Trump imithe. An idé-eolaíocht mhílíteach, éadulangach. Na mílístí, an coimhthíos agus an mhíshástacht. Na fantaisíochtaí aistí. Tá siad go léir amuigh ansin fós. Réidh le himeacht!

Damhsa an tSicín!

Rinne mearscaipeadh ar fhíseán áirithe a thaispeáin an Roghchoiste, a tharraing droch-cháil ar an Seanadóir Josh Hawley (Poblachtach – Missouri), duine de lucht tacaíochta Trump. Sa chéad radharc, feictear Hawley ag ardú a dhoirne mar chomhartha dlúthpháirtíochta leis an lucht agóide ar maidin ar an 6 Eanáir. Sa dara radharc, feictear Hawley ag tabhairt rúid tríd an gCaipeatól nuair a bhris na círéibeoirí isteach.

Tá an fístaifead postáilte ar fud an idirlín agus ceol téama ‘Chariots of Fire’ ar siúl, in éineacht le pictiúr sicíní ag rith! Ní ligfear dó dearmad a dhéanamh air go brách!

Ag deireadh na héisteachta, mhol Liz Cheney (leaschathaoirleach an Roghchoiste) na finnéithe go léir, ach go háirithe Cassidy Hutchinson agus na mná eile, a raibh sé de chrógacht acu fianaise a thabhairt in ainneoin bagairtí an Uachtaráin agus a chúlaistíní.

Dúirt Cheney go raibh eolas nua ag teacht chun solais agus bearna sa damba ag oscailt. Mar sin, beidh sraith eile éisteachtaí poiblí i mí Mheán Fómhair. Beimid ar bís ag fanacht leo!

.

gaGaeilge