Ní bheadh a fhios agat gur thrasnaigh tú an teorainn ar chor ar bith, ach amháin na comharthaí bóthair difriúla a bhí ann. Nuair a chonaic mé an fógra “Blind Summit” thuig mé díreach go raibh mé sa Tuaisceart. Nuair a chonaic mé comhartha bóthair ag rá “Omagh”, thug sé droch-chuimhní ar ais faoi na Trioblóidí agus an t-ionsaí carrbhuama uafásach in Ómaigh sa bhliain 1998. Ansin nuair a thiomáin mé trí Inis Ceithleann, bhí mé buailte arís le smaointe dorcha faoi am na dTrioblóidí agus buamáil uafásach eile a tharla sa bhliain 1987.

Ach anois bhí mé ag tiomáint anonn is anall trasna na teorann, beagnach i ngan fhios dom agus muid ar an mbealach go Coimín, Contae Dhún na nGall chun freastal ar thumchúrsa Gaeilge!

Bhaineamar amach ár gceann scríbe faoi dheireadh ag a sé a chlog, agus bhí Bridgeen ag fanacht linn ag an doras. Chuir sí fáilte ó chroí romhainn, thaispeáin sí ár seomra dúinn agus ansin chuir sí an béile ar an mbord. Béile iontach a bhí ann, agus bhíomar ag caint le Bridgeen as Gaeilge beagnach an t-am go léir. Bhí seomra deas mór compordach againn, agus níor thóg sé mórán ama dúinn socrú síos sa teach sin. Réitigh Bridgeen beagnach ár mbéilí go léir dúinn le linn na seachtaine a bhíomar ag freastal ar an tumchúrsa, agus rinne sí sár-jab mar bhí bia iontach blasta againn an t-am go léir gan eisceacht. Nuair a thagadh a leathchúpla Jackie ar cuairt, bhí an-chraic againn go léir ag caint agus ag comhrá. Chasamar le hathair Bridgeen agus Jackie, fear an-deas darb ainm Peadar, cúpla uair, agus thug sé comhairle dúinn faoi shiúlóidí deasa sa cheantar. Ceantar álainn atá ann, ag bun na gCruacha Gorma, sliabhraon iontach i ndeisceart an chontae. Bhí deis againn cúpla siúlóid a dhéanamh ann agus bhí an aimsir agus na radhairc thar barr.

Chuimsigh an tumchúrsa féin trí leibhéal: tosaitheoirí, idirmheánach, agus ardchaighdeán. Bhíodh seisiúin teagaisc ar siúl gach maidin (10 a.m. go dtí 1 p.m.) agus gach tráthnóna (2 p.m. go dtí 4 p.m.). San oíche (7 p.m.- 9 p.m.) bhíodh imeachtaí éagsúla siamsaíochta eagraithe dúinn (siúlóidí, cuairteanna ar áiteanna stairiúla, amhránaíocht agus araile). Níos déanaí san oíche bhíodh craic agus comhrá againn sa teach tábhairne (An Ríleán), agus cúpla uair bhí seisiún ceoil ann freisin.

Bhí deichniúr againn san ardrang agus chomh maith le hÉireannaigh, bhí daoine as na Stáit Aontaithe agus an Astráil. Bhí Gaeilge líofa ag gach duine sa rang.

Bhí múinteoir amháin againn an t-am ar fad san ardrang. Pilib is ainm dó, agus bhí sé ar fheabhas mar mhúinteoir. Cé go raibh Gaeilge Dún na nGall aige, ní raibh fadhb ar bith againn é a thuiscint. De ghnáth, oibríonn Pilib mar thaighdeoir Meán-Ghaeilge agus mar sin bhí fios domhain aige mar gheall ar bhríonna agus fhoinsí focal.

Chuir cuid den rang liosta ábhar le chéile roimh an chúrsa – an modh coinníollach, an aimsir ghnáthchaite, Béarlachas, an chopail (is agus tá) agus na céimeanna comparáideacha san áireamh. Chlúdaigh Pilib na topaicí sin le linn na seachtaine chomh maith leis an gcuraclam a bhí leagtha amach. Cé go raibh ranganna gramadaí agus léitheoireachta/léamhthuisceana againn, is ar an teanga labhartha a bhí an bhéim, agus chaitheamar níos mó ná leath den am i ngrúpaí beaga ag plé ábhair éagsúla. Bhí Pilib ag éisteacht linn ag comhrá agus chabhraigh sé linn nuair a bhí deacrachtaí againn ár smaointe a chur in iúl. Chuir sé focail úsáideacha ar an mbord le linn ár gcomhrá, ionas go mbeadh stór focal cuimsitheach ar fáil ar an ábhar a bhí á bplé againn. Bhí topaicí éagsúla againn le plé, cosúil le:

Dá mbuafá an crannchur náisiúnta cad a dhéanfá?

Cad iad na pleananna atá agat don mhéid eile de 2022?

Cén chuma a bheidh ar Éirinn agus ar an domhan sa bhliain 2150?

Cén fáth a bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge?

Cén cineál leabhar is mó a léann tú?

Bhain mise an tairbhe is mó as na comhráite sin a bhí againn. Mhéadaigh mé mo stór focal agus d’fheabhsaigh mé mo líofacht. Nuair a bhí mé ag streachailt ó am go ham, bhí Pilib in ann cabhair a thabhairt dom ar an láthair, agus bhí sé sin an-úsáideach ar fad.

Molaim go hard an tumchúrsa seo, lonnaithe in áit álainn iargúlta. Beidh an chraic agat agus tú ag feabhsú do chuid Gaeilge ag an am céanna! Is féidir tuilleadh eolais

a fháil ag: www.gael-oideas.com.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge