Stothall Gruaige!

Stothall gruaige a bhí ar an uachtarán Trump tar éis an toghcháin lár-téarma ar an 8 Samhain, 2022 sna Stáit Aontaithe.  Cheap na hanailísithe gur ‘tréanphlanc’ (‘slam dunk’ as Béarla) a bheadh sa toghchán i bhfabhar leis na Poblachtánaigh, agus mar sin bhí an téarma ‘rabharta dearg’ in úsáid ar na meáin.  Is é dearg an dath ag baint leis na Poblachtánaigh, agus ceapadh go mbeadh ollbhua acu i dteach na nIonadaithe agus sa Seanad.  Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus ní fhacthas dé ná deatach ar an rabharta dearg céanna.  Is cúis iontais é sin mar de ghnáth cailleann páirtí Uachtaráin nua roinnt mhaith suíochán ina chéad toghchán lár-téarma.  Níor tharla a leithéid an t-am seo, agus é seo á scríobh agam, beagnach seachtain níos déanaí, coimeádfaidh na Daonlathaithe a thromlach sa Seanad, agus beidh tromlach beag ag na Poblachtánaigh i dTeach na nIonadaithe.  Ó thaobh na staire de, is toradh uafásach é seo do na Poblachtánaigh. 

Cad a tharla?

Seo cúpla fáth nár tharla an ‘rabharta dearg’ a bhí tuartha:

  • Roghnaigh ceannfeadhnóir Trump iarrthóirí a bhí tar éis an ‘Kool Aid’ a shlogadh, maidir leis an toghchán uachtaránachta 2020. Mhaígh siad go raibh an bua ag Trump, agus gurb í calaois toghcháin a ghoid an bua uaidh.  B’fhéidir go bhfuil pobal Mheiriceá tinn tuirseach dá gcuid bréaga.
  • Roghnaigh Trump triúr breithiúna coimeádacha sa Chúirt Uachtarach: Neil Gorsuch, Brett Kavanaugh and Amy Coney Barrett. Aisiompaigh an Chúirt sin reachtaíocht an ghinmhillte, a thug ceart feidearálach don mháthair ginmhilleadh a éileamh is a fháil in aon áit sna Stáit Aontaithe.  Mar sin, chuir an chúirt cinneadh Roe vs. Wade ar neamhní mar iarmhairt dhíreach na gceapachán sin.  Ach dar leis an ‘Pew Research Center’, deir 61% an daonra (80% Daonlathaithe agus 38% Poblachtánaigh) go n-aontaíonn siad le cearta na máthar ginmhilleadh a fháil den chuid is mó. 
  • Bhí na Poblachtánaigh ag argóint go láidir go raibh an locht ar Biden mar gheall ar an mboilsciú gan srian atá sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Ach tá an fhadhb idir lámha ag an rialtas agus ag an mBanc Cúlchiste Feidearálach, agus an ráta boilscithe ag laghdú le déanaí ó 8.1% go dtí 7.7%.  Ach, níos tábhachtaí ná sin, tá an ráta boilscithe níos airde i go leor tíortha eile – beagnach 10% san EU agus sa Bhreatain Mhór, mar shampla.  Mar sin, ní cás áititheach atá á scaipeadh ag na Poblachtánaigh.
  • Chuir coiste Jan 6 fianaise doshéanta i láthair a chur an locht ar iaruachtarán Trump as an éirí amach a tharla ar an 6 Eanáir 2021. Bhí ról mór ag Trump san éirí amach ó gach taobh de, ón mbréag mhór gur goideadh an uachtaránacht uaidh (thosaigh sé ag caitheamh amhras ar an bpróiseas toghchánaíochta chomh fada siar leis an toghchán uachtaránachta a bhuaigh sé i 2016), tríd an bpróiseas pleanála, suas go dtí an t-ionsaí ar an gCaipeatól féin.  Bhí na Poblachtánaigh iomráiteacha Liz Cheney agus Adam Kinzinger ar chuid de na baill ar an gcoiste, agus níos tábhachtaí ná sin, Poblachtánaigh ba iad an chuid is mó de na finnéithe a tháinig os comhair an choiste.  B’fhéidir go ndeachaigh an fhianaise láidir sin go mór i gcion ar roinnt mhaith Poblachtánach, ionas gur thráigh a muinín i dTrump agus na polaiteoirí a sheasann go láidir leis.

Iompú na Taoide?

Le déanaí, cháin comhghuaillithe Trump go géar.  Seo cúpla sampla:

“Chaill beagnach gach duine de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo,” a dúirt Chris Christie, iar-ghobharnóir Poblachtánach New Jersey, ar “Good Morning America” le ABC.  “Is mór an chailliúint é do Trump. Agus, arís, léiríonn sé nach bhfuil a instinní polaitiúla ar son a pháirtí nó ar son na tíre agus ar son Trump féin.”

“Tá Poblachtánaigh tar éis Donald Trump a leanúint ó bharr na haille,” a dúirt David Urban, comhairleoir fadtéarmach Trump a bhfuil ceangail aige le Pennsylvania.

Dúirt an t-iarionadaí Peter King, Poblachtánach ó Long Island a thug tacaíocht do Trump le fada an lá, “Creidim go láidir nár cheart dó a bheith mar cheannaire an Pháirtí Phoblachtánaigh a thuilleadh,” ag cur leis nach féidir leis an bpáirtí “éirí ina chultas pearsanta!”

Focal Scoir!

Tá súil agam go bhfuil am na cinniúna sroichte againn anois, agus is comhartha dóchais é go bhfuil formhór mhuintir na tíre ag roghnú daonlathas thar uathlathas agus ag roghnú an fhírinne thar an bhréag.  Mar gheall ar an daonlathas, ní breac é go mbíonn sé ar an bport! 

 

 

 

.

 

 

 

gaGaeilge