Bhí mé faoi gheasa le déanaí agus alt sa ‘Dublin Inquirer’ á léamh agam. Chláraigh mé lena nuachtlitir sheachtainiúil a fháil, mar is maith liom cos a choinneáil suas le nuacht áitiúil na cathrach. Chaith mé timpeall dhá bhliain déag i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, agus is as Baile Átha Cliath mo bhean chéile freisin.  Mar sin, tá nasc againn leis an gcathair, agus is deas an rud é a bheith in ann nuacht áitiúil na cathrach a léamh gach seachtain.

Tá athruithe móra tagtha ar Bhaile Átha Cliath ó bhíomar inár gcónaí ann. Tá a fhios ag madraí an bhaile faoin fhorbraíocht tráchtála agus tithíochta a tharla sa chathair thar na blianta, agus cé chomh costasach agus atá árasán a fháil ar cíos ann. Tá a fhios againn freisin gur saghas creidimh is ea an pheil Ghaelach i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann, agus tá sé sin an-soiléir tar éis na ‘Dub’s’ an Corn Sam Mhic Uidhir a bhuachan cúig uaire i ndiaidh a chéile.

Ach an bhfuil a fhios agat go bhfuil an Ghaeilge tar éis láidriú i mBaile Átha Cliath le himeacht ama?  Ionad nuálochta atá ann ó thaobh na teanga labhartha de, go háirithe lasmuigh den seomra ranga.  

Lig dom cúpla sampla a lua anseo, agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an t-alt thuasluaite mar chuid den phlé sin.

.

Na Gaeil Óga, CLG

Is cumann lán-Ghaeilge Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010.  Cé gurb as Baile Átha Cliath go leor de bhaill an chumainn, tá roinnt mhaith as gach cuid eile den tír chomh maith, na Gaeltachtaí san áireamh. Bhí imreoirí as tíortha eile ag imirt leo ó am go ham freisin.

Tá físeán iontach ar youtube.com (cuardaigh ar ‘Dub Club Chronicles Na Gaeil Óga’). Maítear ag deireadh an fhíseáin go bhfuil dhá fhoireann is fiche acu agus dhá chéad, tríocha is a haon ball fásta ann anois.

.

PopUpGaeltacht

“Is coincheap foinse-oscailte (open source) í #PopUpGaeltacht ina roghnaítear teach tábhairne uair sa mhí agus bailíonn Gaeil ann. Chun ól, like.” Sin an chéad rud a fheiceann tú nuair a théann tú go dtí https://www.facebook.com/popupgaeltacht/.

Thosaigh PopUpGaeltachtaí den chéad uair ag deireadh 2016 i mBaile Átha Cliath. Ba iad Peadar Ó’Caomhánaigh agus Osgur Ó’Ciardha comhbhunaitheoirí na gluaiseachta seo, nuair a d’aithin siad nach raibh ionad neamhfhoirmeálta acu chun casadh le Gaeilgeoirí eile.

Mar a dúirt Peadar faoin gcoincheap seo: “An aidhm atá againn ná muintir na teanga i mBaile Átha Cliath, ar an gcéad dul síos i mBaile Átha Cliath ar aon nós, a chruinniú le chéile áit éigin traidisiúnta dos na Gaeil oíche amháin…”

D’éirigh siad chomh maith leis an chéad PopUp i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath gur scaip PopUpGaeltachtaí mar a bheadh falscaí ar an gcnoc! Anois bíonn PopUpGaeltachtaí ní amháin i mBaile Átha Cliath, ach ar fud na tíre agus ar fud an domhain féin!

.

Cnocadóirí

Nach smaoineamh iontach é a bheith amuigh faoin spéir ar shiúlóid sna sléibhte le grúpa daoine agus sibh go léir ag caint Gaeilge le chéile!

Sin é cuspóir Na Cnocadóirí, a bunaíodh i 2003 chun gníomhaíochtaí cnocadóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn.   Is í an Ghaeilge teanga labhartha an Chlub. Cuireann siad fáilte roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt.  Tá tú in ann tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh www.cnocadóirí.com.

.

Siúlóid Sheachtainiúil timpeall Baile Átha Cliath, as Gaeilge!

Tharraing an teideal sin sa ‘Dublin Inquirer m’aird chomh luath agus a chonaic mé é.   grúpa ann le blianta fada Let’s Walk and Talk as Gaeilge’ a thugann siad orthu féin, agus gach seachtain siúlann siad ar chuairt go láithreacha suimiúla ar fud na cathrach, ag caint Gaeilge an t-am go léir. Go minic, ag deireadh na siúlóide, bíonn Paidí Mhic Éil ag fanacht agus cóipeanna den iris ‘An Taobh Ó Thuaidh ina mhála aige iris Ghaeilge atá foilsithe aige. Iris iontach is ea é, ach sin scéal eile do lá eile!

Nach bhfuil sé soiléir anois go bhfuil staid na Gaeilge bríomhar agus fuinniúil sa phríomhchathair, agus nach comhartha dóchais é sin go bhfuil todhchaí gheal ag ár dteanga?  

Diúltói:cuir é sin faoi do cheann agus codail air!

  

gaGaeilge