Bhí mé ag éisteacht leis an bpodchraoladh ‘An Saol Ó Dheas ó RRaidió na Gaeltachta le déanaí, agus chuala mé Pádraig Óag cur agallaimh ar an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich.  Ach ní raibh fiú is focal le cloisteáil faoin gceol – ábhar iomlán difriúil a bhí i gceist.  

Cé go raibh a fhios agam gur tromluí ceart is ea an próiseas iarratais ag baint le cead pleanála i gContae Chiarraí, níor thuig mé a dhonacht is atá an scéal go dtí gur chuala scéal Bhreanndáin féin.  Ar chloisteáil dom faoi cad a tharla do Bhreanndán, rinne taighde faoi ar an idirlíon. Is míorúilt é go bhfuair sé an cead pleanála sin, agus is soiléir go bhfuil an-mhisneach ag Breanndán, mar níor ghéill sé riamh. Seo anois achoimre a scéal.

Thosaigh Breanndán an próiseas casta seo 15 bliain ó shin nuair a bhí sé ar tí aige teach a thógáil ar a shuíomh féin san áit inar rugadh agus tógadh é, i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach, i nGaeltacht Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí.  Diúltaíodh don iarratas sin, ach níor ghlac Breanndán le cinneadh Chomhairle Contae Chiarraí, agus sin mar a thosaigh cogadh fada eatarthu. Le linn an chogaidh sin, scríobh Breanndán na mílte litir, chaill sé a lán oícheanta codlata, agus chaith sé ar a laghad 20,000 nó €25,000 nach bhfeicfidh sé go deo arís. Ar an mbonn amháin sin, cheapfá go bhfuil rud mór mícheart amach is amach. Ach nuair a fhaigheann tú amach gur cheadaíodh tithe eile sa cheantar, tithe saoire ilstóraigh san áireamh, is deacair gan géilleadh don tuairim go bhfuil an próiseas cinnteoireachta thar a bheith míchothrom.

Níl mé in aghaidh rialacháin dhiana,” a dúirt Breanndán, “ach chonacthas dom gur thugadar tús áite don turasóireacht ar gach rud eile.  Ach mura bhfuil aon duine ina chónaí anseo níos mó, an dtiocfaidh aon turasóir ar chor ar bith?

Sa bhliain 2015, tar éis 10 mbliana á chaitheamh ag Breanndán go fánach leis na hiarratais agus na hachomhairc ag dul anonn agus anall, cheap sé ar chur chuige eile ar fad. Chaith sé 50,000 agus thóg sé teachín soghluaiste dó féin, agus ansin chuir sé ar a shuíomh é. Níorbh fhada go bhfuair Breanndán fógra forfheidhmiúcháin ón gcomhairle contae, ag rá go raibh an teachín neamhdhleathach agus é a n-aistriú amach as an suíomh nó go gcuirfear i bpríosún é agus go ngearrfar fíneáil 12.5 milliún air! Dúirt polaiteoir áitiúil le Breanndán a cheann a choinneáil thíos, a chlab a choinneáil dúnta agus b’fhéidir ansin go gcaithfeadh siad an tsúil chaoch ar an rud ar fad. Chuir sé sin an-díomá ar Breanndán mar caithfear aghaidh a thabhairt go díreach ar an gceist mhór sin, a bhaineann ní hamháin le Breanndán féin, ach le gach duine atá sa chruachás céanna.

Tá ceathrar clainne agam, ”a dúirt Breanndán, “ agus is cosúil nach mbeidh duine ar bith acu in ann maireachtáil sa sráidbhaile inar rugadh agus tógadh mé. Tá mo dheartháir agus a cheathrar clainne sa chás céanna, agus tá céad acra acu. Fiú amháin nuair a bhíomar faoi riar na Breataine, bhíomar in ann maireachtáil inár sráidbhailte!”

Thug Breanndán neamhaird ar an litir ón gcomhairle agus chuir sé dlús leis a fheachtas! Chuir sé 235 cros bhán in airde i ngort i mBaile na bPoc chun aird a tharraingt ar céard a bhí ar siúl. Sheas na crosa don líon daoine a bhí ina gcónaí ann in 1841. Chuir sé 12 cros dhearg in airde freisin, a sheas don líon daoine atá ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann, agus bánú mór tuaithe ar siúl sa tír. Ansin d’eagraigh Breanndán agóid lasmuigh de chruinniú na comhairle contae i dTrá Lí, chun tuilleadh brú a chur orthu.

Ghéill siad don bhrú sa deireadh agus fuair Breanndán cead pleanála chun teach aon stóir a thógáil ar a shuíomh agus an teachín soghluaiste a bhaint amach as an suíomh.

Cé go bhfuil an chaibidil seo críochnaithe, deir Breanndán go leanfaidh sé dá fheachtas ar mhaithe muintir na háite.

“Caithfimid gluaiseacht ar aghaidh anois agus caithfimid an cath seo a throid níos mó, go háirithe ar son na glúine óige atá ag iarraidh maireachtáil anseo,” a dúirt sé. “Tá deis againn seans a thabhairt don Ghaeltacht, seans a thabhairt don tuath, na rialacha a athrú ar ár son.”

Nach bhfuil an ceart ag Breanndán agus nach mór dúinn gach rud a dhéanamh chun ár dtacaíocht a léiriú dá fheachtas agus chun ár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú?

.

.

.

.

gaGaeilge