Sa bhliain 1366, d’eagraigh Lionel (an tríú mac le hÉadbhard III, Rí Shasana) an pharlaimint anseo i gCill Chainnigh agus rith siad Reachtanna Chill Chainnigh.  Cuireadh srianta dochta ar na coilínigh Shasanacha (Angla-Normannaigh an chuid is mó dóibh), chun deireadh a chur leis an gcomhcheangaltacht a bhí ag tarlú idir na coilínigh agus na hÉireannaigh, agus chun an Béarla a fhógairt mar theanga fhoirmiúil na tíre.

De réir na Reachtanna, ní raibh cead ag na coilínigh sin Éireannaigh a phósadh, Gaeilge a labhairt, ceol Gaeilge a sheinm, cluichí na hÉireann agus go háirithe iománaíocht a imirt. Ní raibh cead ag coilínigh freastal ar Eaglais Chaitliceach, nó ag Éireannaigh freastal ar Eaglais Shasana, ach an oiread.

Bhí Lionel ag iarraidh saghas cinedheighilt a chur i bhfeidhm, i ndáiríre.  Agus cé gur theip air na Reachtanna a chur i bhfeidhm, lean iarrachtaí Shasana chun ár dtír agus ár gcultúr a chur faoi chos leis na céadta bliain.  Ach sa deireadh, áfach, is cosúil gurb é an Gorta Mór buille na tubaiste a rinne an dochar is mó dúinn ó thaobh ár dteanga de. Cheapfá gur scéal thairis an chinedheighilt sin anois agus an formhór dúinn ag labhairt Béarla. Iontas na n-iontas, ní bheadh an ceart agat!  Léiríonn an scéal seo a leanas go bhfuil an chinedheighilt chéanna ar siúl fós.

Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain go leith ó shin i gCoventry i Sasana.  Éireannach ba ea í a bhog sna caogaidí go Coventry, an áit ar thug sí faoi shaol nua.  Is é an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) dlúth agus inneach diaspóra na hÉireann sa Bhreatain le fada.  Mar sin, thosaigh Margaret ag dul go dtí ‘Roger Casement’s GAA Club i gCoventry agus ba ghearr gur chroílár a saol féin é. Sa Chlub sin, chas sí leis an Éireannach a phósfadh sí ina dhiaidh sin, fear darb ainm ‘Bernie Keane’.  D’imir Bernie iomáint nuair a bhí sé óg, agus bhí sé ar an bhfoireann áitiúil i mBéal Átha hAmhnais i gContae Mhaigh Eo ar feadh tamaill.  Tar éis dóibh a bheith pósta, agus cé go raibh seisear clainne acu, bBernie agus Margaret an-ghníomhach sa CLG i gCoventry i gcónaí.   Bhronn Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghaill, Gradam an Uachtaráin ar Margaret i bPáirc an Chrócaigh i 2017, de bharr an méid oibre a rinne sí sa CLG.  Is soiléir nár chaill Margaret ná a fear céile a gcultúr ná a dteanga, riamh.

Ní haon ionadh, mar sin, gur dhear teaghlach Margaret cros Cheilteach di mar leac uaighe, a raibh lógó an CLG ina lár. Ní haon ionadh, ach an oiread, gur roghnaigh siad na focail ‘In ár gcroíthe go deo’ mar an inscríbhinn a bheadh ar a leac chuimhneacháin.  

Chuir sé an dú-iontas ar an teaghlach, mar sin, nuair a dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre (Seansailéir Dheoise Coventry) dóibh an ráiteas sin a bheith i nGaeilge amháin ar an leac chuimhneacháin. Dúirt Eyre sa rialú go bhféadfaí a cheapadh gur saghas manaráiteas polaitiúil a bheadh ann, toisc an paisean agus na mothúcháin ag baint le húsáid na Gaeilge.” Mar sin, bheadh orthu aistriúchán Béarla a chur ar an leac in éineacht leis an ráiteas Gaeilge.  

Níor ghlac teaghlach Margaret leis an rialú sin, agus fuair siad go leor tacaíocht ó phobal na nGael sa Bhreatain, ó mhuintir na hÉireann agus daoine nach Éireannaigh iad freisin.

Bhí iontas ar an teaghlach nuair a dúirt Eaglais Shasana féin nach polasaí náisiúnta dá cuid é diúltú do dhaoine Gaeilge a chur ar leaca cuimhneacháin, agus go bhféadfaí achomharc a dhéanamh faoi rialú Eyre i gcúirt eaglasta níos sinsearaí, Cúirt Arches Canterbury.

Bheadh sé deacair údar a thabhairt le rialú Eyre, mar tá cúig inscríbhinn sa Bhreatnais sa reilig chéanna inar adhlacadh Margaret, gan aon aistriúcháin go Béarla.  Tá an inscríbhinn seo ar leac amháin: “yn ein calonnau am byth, nó in ár gcroíthe go deo as Gaeilge – bí ag caint ar chomhtharlúint!

Bhí cás cúirte faoi inscríbhinn as Breatnais sa chúirt cúpla bliain ó shin i Londain, agus ghlac an breitheamh Morag Ellis QC nár ghá aistriúchán a bheith ann, mar bheadh duine in ann aistriúchán a fháil ar líne. Is comhtharlúint dochreidte eile é go bhfuil Morag Ellis QC féin i gceannas ar Chúirt Arches Canterbury!

Caithfidh Cúirt Arches Canterbury an rud ceart a dhéanamh agus an bunchinneadh uafásach a chur ar ceal. foláir dea-shampla a thabhairt agus deireadh a chur leis an mbiogóideacht fhrith-Éireannach sin gan mhoill!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge