Níl leathanbhanda ardluais agam fós, mar tá fadhbanna móra ag baint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.  Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam, agus cén fáth gur ábhar tábhachtach é, is é atá i gceist ná rochtain idirlín in Éirinn.  Tá rochtain idirlín mar ocsaigin nó uisce sa lá atá inniu ann. Tá sé tábhachtach do dhaoine sa bhaile agus do ghnólachtaí. Tá sé tábhachtach d’eacnamaíocht na tíre anois, agus beidh sé i bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí.  Níl seirbhísí idirlín ag breis is milliún daoine sna ceantair thuaithe. Agus mar sin, déanann na fadhbanna leis an bplean dochar millteanach do na ceantair sin. Ní rud maith don tír é seo!

Táimse féin ag fanacht le leathanbhanda le blianta anuas anois.  Tháinig cábla snáthoptaice chomh gairid dom le leath ciliméadair, ach stad sé ansin.  Tá mo theach i gCarraig Seabhac i ndeisceart an chontae. Shocraigh mé beagán taighde a dhéanamh ar an ábhar, le teann caidéise.  Bhain a bhfuair mé amach siar asam.

Tá scéal an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda dochreidte.  Níl spás anseo an scéal go léir a insint, ach seo na buaicphointí.  Bhí an plean cumtha i 2012 le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach duine agus gach comhlacht in Éirinn faoi dheireadh 2020.  Thógfadh sé sin cáblaí snáthoptaice a crochadh go 840,000 áitreabh. Chuir an Rialtas amach cuireadh chun tairisceana don togra seo. I lár 2016 phioc siad trí thairgeoir agus thosaigh an chéad chéim eile den phróiseas ansin.  Thosaigh an trioblóid freisin.

I lár 2017 rinne ceann de na tairgeoirí – Eir, margadh leis an Rialtas, chun breis ar 300,000 do na háitreabh a choimeád dóibh féin, le gealltanas seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil dóibh roimh dheireadh 2018  . D’fhan Eir in iomaíocht leis an dá thairgeoir eile freisin, sin SIRO (ilchomhlacht ESB agus Vodaphone) agus ENET (comhlacht snáthoptaice faoi úinéireacht Granahan McCourt ag an am sin).

I Meán Fómhair 2017, tharraing SIRO amach, ag rá nach raibh cás tráchtála ann a thuilleadh.  Is dócha tar éis na 300,000 áitreabh a bhaint amach, bhí an cás tráchtála níos measa dóibh.

In Eanáir 2018, tharraing Eir amach, ag rá go raibh imní orthu faoi rialacháin agus praghsáil.   Thart ar an am sin, tháinig SSE (comhlacht fóntais as Albain) agus John Laing (comhlacht forbraíocht infreastruchtúr) isteach le ENET sa mhargadh.  Ansin ní raibh ach an cuibhreannas sin fágtha. An iomaíocht go léir imithe! Agus anois bhí Dave McCourt (fiontraí Gael-Meiriceánach agus bunaitheoir a comhlacht infheistíochta Granahan McCourt Capital) mar chathaoirleach an cuibhreannas.

I lár na bliana 2018, bhí go leor cruinnithe idir an tAire Dennis Naughten, agus Dave McCourt.  I mí Iúl d’fhág SSE an cuibhreannas tairiscint. Rinne Granahan McCourt margadh le Irish Infrastructure Fund (IIF) ( comhlacht infheistíochta faoi thacaíocht an Stáit), agus cheannaigh IIF an chuid is mó den chomhlacht ENET.

I Meán Fómhair fuair an Rialtas an tairiscint dheireanach ón gcuibhreannas.  Bhí an cuibhreannas sin ag athrú fós, mar d’imigh John Laing amach agus tháinig Actavo (comhlacht Denis O’Brien), Nokia, The Kelly Group agus KN Group isteach.  Thart ar an am sin, d’íol McCourt an píosa ENET a bhí fágtha aige go IIF.

Beagán ina dhiaidh sin, thug comhlacht Luxembourg – Cube, cás i leith McCourt, ag deimhniú gur gheall sé go ndíolfadh sé cuid den ENET dóibh, agus mar sin go raibh sé ag sárú an chonartha eatarthu.

Agus ansin, fuair daoine amach go raibh cruinnithe idir Naughten agus McCourt, cruinnithe  príobháideacha san áireamh. Tarraingíodh go leor ceisteanna eiticiúla ansin faoi na cruinnithe sin.   Bhí brú ollmhór ar Naughten ansin, agus d’éirigh sé as a phost go luath ina dhiaidh sin.

I mí an Mhárta 2019, níl aon socrú fós.  Beidh an togra seo an daor – suas le 3 billiún Euro a deirtear.

Scéal an-chasta is ea é, agus ag deireadh an lae, níl ach tairgeoir amháin fágtha, atá tar éis athrú an oiread sin nach é an t-eintiteas céanna anois é.  B’fhéidir go bhfuil sé in am don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean, mar chomh maith le fadhbanna tairgeoirí, is fiú bheith ag machnamh ar theicneolaíochtaí nua freisin atá ar fáil anois nó go luath.

Idir an dá linn, ní bheinn ag féachaint ar Netflix ag mo theach go ceann tamall maith eile!

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge