Buaileann naSopranos’ leis anApprentice’!  B’in é an smaoineamh a bhí agam nuair a chonaic Michael Cohen ag tabhairt fianaise do Chomhdháil na Stát Aontaithe le déanaí.  Saghas teilifís réaltachta atá ar siúl, ach ag an am céanna, a fhios agam gur eachtra stairiúil atá ar siúl, cosúil le cúrsaí Nixon sa seachtóidí.

D’éist le beagnach gach rud a tharla agus bhí cúpla rud aisteach le tabhairt faoi deara.  Seo na rudaí is tábhachtaí a d’fhan liom tar éis na n-Éisteachtaí sin.

Iar-dhlíodóir an Uachtaráin Trump is ea Michael Cohen.  Seo an fear a dúirt uair amháin go nglacfadh piléar don Uachtarán.  Ach, ar chlár na mionn, ba scéal eile ar fad aige é. Rinne a lán rudaí a d’iarr Trump air a dhéanamh, nuair a bhí a fhios aige nach raibh siad ceart dlíthiúil.  Agus cuirfear sa phríosún é ar feadh trí bliana mbarr.

Ag tús a fhianaise, leag síos an chaoi a mbeadh cúrsaí an chuid eile den , nuair a d’fhógair gan frapa gan taca faoin Uachtarán Trump: “ náire orm mar a fhios agam cén saghas duine é an tUasal Trump.  Is ciníoch é, is cneámhaire é agus is séitéir é!” Focail thintrí ba ea iad sin, go háirithe nuair a thuigtear nach raibh ag caint faoi cheann feadhna ar bhuíon coirpeach, ach faoi Uachtarán Mheiriceá féin!

Thug Cohen a lán samplaí de rudaí dona ar chabhraigh le Trump iad a dhéanamh.  Mhínigh a ról in a lán gníomhaíochtaí neamhcheadaithe, ó imeachtaí eastát réadach go ceannach portráid an Uachtaráin, ó litreacha bagracha faoi mharcanna an Trumpaigh ar scoil go híocaíochtaí Stormy Daniels!

D’inis dúinn faoi rudaí a chonaic á ndéanamh, agus ar chuala á ag an Uachtarán agus ag oibrí sa Teach Bán.  I gcás amháin, nuair a bhí leis an Uachtarán ag tiomáint trí cheantar bocht i Chicago, dúirt an tUachtarán gurb iad na daoine gorma amháin a chaithfeadh a saol mar sin.  I gcás eile, dúirt an tUachtarán go raibh an breithiúnas is measa ar domhan ag a mhac is sine, Donald Trump Junior. Bhí sin ag tagairt do chruinnithe leis na Rúisigh faoi Thúr Trump agus b’fhéidir faoi thoghchán na hUachtaránachta.  I gcás eile fós, bhí a fhios roimh ag Trump faoi dhumpáil ríomhphost na nDaonlathach ó Wikileaks, mar chuala Cohen Trump agus Roger Stone ag caint faoi ar fón callaire cúpla roimh an sceitheadh sin.

go bhfuil na liostaí thuas neamhiomlán, caithfidh a admháil nach bhfuil aon easpa eachtraí amhrasacha iontu!

Tar éis a ráiteas tosaigh, chuir Ionadaithe na Comhdhála ceisteanna ar Cohen.   mba Phoblachtánach Comhdhála a bhí ag cur ceisteanna, chuir / an bhéim go léir ar a phearsantacht, ag iarraidh a thaispeáint gur bhréagadóir a bhí ann, agus gur bréagadóir anois é freisin.  Níor caitheadh mórán ama ag cosaint an Uachtaráin. ba Daonlathach Chomhdhála a bhí ann, chaith / a lán ama ag aontú le Cohen, agus ag ionsaí an Uachtaráin.

Tar éis na gceisteanna, dúirt Cohen an rud aisteach seo:

imní orm theipeann air an toghchán a bhuachaint i 2020, nach mbeidh athrú cumhachta síochánta riamh ann agus sin an fáth ar aontaigh teacht os bhur gcomhair inniu.”

Bhí focail tábhachtacha le ag Cathaoirleach na hÉisteachta, Elijah Cummings (Daonlathach Maryland) ag an deireadh.  Seo mar a dúirt :-

a fhios agam go raibh sin deacair.   a fhios agam go bhfuil dúshlán mór romhat.   a fhios agam go bhfuil imníoch ar son do chlainne.  Ach is é seo cuid de do chinniúint. Agus súil againn go dtreoróidh an chuid seo de do chinniúint chuig an Michael Cohen is fearr,  chuig an Donal Trump is fearr, chuig na Stáit Aontaite ís fearr, agus chuig domhan níos fearr dúinn uilig! Ó mo chroí istigh a thagann an ghuí sin.  Nuair a bhímid ag damhsa leis na haingil, cuirfear an cheist, i 2019, céard a rinneamar chun a chinntiú go mbeadh ár ndaonlathas slán? Ar sheasamar ar leataobh gan tada a ?  Ar shuíomar fúinn?”

Nach cumhachtach na focail iad sin!  Nach am ríthábhachtach é seo, nuair a tharlaíonn rudaí mar sin sa domhan, fiú amháin i Mheiriceá!

an domhan go léir ag breathnú orainn anois, agus súil againn go ndéanfaimid mar ba cheart, agus mar ba chóir dúinn a dhéanamh.

gaGaeilge