Le déanaí, tharla dhá thimpiste thubaisteach i gcás eitleán nua 737 MAX 8 le Boeing.  Bhí na h-eitiltí i gceist díreach tar éis éirí de thalamh nuair a chuaigh rudaí ar fad trí chéile agus thuairteáil na h-eitleáin agus fuair gach duine ar bord bás.  Ar an gcéad dul síos, tar éis eitilt Lyon Air i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, dúirt Lucht Boeing gurbh ar na píolótaí a bhí an locht, toisc nár lean siad an seicliosta réamheitilte.  Ach nuair a thuairteáil an dara eitleán i mí Mhárta i mbliana, agus nuair a rinneadar scrúdú ar na boscaí dubha, bhí patrún an dá eitilt an-cosúil le chéile. Stad gach tír eitiltí an 737 MAX 8 tar éis sin.  Fuair siad amach go raibh an fhadhb chéanna freagrach as na timpistí, agus ní ar na píolótaí a bhí an locht, ach ar drochdhearadh an aerárthaigh féin.

Ba é idirghabháil córas nua uathoibríoch a bhí ciontach, nuair a bhí sé ag iarraidh stalla sciatháin a seachaint, bunaithe ar ionchur ó bhraiteoir uillinn ionsaithe a cheap go raibh an t-eitleán ar tí loiceadh.  Agus cé go raibh dhá bhraiteoir i ngob an eitleáin, níor úsáid an córas nua (darb ainm MCAS) ach ceann amháin, agus sna chásanna seo, bhí an ceann sin briste agus ag rá go raibh gob na n-eitleáin ró-ard nuair nach raibh.  Dá bhrí sin, dhírigh an MCAS an gob síos. Ní raibh na píolótaí in ann réiteach a fháil in am, agus ar an drochuair, bhí an toradh scáfar céanna sa dá chás.

Sa deireadh, ghlac Boeing leis an locht, ghabh siad a leithscéal, and dúirt siad go raibh siad ag obair ar réiteach.  Ceapann formhór daoine gur scéal mí-ámharach é, ach go bhfuil sé idir lámha ag Boeing anois.

Ar an drochuair, níl an fhírinne chomh simplí leis sin!

Uasal agus Íseal

Ar bhealach amháin, is féidir lorg na faidhbe a leanúint ar ais chuig an staighre infhillte a cuireadh ar an gcéad leagan amach den Boeing 737.  Chun éascaíocht a dhéanamh, socraíodh ar eitleán níos ísle ná mar ba ghnáth. Chuir an sonra sin srianta ar dearaí gach leagan amach nua tar éis sin.   Tharla sé sin de bharr fealsúnacht forbairt incriminteach a bhí ag Boeing. In ionad athdhearadh ó bhonn a dhéanamh ar an eitleán, chuir Boeing acmhainní nua ar bharr an bundearadh a bhí acu.  Mar sin, tá a lán de threalamh an eitleáin 737 as feidhm anois. Cé go bhfuil próiseas casta ag píolóta an Boeing 737 chun an eitleán a thosú, níl ach cnaipe a bhrú ar Boeing 767, nó ar ‘Airbus’.  Tá sé níos fearr athdhearadh a dhéanamh chun athruithe móra a dhéanamh, ach tógann sé níos mó airgid agus ama, rudaí a raibh drogall ar Boeing a dhéanamh. Sa lá atá inniu ann, tá nuatheicneolaíocht ann atá i bhfad níos fearr, go háirithe teicneolaíocht ríomhaireachta agus meicniúla.

Le himeacht aimsire, d’éirigh an t-eitleán níos faide, agus chuir siad scairdinnill níos láidre air.  Bhí sé deacair scairdinnill níos mó a chur air, mar ní raibh a lán glanspás acu! Mar réiteach, chuir siad na scairdinnill níos airde ar na sciatháin.  Ach fothoradh den chinneadh sin ná go mbrúfaí gob an eitleáin níos airde amanna. Mar réiteach ar an bhfadhb sin, d’athraigh siad páirt den uathphíolóta darb ainm MCAS, chun an gob a ísliú sna chásanna sin. Ní raibh a fhios ag píolótaí Lion Air faoi na hathruithe sin ar chor ar bith.  Ní raibh ionsamhlóir eitilte ar fáil chun traenáil a thabhairt do na píolótaí, mar ní raibh sé réidh ag an am. Sé an traenáil a fuair siad ná físeán gearr agus leabhar beag. Ag míniú sin, dúirt Boeing go mbeadh obair an phíolóta beagnach mar an gcéanna is mar a bhí cheana, agus nach raibh gá le traenáil bhreise.

Agus céard faoin FAA, foras deimhniúcháin sna Stáit Aontaithe?  Is leor a rá gur lig siad do Boeing an chuid is mó den deimhniúchán a dhéanamh iad féin – sin an-smaoineamh!

Ag deireadh an lae, léiríonn na tubaistí uafásacha sin scannail mhóra ag Boeing agus an FAA.  Tá súil agam nach mbeidh bás 346 daoine in aisce, agus go spreagfaidh siad athruithe móra san FAA agus i mBoeing – go háirithe ar dhearadh a gcéad eitleán eile.

.

gaGaeilge