I mBéal an Phobail

 

Peadar agus Micheál Bairéad

.

Tháinig ocras orainn, agus cheannaigh mé cúpla ceapaire agus pota tae eile dúinn. Mar is eol duit, bhí Séimí an Droichid agus mé féin thíos sa Phota Caife, ag déanamh dreas comhrá agus ag réiteach fadhbanna an domhain. Bhíomar ag caint faoin Meánoirthear, agus gan dabht, tá a dhá dhóthain den mhí-ádh ar na tíortha sa réigiún. Bhí sé ráite ag Séimí go ndearna an tUachtarán Trump ar a laghad trí bhotún mór maidir leis an Meánoirthear. D’aontaíomar gurb é an chéad cheann ná an Socrú Núicléach Iaránach a chur ar ceal.

“Agus céard faoin dara ceann?” a d’fhiafraigh Séimí díom.

‘Sin ceist deacair!’ arsa mise. ‘Scaoilfidh mé an ceann seo tharam!’

“Ní scaoilfidh mé leat chomh héasca sin!’ arsa Séimí, ag caochadh súile go slítheánta orm. “Tabharfaidh mé nod duit! Léirigh an cinneadh seo go soiléir go bhfuil airgead níos tábhachtaí ná an bheatha féin do Trump!”

“An é atá i gceist ná an tacaíocht a thugann Trump do Mohammad bin Salman (MBS), Rídhamhna na hAraibe Sádaí?”

“Tá an ceart agat, a Mhichíl! Is é an freagra díreach a bhí agam ná an dúnmharú brúdiúil Jamal Khassogi i gConsalacht na hAraibe Sádaí in Iostanbúl an bhliain seo caite. Mhaigh an CIA gur ordaigh MBS an gníomh uafar sin. Ach cé gurb áitritheoir de chuid na Stát Aontaithe é Khassogi, agus colúnaí an nuachtáin cháiliúil sin ‘The Washington Post’, thug Trump neamhaird ar an ainghníomh seo, agus lean gach rud ar aghaidh gan cáineadh ná pionós ar bith. Is é MBS a rinne idirghabháil mhíleata ar Éimin i 2015, i gcomhrialtas le timpeall is deich dtír eile sa réigiún.  Bíodh agus go bhfuil stair casta ag Éimin, mar sin féin tá an sléacht uafásach a rinneadh ar shibhialtaigh neamhchiontacha agus an gorta forleathan a bhí ag gabháil leis do-ghlactha. Is rud náireach é gur thug na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe tacaíocht don Araibe Sádaí dá n-iarrachtaí. A Mhichíl, ní fhéadfaí é sin a mhaitheamh dóibh, nach bhfuil an ceart agam?” Tharraing sé anáil dhomhain, agus bhain sé slog as a deoch thae.

“Ní thiocfadh liom easaontú leis an anailís ghéar a rinne tú!” a d’fhreagair mé go tapa.

“Agus a Mhichíl, an aontaíonn tú liom nach cuma leis na cumhachtaí sin sa sioc faoi Thadhg an mhargaidh, mar tá an Dollar Uilechumhachtach níos tábhachtaí dóibh?” Chríochnaigh Séimí a phointe go diongbháilte.

“Gan dabht, sin é lomchlár na fírinne agat!” a dúirt mé, roimh bholgam a bhaint as mo chupán tae. “Agus céard faoin tríú fhadhb, níl tú chun iarraidh orm cad atá i gceist ansin, tá súil agam!”

“Seo anois,” ar seisean go mealltach liom. “Má cheap tú go scaoilfinn leat an babhta seo, bhí dul amú ort, a Mhichíl! Agus leis sin, céard é an tríú bhotún?”

Rinne mé mo sheacht ndícheall an tríú fhadhb a oibriú amach.

“Caithfidh mé a rá go raibh an t-ionsaí drón agus diúracán ar áiseanna ola na hAraibe Sádaí an-chontúirteach ar fad. Cé go ndúirt na reibiliúnaigh Houthi gurbh iad a bhí freagrach, ag an am céanna, d’admhaigh Mike Pompeo, Rúnaí Stáit sna Stáit Aontaithe, gurb í an Iaráin a bhí cúisithe. Is ábhar mór buartha é sin, i mo thuairim, a Shéimí!”

“Iarracht iontach é sin, a Mhichíl, agus cé go raibh fadhb eile ar intinn agam, tá an ceann seo lán chomh maith leis! Maith thú!” D’fhéach sé orm go measúil.

“Ach céard a bhí ar intinn agat?” a d’iarr mé air go fiosrach.

“Ná bac leis sin anois, a Mhichíl,” a dúirt sé. “Ach nach furasta cogadh domhanda a spréachadh sa Mheánoirthear, le míthuiscint nó dearmad amháin?”

“Níl mé in ann easaontú leat, a Shéimí!” arsa mise.

“Is mór an faoiseamh dom é sin, a Mhichíl! Cheap mé ar dtús nár chreid tú mé! Ach feicim anois gur fear atá ar eolas ar chúrsaí domhanda tú, fear a thuigeann rioscaí móra an tsaoil chomhaimseartha, go háirithe sa Mheánoirthear.”

“Go raibh maith agat, a Shéimí!” arsa mise. “Agus caithfidh mé a admháil go raibh mé ag smaoineamh go leisciúil ar dtús, agus gur chuir tú i dtreo léargais mé.”  

Creidim go diongbháilte é sin! Múineann Séimí teachtaireacht spreagúil dúinn go léir: Níl aon údar sástachta againn faoi chúrsaí domhanda a bhfuil tionchar mór acu orainn go léir!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

gaGaeilge