An Caipeatól!

.

De ghnáth, bíonn mo chuid ama roinnte idir dhá áit – Cill Chainnigh agus San Diego, ach níl mé ábalta léim ar an gcéad eitleán eile abhaile de dheasca an COVID diabhalta! Táim sáinnithe anseo i San Diego agusbhogfaidh mé go dtí go mbeidh vacsaínithe. Idir an dá linn, airím uaim m’áit dúchais, ach ar ámharaí an tsaoil, táim in ann fanacht i dteagmháil le mo theaghlach agus mo chairde in Éirinn. Táim in ann coinneáil ar an eolas freisin faoina bhfuil ag tarlú sa bhaile. Sin cumhacht an idirlín!  Ós rud é go bhfuil mé ar an talamh anseo i Meiriceá, tír i gcuilithe an iliomad géarchéimeanna ag an am céanna, cheap mé go mbeadh suim agat mo pheirspictíocht a léamh ar an nuacht sna Stáit Aontaithe.  Dá bhrí sin, beidh alt míosúil agam ar an ábhar, dar teideal ‘Tuairisc ó Mheiriceá’. Seo an chéad alt den tsraith.     

Naitsithe agus Faisistithe sa Chaipeatól!

Ní raibh ionadh orm go ndéanfadh Trump beart baothdhána nuair a chaill sé an toghchán uachtaránachta, ach baineadh stangadh asam nuair a chonaic mé an Caipeatól faoi ionsaí ag lucht tacaíochta dílis an Uachtaráin Trump. Níos measa fós, ghríosaigh Trump féin iad chun foréigin ag slógadh agóide a d’eagraigh sé i Washington DC. Scríobh Hilary Clinton alt iontach ar an ábhar sa Washington Post, agus is é seo a leanas achoimre an ailt.

D’fhoilsigh Coimisiún 9/11 tuairisc inar luaigh siad na teipeanna rialtais a d’oscail an doras do na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla ar an lá tragóideach sin. Ba é an teip ba mhó ná easpa samhlaíochta. Níor chreid na ceannairí chomh tromchúiseach agus a bhí an scéal. Beagnach 20 bliain ina dhiaidh sin táimid ag déanamh an bhoin chéanna arís, mar níor shamhlaigh muid an méid damáiste ar féidir leis an Uachtarán a dhéanamh.  Mura dtéimid i ngleic leis na bagairtí atá os ár gcomhair, ní bheidh ann ach tús tragóide i bhfad níos géire dúinn.  

Nuair a sheas Trump sa toghchán uachtaránachta i 2016, mhol sé tír faoi riail daoine geala. Thug sé ardán do chiníochaithe geala, agus chaith sé leo mar chairde. Nuair a chaill sé an toghchán le déanaí, ghríosaigh sé iad chun ionradh a dhéanamh ar an gCaipeatól.

Braitheann na teoiricí seafóideacha atá ag na daoine sin amaideach agus ní dhealraíonn sé go bhfuil aon dochar ann, go dtí go bhfuil taithí phearsanta agat. D’fhoghlaim mé féin an ceacht sin, nuair a chumadh comhcheilg fúm ag maíomh gur Sátanach mé i gceannas ar dhrong phéidifilia lonnaithe i dteach píotsa. Sheol cultasaí fanaiceach buama litreach chugam i dtrátha an ama seo!

sé ríshoiléir dúinn go léir anois cé chomh dainséarach is atá teoiricí chomhcheilge. Spreagann siad na creidmhigh chun foréigin a dhéanamh cosúil leis an bhforéigean a chonaiceamar ar 6 Eanáir i Washington DC!   Gan dabht, ní foláir an dlí a chur ar ionróirí an Chaipeatóil agus pionós trom a ghearradh orthu. Ach níl sé sin sách maith! Ní mór dúinn go léir i Meiriceá domhainmhachnamh a dhéanamh.  Tá leabhar iontach scríofa ag Isabel Wilkerson darb ainm ‘Caste: The Origins of our Discontents. Nochtann Isabel a cuid tuairimí faoi struchtúr na sochaí i Meiriceá, agus taispnann sí dúinn go háititheach go bhfuil córas na sainaicmí i réim ann. Luann sí ceist ghéar ón staraí Taylor Branch: Dá mbeadh rogha idir daonlathas agus gile againn, cé mhéad duine a roghnódh gile? Is í an fhírinne shearbh go roghnódh roinnt mhaith daoine gile! Bhí daoine geala faoi arm in ann briseadh isteach sa Chaipeatól agus cad a tharla ní raibh na forsaí slándála ullamh dóibh! Is mór idir é seo agus cad a tharla i mí an Mheitheamh ag agóid shiocánta i gcoinne dúnmharú George Floyd, nuair a bhí na fórsaí slándála gníomhach agus trodach in aghaidh siúlóirí gorma!

Tá sé tábhachtach anois Trump a tháinseamh as na coireanna uafásacha a rinne sé.  Ní mór do bhaill de Chomhdháil a thacaigh leis na sceimhlitheoirí éirí as a bpoist, é sin iad a chaitheamh amach! Ach is é an rud is tábhachtaí ná dlíthe cóiriúla nua a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm go géar i gcoinne gach eagraíocht sceimhlitheoireachta atá gníomhach sa tír. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus caithfimid deimhniú nach dtarlóidh rud mar seo go deo arís.

Sin a bhí le rá ag Hilary Clinton, agus níl le rá agamsa faoi ach go n-aontaím go hiomlán léi. Céard fút féin?

.

.

.

.

.

gaGaeilge