Scríobh mé cúpla alt i lár na bliana seo caite ag déanamh plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.  Dar le treoirlínte an Rialtais féin: “Is iad cuspóirí ginearálta an Achta (2003) úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa stát, dualgais na gcomhlachtaí poiblí i leith theangacha oifigiúla an stáit a leagan amach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.”  Mar go raibh forálacha an Achta lag go leor, thosaigh obair chun an tAcht a neartú i 2011 agus lean sé ar aghaidh i dtreallanna agus faoi dheireadh, in 2019, foilsíodh an bille féin. Tá sprioc sa bhille go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, agus chinnteofaí gur trí Ghaeilge a dhéanfadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht a cuid gnó.  Is í an fhadhb a bhí agam leis sin ná nach raibh aon sprioc-amanna nó seicphointí ag baint leis na spriocanna, agus ní raibh éinne freagrach astu ach an oiread.

Ar réitigh ár Rialtas na fadhbanna sin? Bhuel, cé go raibh geallta ag an Rialtas agus airí na Gaeltachta go n-achtófar an bille in 2019, ní achtófar! Moilleadóireacht agus tuilleadh moilleadóireacht a deirim. Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh! Tá cúpla duine ag cur brú ar an Rialtas agus ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, agus tá meas mór agam orthu.mórán le rá ar an ábhar ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, agus níl aon dabht ach go ndearna sí a pointe go neamhbhalbh le déanaí, nuair a dúirt sí sa Dáil: “An bhearna is mó a fheicim ná nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha agaibhse, an Rialtas seo ná ag an Rialtas cheana, go bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na nGaeltachtaí de agus ó thaobh na Gaeilge de. Is gá aitheantas a thabhairt don ghéarchéim seo, cosúil leis an Covid. Bhí orainn aitheantas a thabhairt dó. Bhí orainn an víreas a ainmniú. Tá teipthe oraibh an fhadhb anseo a aithint agus is bearna ollmhór í sin.  Tá gá le bearta práinneacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann sa Ghaeilge agus sna Gaeltachtaí ar fud na tíre.” Aontaím go huile agus go hiomlán léi. sé in am beart a dhéanamh anois gan a thuilleadh moille nó beidh sé ródhéanach. Tá go leor leasaithe réasúnta sa Bhille atá á mholadh, ach mar sin féin bhí níos mó ná 90 leasú (as 308 leasú in iomlán atá sa Bhille) dícheadaithe ag Oifig na mBillí. Agus an rud is aistí dom faoi sinní raibh aon ról ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i ndícheadú na 90 leasú sin. I mo thuairim, ní raibh Jack Chambers ag comhlíonadh a ndualgais mar Aire Stáit na Gaeltachta, agus ní shílim go bhfuil sé seo inghlactha!

Labhair Aengus Ó’Snodaigh (urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge) amach ar son na Gaeilge gan scáth ná faitíos sa Dáil freisin. Dúirt sé go raibh baol ann nach mbeadh de thoradh ar an mbille teanga nua ach tuilleadh daoine sa tseirbhís phoiblí nach bhfuil de Ghaeilge acu ach ‘Dia Duit’. Is é a bhí i gceist ná an chiall ag baint leis an téarma ‘inniúlacht sa Ghaeilge. Mhol Sinn Féin caighdeán TEG B2 a úsáid mar chritéir inniúlachta sa Ghaeilge. Ach dhiúltaigh Aire Stáit Jack Chambers don mhíniú sin agus don leasú ag baint leis, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoin mbliain 2030. Dúirt sé go mbeadh sé sásta filleadh ar an ábhar ag ‘céim na tuarascála’, a tharlódh níos déanaí sa phróiseas. Ach dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó’Cúiv go bhfuil ceist na hinniúlachta i gcroílár an bhille. Dúirt sé freisin mura ndéanfaí an inniúlacht sin a shainmhíniú go soiléir, go ndéarfaí amach go mbeadh 20% d’earcaigh nua ina nGaeilgeoirí nach mbeadh Gaeilge acu! D’aontaigh Catherine Connolly gurb í ceist na hinniúlachta an cheist is bunúsaí den bhille.

Agus mo thuairimse?  Cuireann an scéal seo i gcuimhne dom Néaró agus é ag fidléireacht fad a bhí an Róimh ina thimpeall á loscadh. Sa chás seo, tá an Rialtas (agus go háirithe Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers) ag casadh ceoil agus an Ghaeilge á dó. Níl aon dabht ach gur gá gníomhú go práinneach, bille láidir a chur i bhfeidhm agus stad a chur láithreach leis an bpleidhcíocht agus an díospóireacht atá ar siúl sa Dáil!

.

.

.

.

.

gaGaeilge