De ghnáth, níl suim dá laghad agam i dteaghlach ríoga na Breataine. Ach tá cúpla eisceacht an Banphrionsa Diana agus an Bandiúc Sussex Meghan Markle.  Tá a fhios ag madraí an bhaile cad a tharla i gcás Diana, agus an tslí uafásach ar bhásaigh sí. Tá súil agam i gcás Meghan go mbeidh lá eile ag an bPaorach, ach tá rudaí níos casta di, i slite difriúla!

Nuair a d’fhoghlaimíomar go gcuirfeadh Oprah Winfrey agallamh eisiach ar Meghan, rinne mo bhean chéile agus mé féin cinnte de é a fheiceáil. Bhain an clár sin an púicín dínn, mar thug Meghan rudaí uafásacha chun solais.

Meiriceánach is í Meghan a d’fhás aníos i Hollywood i gCalifornia. Tá cúlra cine measctha aici, mar is bean ghorm í a máthair agus is fear geal é a hathair. Tá Meghan bródúil as a cúlra agus sháraigh sí aon deacrachtaí a d’eascair aníos de dheasca ciníochas. Nuair a bhí sí óg, thugadh sí cuairteanna ar stiúideonna Hollywood go minic, agus chuaigh sé sin go mór i gcion uirthi. Níorbh aon ionadh é, mar sin, gur spreag na cuairteanna sin spéis san aisteoireacht inti. Tar éis na meánscoile, d’fhreastail Meghan ar Ollscoil Northwestern in Illinois, agus rinne sí staidéar ar amharclannaíocht agus léann idirnáisiúnta. Tar éis di a céim a bhaint amach, thosaigh sí ag obair mar aisteoir agus fuair sí páirteanna beaga ar chláir theilifíse agus ar an scannán mór freisin. Chomh maith leis sin, fuair sí obair mar mhainicín ó am go ham. Fuair sí a seans mór sa bhliain 2011 leis an ról a fuair sí mar ‘Rachel Zane’ sa tsraith theilifíse ‘Suits’. Bhí an-rath ar an tsraith sin, agus go tobann bhí clú agus cáil ar Meghan. Bhuail Meghan leis an bPrionsa Harry sa bhliain 2016, ar choinne chéadaithne i Londain, a d’eagair cara léi. Bliain ina dhiaidh sin bhí siad geallta agus phós siad ar an 19 Bealtaine 2018. Bliain ina dhiaidh sin, saolaíodh a mac Archie. Meghan agus Harry ag súil le páiste eile i mbliana.  Tar éis iad a bheith pósta, d’éirigh deacrachtaí móra idir an lánúin nuaphósta agus baill eile den teaghlach ríoga. Diaidh ar ndiaidh, tharraing Harry agus Meghan siar ón teaghlach, agus sa deireadh scar siad amach uathu go hiomlán, agus bhog siad go Ceanada agus ansin go dtí na Stáit Aontaithe, an tír ina bhfuil cónaí orthu anois. Chas siad le Oprah chun ‘an scéal a chur ina cheart’.

Rinne Oprah jab iontach mar agallóir, agus de réir a chéile, bhí sí in ann Meghan a chur ar a suaimhneas agus ag an am céanna, ceisteanna géara a chur uirthi. Ní raibh aon leisce ar Meghan nó ar Harry a ceisteanna a fhreagairt go macánta. Tharla an t-agallamh i Montecito, i gCalifornia, an áit ina bhfuil siad go léir ina gcónaí. B’iontach linn a ionraic a bhí Meghan agus Harry, agus baineadh siar asainn a dhírí a bhí siad freisin. Seo iad na rudaí is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn.  

1.Pósadh Meghan agus Harry roimh a bainis oifigiúil! Ní raibh ann ach Harry, Meghan agus an tArdeaspag Canterbury!
2.Réitíonn siad go maith le Banríon Éilís II na Ríochta Aontaithe. Bíonn siad i dteagmháil go minic, fiú amháin ar Zoom!
3.Uaireanta, bhíodh Meghan ag smaoineamh ar lámh a ghlacadh ina bás féin. Bhraith sí an-scoilte agus mhaígh sí gur chaith an ‘Firm’ (mórgacht an pháláis) agus an daoscarphreas go dona léi. Nuair a d’iarr sí cabhair ar bhaill an teaghlaigh ríoga, bhí dearcadh neamhbháúil acu, agus ní dhearnadar faic.  
4.Dúirt baill den teaghlach ríoga go rabhadar buartha faoin dath a mbeadh ar chraiceann Archie! Nocht Meghan an fhírinne uafásach sin ar dtús, agus dhearbhaigh Harry é níos déanaí san agallamh. Níor nochtadh dúinn cén duine nó daoine a bhí buartha, ach dúirt Oprah an lá ina dhiaidh sin nach raibh an Bhanríon Éilís II nó an Prionsa Philip i gceist.
5.Mhothaigh Harry go raibh sé i sáinn sa teaghlach ríoga, sa chóras sin, i gcónaí. In Eanáir 2020, d’fhógair siad nach mbeidís mar bhaill shinsearacha sa teaghlach ríoga níos mó, agus mhínigh Harry nach raibh sé i gceist aige ligean don rud céanna a tharla dá mháthair tarlú an athuair.

Tar éis an tsaoil, nach bhfuil a fhios againn go léir faoin stair fhada atá ag an teaghlach ríoga sin ag déanamh leithcheala ar beagnach gach duine eile ar an domhan. Filleann an feall ar an bhfeallaire!

.

gaGaeilge