Scríobh m’athair an t-alt seo a leanas roinnt blianta ó shin faoi na gcroíphrionsabail atá mar bhunchlocha ár náisiún, agus tá na ceisteanna ar dhírigh sé orthu chomh húr agus chomh tábhachtach céanna inniu agus a bhí riamh…

Is dócha go bhféadfá a rá, gur tógadh an Stát s’againne thart ar fhís na saoirse agus an náisiúnachais. Ní gá a rá, nach bhfuil dada faoin ngréin chomh riachtanach i mbunú Stáit leis an bhfís chéanna sin, go háirithe, nuair is fís í a chorraíonn agus a aclaíonn chuile chroí ag an am céanna. Ní gá a rá, ach oiread, nach fás aon oíche a bhí sa bhfís uilíoch sin, i gcás na tíre seo. Níorbh ea, in aon chor, nó caitheadh blianta fada ag gaibhniú agus ag dealbhú an earra chéanna sin.

Gaibhniú agus dealbhú

Conas a deineadh beart dá leithéid, an ea?

I ndeireadh na naoú haois déag, tháinig dreamanna áirithe éagsúla ar an tuairim gurbh é a leas é saothrú ar son saoirse agus leithleachais náisiúnta feasta. Tugann muid faoi deara, bunú Chumann Lúthchleas Gael, i ndeireadh an naoú haois déag, agus é d’aidhm acusan na cluichí náisiúnta a fhorbairt, agus a chur chun cinn. Thart ar an am céanna, d’fhéadfá a rá, bhí Conradh na Gaeilge ar a dhícheall, ag iarraidh an teanga náisiúnta a athbheochan. Bhí fórsaí eile freisin i mbun oibre, fórsaí cosúil le Sinn Féin, na Fíníní, agus tuilleadh. D’éirigh le cinnirí áirithe na snáitheanna éagsúla náisiúnta sin a shnaidhmeadh agus a fhí in aon téad ioldhualach amháin. Daoine cosúil leis an bPiarsach, daoine a raibh ar a gcumas, fís a fhí as na snáitheanna céanna sin a chuir dreamanna áirithe den náisiún ar fáil, fís a shásaigh, agus a mheall, baill an náisiúin, glacadh leis mar aidhm onórach, inmhianaithe, insroichte. I rith an ama áirithe sin freisin, tháinig Óglaigh na hÉireann ar an bhfód, dream a raibh ar a gcumas fís an náisiúin a ghlacadh chucu fhéin, a fhorbairt, agus a chur chun cinn, i measc an phobail. Caithfear a thabhairt faoi deara freisin, nach dtiocfadh chuile bhall den náisiún isteach faoi bhratach na físe céanna sin, ach bhí seans maith ann, go bhféadfaí Móramh Morálta a mhealladh ar thaobh na físe sin, agus b’in mar a tharla, i ndeireadh na feide.

Trí bhriseadh is trí bhua

B’in cuid de na fórsaí a bhí gníomhach i measc daoine, i dtús na haoise seo caite, agus de réir a chéile, trí bhriseadh agus trí bhua, deineadh gnéithe éagsúla na físe sin a shoiléiriú don phobal. Nuair a deineadh an fhís sin a pharsáil, agus a iniúchadh, tuigeadh gurbh iad na gnéithe ba thábhachtaí a bhí uathu nó, go mbeadh an pobal a bhunófaí, Gaelach, Aontaithe, agus Saor. B’in í fís an Phiarsaigh. B’in í fís na nÓglach, agus b’in í an fhís a spreag agus a mhisnigh na Gaeil a d’éirigh amach, leis an bPoblacht a bhunú, agus a bhuanú, anseo in Éirinn iathghlas oileánach.

De réir mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh áfach, agus de réir a chéile, cailleadh roinnt mhaith den fhís chéanna sin. Bhí daoine anseo, agus dár leosan go bhféadfaí an fhís a chomhlíonadh, gan bacadh leis an Teanga, daoine eile den tuairim, go bhféadfadh an náisiún teacht i dtír, gan bacadh leis an aontacht, sea, agus tuilleadh fós den tuairim, nárbh fhál go haer é, mura mbeadh an tsaoirse fhéin againn, mar náisiún.

Ceisteanna le freagairt

Ar dheineamar an teanga a athbheochan? Ar dheineamar an tír a aontú? Ar baineadh saoirse amach don Phoblacht a bunaíodh? Nó an féidir teacht i dtír dá n-éagmais? Nó an bhfuil, fiú, tús curtha againn le fíorú na n-aidhmeanna inmhianaithe sin?

Níl fúm na ceisteanna sin a fhreagairt, ach fágfaidh mé fút fhéin é sin a dhéanamh. Ach tá sé soiléir, nach bhfuil an fhís chéanna sin ag spreagadh an phobail s’againne anois, faoi mar a dhein sí, blianta fada ó shin. Ní hionann sin is a rá, go bhfuil an fhís sin caillte, amach is amuigh. Is soiléir gur chailleamar ár slí, agus gur thugamar bóithrín na sainte, in áit bóithrín na saoirse, orainn fhéin mar phobal, agus anois tá sé soiléir nár chuir sin aon Útóipe ar fáil dúinn, nó chailleamar an saibhreas bréige faoi mar ba chúr na habhann é. Mar sin, níl an dara rogha againn anois, ach dul siar go foinse na saoirse arís, agus an babhta seo, caithfimid tabhairt faoi phoblacht cheart chóir, chothrom, a dhealbhú. Poblacht a thálfaidh ar ál uile an náisiúin. Poblacht nach mbronnfaidh bunús shaibhreas an phobail ar chéatadán an-bheag dár ndaoine, agus poblacht nach bhfágfaidh dream ar bith ar an mblár fholaimh, sea, agus poblacht ina mbeidh muintir na tíre sásta saothrú ar a son.

.

.

gaGaeilge