Seans beag gur chuala tú riamh faoi bhuachaill darb ainm Tani Adewumi. Ach seans mór go bhfaca tú an mhionsraith seacht gcuid, eisithe ag Netflix darb ainm ‘The Queen’s Gambit’. Tá an mhionsraith seo bunaithe ar úrscéal ón údar Walter Tevis. Is í Beth Harmon (Anya Taylor-Joy) an príomhcharachtar agus is imreoir éachtach fichille í óna hóige ar aghaidh, in ainneoin na dúshláin phearsanta a tharlaíonn ina saol féin. Bhí saol deacair aici ón am a fuair a máthair bás agus gur tógadh chuig dílleachtlann í. Nuair a fheiceann sí airíoch na scoile ag foghlaim na fichille san íoslach, bíonn sí fiosrach agus múineann an t-airíoch ficheall di. Bíonn sé gafa leis an bhficheall agus tosaíonn sí ag iomaíocht i gcomórtais fichille agus ag buachan an t-am go léir. Bíonn an scéal ag dul siar agus aniar idir na comórtais agus a saol pearsanta atá fite fuaite le chéile. Sraith thar barr atá ann agus má thosaíonn tú ag breathnú uirthi, ní bheidh tú in ann éirí as!

Cad faoi Tani Adewumi, an ea?  Bhuel, tá cosúlachtaí ar díol iontais iad idir Beth Harmon agus Tani Adewumi. Ach tá difríochtaí suntasacha ann freisin, ní ba lú ina measc gur fíorscéal é scéal Tani. Scéal dochreidte agus inspioráideach atá ann, agus seo achoimre an scéil sin, roinnte ina dhá chuid.

Tani – ocht mbliana d’aois

Cúpla bliain ó shin, scríobh Nicholas Kristof, colúnaí tuairimíochta sa ‘New York Times’, scéal faoi Tani Adewumi. Tháinig Tani go dtí Nua Eabhrac sna Stáit Aontaithe an bhliain roimhe sin (2017). Theith Tani agus a theaghlach as an Nigéir ar eagla go n-ionsódh sceimhlitheoirí antoisceacha Ioslamaigh ó Boko Haram iad, toisc gur Caitlicigh iad. Thug sagart paróiste cabhair dóibh agus fuair sé áit dóibh in ionad do dhaoine gan dídean i Manhattan. Ansin, d’aimsigh an sagart bunscoil do Thani, agus d’fhreastal Tani ar an scoil sin – Scoil Phoiblí 116. Ba ansin a d’fhoghlaim Tani conas ficheall a imirt. Bhí múinteoir aige, Russell Makofsky, agus do mhúin sé an cluiche sa scoil. Ní raibh sé ar acmhainn Tani na táillí teagaisc a íoc, ach leag Makofsky an riail sin ar leataobh do Thani. Sa chéad chomórtas fichille inar imir sé, tháinig Tani san áit dheireanach. Ach bliain ina dhiaidh sin, agus é ocht mbliana d’aois, bhuaigh sé craobh Stáit Nua Eabhrac ina aoisghrúpa, an chéad iomaitheoir a bhuaigh an duais sin ar a chéad iarracht! Páiste éachtach a bhí ann, gan dabht! Tar éis colún Kristof agus le cabhair ó Makofsky an múinteoir, tosaíodh feachtas ‘GoFundMe’ ar son Tani agus a theaghlach. Tháinig an t-airgead isteach go tiubh tréan, agus sula i bhfad bhí méid mór airgid bailithe – $250,000! Ansin, dhíol bronntóir anaithnid cíos árasáin díobh ar feadh bliana! Bhog an teaghlach go dtí an t-árasán sin i gConnecticut. Ach cad a rinne siad leis an airgead, an ea? Bhuel, thug siad an deichiú cuid don eaglais, agus chuir siad an chuid eile isteach i bhfondúireacht a thosaigh siad, darb ainm “Tanitoluwa Adewumi Foundation’’. Beidh an t-airgead san fhondúireacht sin á úsáid acu chun cabhair a thabhairt d’imircigh ón Afraic atá ar an ngannchuid. Chuir an colúnaí ceist ar athair Tani – “nach gcoimeádfaidh tú aon airgead?” “Fuair mé beannacht Dé, agus ba mhaith liom é a roinnt le daoine eile!” a d’fhreagair sé. D’aontaigh Tani leis an gcinneadh sin, freisin.

Tani – deich mbliana d’aois

Scríobh Kristof alt nua faoi Tani le déanaí. Ghlac Tani páirt i gcomórtas fichille oscailte i gConnecticut . Bhí imreoirí ann de gach aois ach bhuaigh Tani an comórtas sin, agus dá bhrí sin fuair sé rátáil fhichille de 2223. Leis an rátáil ard sin, rinneadh Máistir Náisiúnta de, agus é ach deich mbliana d’aois! Níl sé ag imirt fichille ach trí bliana anuas agus é ina Máistir Náisiúnta – is iontach an gaisce é sin! Ach tá sé mar aidhm ag Tani anois a bheith ina Ardmháistir Idirnáisiúnta roimh i bhfad. Chonaic Tani ‘The Queen’s Gambit’, agus dúirt sé go bhfaca sé é féin sa mhionsraith sin! Agus seans mór go mbeidh scannán faoi Tani féin ar an scannán mór luath go leor, eisithe ag ‘Paramount Pictures.’

Is é an scéal mór scríofa i saol Tani ná: Is rud uilíoch é an tallann, ach ar an drochuair níl aon chinnteacht ann maidir le cothromaíocht deiseanna. De ghnáth ní bhíonn deiseanna mar sin ag teifigh, ar chaill siad gach rud gan aon locht orthusan mar gheall air. Ach léiríonn an scéal seo nach bhfuil aon teorainn le spiorad dochloíte daoine , ach amháin an deis a bheith ann agus duine nó beirt toilteanach cabhrú leo!

.

.

.

.

.

gaGaeilge