D’éirigh saol na mBundúchasach Meiriceánach níos crua nuair a tháinig na hEorpaigh chun talún. Baineadh an talamh díobh, agus díbríodh go dtí drochthailte iad. Ní raibh fiú cearta sibhialta acu ina dtír féin agus is iomaí gníomh barbartha a raibh na gabhálaithe eachtrannacha freagrach as ó shin i leith. Ní hamháin sna Stáit Aontaithe a tharlaíodh ciníochas uafásach in aghaidh na mBundúchasach ach i gCeanada freisin. Agus ní hamháin i bhfad ó shin a tharlaíodh coireanna náireacha ina n-aghaidh, ach suas go dtí an lá atá inniu ann!
Is ón iar-thaoiseach na treibhe Musqueam i gCeanada a fuarthas an sliocht seo leanas agus cuireann sé in iúl dúinn faoi anchaoi na mBundúchasach sa tír sin, maidir leis na scoileanna cónaithe.
“Bhí soláthar bataí ag an tSiúr Marie Baptiste, agus iad chomh fada agus chomh tiubh le ciúnna púil. Nuair a chuala sí mé ag labhairt mo theanga dhúchais, bhuail sí leis an mbata mé. Tá uchtóga agus coilm fós ar mo lámha. Bíonn orm lámhainní speisialta a chaitheamh mar bíonn mo lámha pianmhar nuair a bhíonn an aimsir fuar. Gach uair a fuair mé bualadh, rinne mé an-iarracht gan deoir a shileadh agus tá mé in ann mo mhothúcháin a mhúchadh fós – agus tá an t-ádh orm! Fuair go leor fir ar comhaois liom bás, nó chuir siad lámh ina mbás féin, nó fuair siad bás le foréigean, nó bhí siad gafa le halcól.
Agus ní hamháin fadhb i mo ghlúin a bhí ann. Tá mo sheanmháthair ina nóchaidí, agus go dtí an lá inniu féin, tá sé róphianmhar di caint faoi cad a tharla di ar scoil.“
Agus cad a tharla i gCeanada le déanaí? Nochtadh taisí daonna nuair a rinne muintir na treibhe Tk’emlups te Secwepemc lorgscanadh le Radar Treáiteach Talún ag scoil chónaithe lonnaithe in Kamloops, cathair i gColumbia na Breataine ó dheas. Bhí 215 páiste curtha ar thailte na scoile, leanaí chomh hóg le trí bliana d’aois san áireamh. Níl an lorgscanadh críochnaithe fós, agus is dócha ná a mhalairt go bhfaighfear coirp eile ansin. Bunaíodh an scoil in Kamloops i 1890 agus bhí an scoil sin ag feidhmiú go dtí 1978. Bhí an Eaglais Chaitliceach i gceannas ar an scoil an t-am go léir agus mar sin tá sí freagrach as na hainghníomhartha a tharla sa scoil agus i scoileanna eile freisin a raibh sí i gceannas orthu.
Córas scoileanna cónaithe – gléas maraithe
Ar an drochuair, ní hé seo an chéad uair a tharla a leithéid! D’eagair rialtas Ceanada Coimisiún Fírinne agus Athmhuintearas i 2008, chun fiosrúchán a dhéanamh maidir leis na scoileanna cónaithe. Thosaigh na scoileanna sin i 1863, agus bhí siad in úsáid go dtí 1998. Le linn na tréimhse sin, tógadh níos mó ná 150,000 leanbh óna dteaghlaigh agus cuireadh isteach sna scoileanna cónaithe iad. Faoi dheireadh na 19ú haoise bhí 139 scoil chónaí i gCeanada. Ní raibh cead ag na páistí a dteanga a labhairt nó a gcultúr a chleachtadh. Tugadh drochíde choirp agus intinne do go leor acu. Uaireanta, bhíodh galair thógálacha cosúil le heitinn as smacht, agus bhíodh droch-chothú ar na daltaí go minic. Dá bharr sin, fuair go leor acu bás.
Rinne an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar feadh sé bliana agus d’fhoilsigh siad a dtuairisc i 2015. Ba é ceann de na priomhthorthaí an athbhreithnithe ná gur tharla cinedhíothú cultúrtha forleathan in aghaidh na bpobal dúchasach i gCeanada. In ainneoin gur iarr an Coimisiún ar an bPápa Proinsias leithscéal a ghabháil ar son na hEaglaise, níor ghabh sé leithscéal foirmiúil fós as an ról lárnach a bhí ag an Eaglais sna scoileanna cónaithe.
Tá 94 moladh luaite i dtuairisc an Coimisiún. Tá moltaí láidre ann mar gheall ar athbheochan teanga agus cultúir na ndúchasach – ag iarraidh Acht Teanga, Coimisinéir Teanga agus cúrsaí teanga sna scoileanna agus ollscoileanna san áireamh.
Measadh go bhfuair ar a laghad 4,100 dalta bás sna scoileanna cónaithe, agus d’éiligh an Coimisiún míniú soiléir ón rialtas faoi na básanna. Meastar anois, dar le Murray Sinclair, iar-cheannaire an Choimisiúin, go bhfuair níos mó ná 10,000 dalta bás iontu.
Rinne an coilíneachas an-damáiste do theangacha agus do chultúir dúchasaigh ar fud an domhain, agus is ábhar dóchais é go bhfuil iarrachtaí leanúnacha iad a athbheochan. Ní mór dúinn in Éirinn níos mó a dhéanamh maidir leis ár dteanga agus ár gcultúr, agus a bheith mar inspioráid ar fud an domhain do ghrúpaí eitneacha ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh!