Bhí mé an-sásta liom féin tar éis dom an dara dáileog a fháil in aghaidh COVID-19. Cheap mé go raibh mé ar mhuin na muice agus nach mbeadh orm a bheith buartha faoin gcoróinvíreas ó shin i leith! Brionglóid dheas a bhí ann a fhad is a mhair sé, agus ní fada a mhair an créatúr sin! Tháinig tromluí ina ionad, darb ainm Delta. Ar dtús, litir eile in aibítir na Gréigise a bhí ann, á úsáid chun ainm neamhpholaitiúil a bhaisteadh ar chineál nua den gcoróinvíreas. Ach ansin diaidh ar ndiaidh, tháinig na drochscéalta nuachta a teacht isteach, agus d’fhoghlaim mé go raibh an cineál Delta i bhfad níos tógálaí ná aon chineál eile.  Ansin, le déanaí sceitheadh tuarascáil inmheánach curtha le chéile ag an Lárionad um Ghalair a Rialú (CDC) sna Stáit Aontaithe, agus ba chúis imní é, gan dabht. Is foinse iontaofa í an CDC de ghnáth agus nuair a deimhníodh gur fíor-tuarascáil a bhí ann, thosaigh mé ag éirí imníoch. Dá mhéad a chuala nó a léigh mé faoin gcineál Delta den víreas is ea is mó buaireamh a tháinig orm. Dúirt Stiúrthóir an CDC, an Dochtúir Rochelle Walensky: “Caithfidh daoine a thuiscint nach bhfuil muid ag déanamh chailleach an uafáis agus is rud tromchúiseach atá i gceist anseo. Tá an cineál víreas seo ar cheann de na víris is tógálaí atá ar eolas againn. Tá an víreas seo beagnach chomh tógálach le deilgneach. Mar sin, scaipeann an galar ó dhuine ionfhabhtaithe go seisear eile, ar an meán. Tugtar R-uimhir ar an uimhir sin, agus leis an gcéad cineál den víreas, bhí an uimhir sin i bhfad níos lú, timpeall a dó.  Ceaptar freisin go mb’fhéidir go bhfuil daoine vacsaínithe in ann an galar a scaipeadh. Agus seans maith go bhfuil galar níos measa ag baint leis an gcineál Delta den víreas. Ní haon ionadh é go bhfuil an cheathrú maidhm den Covid-19 ar siúl anois ar fud an domhain, agus líon na gcásanna ag méadú go tapa. Sin é an tromluí a ndearna mé tagairt dó níos luaithe. Is mór an trua é, mar níl deireadh na pandéime le feiceáil fós. B’fhéidir go mbeidh srianta ag teacht ar ais roimh i bhfad – is deacair a rá.  Gan dabht, cuireann na drochscéalta sin lionn dubh orainn go léir, agus ardaíonn sé sin ceist eile – céard faoinár meabhairshláinte?  Tá sé deacair dúinn agus don tsochaí feidhmiú go maith in aghaidh na mbagairtí agus na srianta ar gá leo de dheasca na pandéime. Bhuel, tá ceithre nod agam ar an ábhar, a chabhraíonn go mór liom agus a roinnfidh mé leat sa tsúil go mbeidís úsáideach duitse freisin.

.

Léirigh do mhothúcháin

Ná lig ort go bhfuil gach rud i gceart nuair nach bhfuil. Ná bí buartha labhairt le duine de do theaghlach nó do chairde aon uair a thagann saghas ísle brí ort. Mura bhfuil teaghlach nó cairde ar fáil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le gairmí sa tseirbhís mheabhairshláinte. Tar éis labhairt le duine eile maidir le haon deacrachtaí atá agat, mothóidh tú níos fearr. Fiú mura bhfaigheann tú moltaí, tabharfaidh an comhrá féin faoiseamh duit.

.

Féinchúram

Tá sé tábhachtach aire a thabhairt duit féin, go háirithe in am an ghátair.  Cur liosta gníomhaíochtaí a thaitníonn leat le chéile agus cur isteach iad i do sceideal laethúla. Seo cúpla gníomhaíocht i mo liosta: siúlóid, cleachtadh a dhéanamh ar an ngiotár, éisteacht le Raidió na Gaeltachta, aclaíocht a dhéanamh, breathnú ar imeachtaí spóirt, srl.

.

Gnáthamh

Tá go leor dúinn sa bhaile beagnach an t-am go léir de dheasca na pandéime, agus is rud maith é a bheith gnóthach. Cuireann an fear díomhaoin cathú ar an diabhal, mar a déarfá. Is smaoineamh maith é sceideal a chur le chéile duit féin. Má tá tú ag cian obair sa bhaile, beidh sé tábhachtach am a chur in áirithe chun an obair sin a dhéanamh, agus do sceideal a bheith ar eolas ag na baill eile den teaghlach.

.

Dearcadh Dearfach    

Más fada an lá tagann an oíche, agus lá amháin beidh an chuid is measa den bpandéim seo curtha dínn againn. Níl muid ann fós, ach tiocfaidh ár lá. Idir an dá linn, cabhróidh sé go mór linn dearcadh dearfach a chothú. Tá sé sin níos deacra in am na pandéime, mar is rud nádúrtha dúinn a bheith ag faire amach do bhagairtí. Mar shampla, dá mhéad a dhéanann tú gruaimscrolláil (‘doomscrolling’ as Béarla) ar an idirlíon, is mó buaireamh a thiocfaidh ort agus ní rud maith é sin.  Cur an bhéim ar na rudaí dearfacha i do shaol agus mothóidh tú i bhfad níos fearr!

.

.

.

.

.

       .

.


.

.

.

gaGaeilge