Bhí na lampaí teasa á lasadh ag Tóin Mhór thíos sa Smugairle Róin, in iarracht muid a bhí ann a chur ar ár gcompord agus chun custaiméirí nua a mhealladh isteach mar a bheadh leamhan ar choinneal. Bhí Séimí agus mé féin i mbun comhrá faoi na rudaí a chreideann cuid mhaith den phobal ach nach bhfuil fíor ar chor ar bith. Bhí Séimí ag iarraidh an lámh uachtar a fháil orm sa díospóireacht sin agus déanta na fírinne, bhí mo phort beagnach seinnte.

“Nach mbainfeadh an radharc an anáil díot, a Mhichíl?” arsa Séimí agus é ag breathnú i dtreo an chaisleáin, a bhí i bhfráma na habhann agus Droichead Sheáin.

“Tá an ceart agat, agus ní éirím tuirseach den radharc sin riamh, a Shéimí. Ach tá radhairc áille eile ar fáil sa chontae atá chomh hálainn, i mo thuairim!” Thapaigh mé an deis sin gan mhoill. Cheap mé go dtarraingeoinn a aird i dtreo mionchainte.

“Braitheann sé ar cad atá á lorg agat,” arsa Séimí. “Is maith liomsa an meascán sa radharc seo. Tá eilimintí nádúrtha agus saorga ag teacht go foirfe le chéile. Agus níl mórán rudaí de dhéantús an duine níos áille ná ár gcaisleán ársa anseo.”

“Caithfidh mé aontú leat faoi sin, a Shéimí. Bhí mise ag smaoineamh faoi Inis Tíog, agus cé go bhfuil na radhairc áille atá ar fáil ann thar a bheith iontach, caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon radharc ansin chomh maorga leis an radharc seo os ár gcomhar anois.” Bhí mé an-sásta mar ní raibh mé faoi ionsaí agus b’fhéidir gur éirigh liom an t-ábhar a athrú. Ach ní fhaca mé an piléar ag teacht.

“Nach éasca duit aontú liom ar chomhdhéanamh radharc, a Mhichíl! Ach níl tú in ann aontú liom ar chor ar bith faoi cé chomh neamhréasúnta is atá go leor daoine faoi chúrsaí eolaíochta. Nach cuma sa Diabhal, a dúirt tú, nach ea?” Chaoch sé a shúil orm ansin amhail is a bhí a fhios aige cad a bhí ar intinn agam a dhéanamh.

Toisc nár éirigh liom le m’iarracht an t-ábhar a athrú, bhí sé ar tí agam ar dtús leanúint ar aghaidh ag cosaint an dearcaidh ar sheas mé ar a shon, ach stad mé roimh aon fhreagra a thabhairt, agus smaoinigh mé ar feadh nóiméid. Ag deireadh an lae nach raibh an ceart ag Séimí? Bhí mé ag iarraidh m’oineach a chosaint, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Bhí sé soiléir dom nárbh fhiú agus mar sin bhí sé in am dul ar an umhlaíocht agus an fhírinne a insint ar an toirt.

“A Shéimí, tuigim cad atá á rá agat, agus tá sé ríshoiléir go ndearna tú machnamh domhain ar an ábhar seo. Ní dhearna mise an méid machnaimh sin, gan dabht ar bith. Tá an-chiall le do thuairim, agus glacaim leis go hiomlán. Ag brionglóideach a bhí mé agus tá sé thar a bheith soiléir dom anois go bhfuil an domhan níos casta ná mar a cheap mé.” Lig mé osna fhaoisimh asam ansin, agus dhiurnaigh mé mo ghloine. Luigh mé siar sa chathaoir, ar bís ag fanacht le cad a bheadh le rá ag Séimí.

“Tá intinn oscailte agat, a chara, agus is rud maith é sin, gan dabht. Níl an freagra ceart ag aon duine an t-am go léir, mise san áireamh”, arsa Séimí. D’imigh an teannas a bhí san aer ar an toirt.

“Ar aon nós, a Mhichíl, is é a bhí ar intinn agam a rá ná gurb iad na hamadáin céanna sin a shéanann na fíricí atá cionsiocair le go leor fadhbanna sochaí atá againn faoi láthair.”

“Hipitéis shuimiúil é sin, gan dabht, a Shéimí. An bhfuil aon samplaí agat?” Bhí mé sásta anois mar bhí comhrá neamh bhagrach ar siúl againn, agus bhí dearcadh suimiúil ag Séimí ar gach ábhar. Agus an rud ba thábhachtaí – ní raibh mé faoi ionsaí ní ba mhó! Lean Séimí ar aghaidh gan srian anois.

“Níl aon easpa samplaí, a Mhichíl. I ngach cás, feictear dom go bhfuil bréag mhór mar phríomhchúis na faidhbe móire atá i gceist. Seo cúpla sampla: téamh domhanda, toghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2020, an ciníochas, cath na hIaráice, an lucht frith-vacsaínithe, QAnon agus go leor eile. Pioc ceann dom!”

“Maith go leor, a Shéimí, ach b’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn imeacht. Ar mhaith leat cupán tae ag mo theachsa?” arsa mise.

Ba ghearr go rabhamar suite go daingean i mo theach agus tae úrdhéanta á n-ól againn.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge