An bhfuil a fhios agat cé hí Frances Haugen? I mo thuairim, duine misniúil agus prionsabálta is ea í, mar is cás an leoin agus na luiche atá anseo againn. Bean nochta scéil is ea Frances, a sceith doiciméid inmheánacha Facebook leis na meáin. Scéal mór a bhí ann, inar cuireadh taighde an chomhlachta i láthair mar gheall ar an drochthionchar atá ag Instagram ar chailíní atá sna déaga.  Mothaíonn 32 faoin gcéad den dream sin a úsáideann Instagram níos measa dóibh féin. Bíonn Instagram díríthe ar chorpíomhá fhoirfe seachas corpíomhá réalaíoch agus feictear do na déagóirí sin go bhfuil caighdeán dofhaighte ann dóibh féin. Cuireann sé sin drochmhisneach orthu, agus tagann dúlagar ar chuid acu dá bhrí sin.

Nochtadh cúpla rud eile suntasach freisin. Nuair a athraigh Facebook algartam lárnach sa bhliain 2018, in iarracht feabhsú a dhéanamh ó thaobh an chaidrimh shóisialta de, thit an tóin as an bplean agus chuaigh rudaí in olcas agus spreagadh postálacha deighilteacha agus bréagnuacht ina ionad. Ó – agus rud eile: ní dhéanann Facebook iarrachtaí ar bith ardán sábháilte a bheith ann ach amháin mar gheall ar ábhar as Béarla.

Dúirt Frances ar an gclár teilifíse ’60 Minutes’ gurb í féin a sceith na doiciméid thuasluaite. Thug Frances fianaise do Chomhdháil na Stát Aontaithe tar éis sin ar an 5 Deireadh Fómhair. Dúirt sí gur chruthaigh na doiciméid gur chuir Facebook an dallamullóg orainn d’aon ghnó faoi shábháilteacht na gcailíní, faoi éifeachtacht na hintleachta saorga (IS – nó ‘AI’ as Béarla), agus a ról ag scaipeadh teachtaireachtaí deighilteacha agus míchuibheasacha. D’inis sí do na Seanadóirí ansin go raibh nasc domhain idir na lochtanna go léir a nochtadh sna doiciméid, a léirigh an fhírinne lom faoi bhunphrionsabail an chomhlachta.  

“Ní scéal é seo faoi úsáideoirí na meáin sóisialta ag éirí feargach nó neamhsheasmhach, nó faoi radacú déanta ar thaobh amháin in aghaidh an taoibh eile; is scéal é seo faoi Facebook ag déanamh an chinnidh go bhfásfaidís ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ag fás go comhlacht beagnach trilliún dollar, agus ag íoc as a brabús leis ár sábháilteacht,” ar sise leis na Seanadóirí.  “Tá a fhios ag ceannasaíocht Facebook conas is féidir leo na fadhbanna sin a shocrú, ach ní dhéanfaidh siad na hathruithe atá ag teastáil, mar cuireann siad a mbrabús ollmhór chun tosaigh ar shláinte a n-úsáideoirí,” a chríochnaigh Frances.

Aontaím le Frances, agus go bhfuil Facebook, Instagram agus meáin sóisialta eile freisin tocsaineach dúinn. Cosúil le drugaí, cothaíonn siad andúil i go leor úsáideoirí, ach níos measa ná sin, déanann siad an-dochar dúinn agus dár sochaí i go leor slite.

Ach níl anseo ach an fhianaise is déanaí den dochar atá á dhéanamh acu. B’fhéidir gur chuimhin leat comhlacht eile darb ainm ‘Cambridge Analytica’ ach céard faoi ‘Global Science Research?   Fuair an comhlacht sin sonraí pearsanta ar 87 milliún duine! Dhear an acadóir Aleksandr Kogan agus ‘Global Science Research’ aip ar Facebook darb ainm ‘thisisyourdigitallife’, agus íocadh airgead le daoine mar chúiteamh ar mheasúnú síceolaíoch a dhéanamh ar an aip. Bhí ‘Global Science Research’ in ann sonraí pearsanta a bhailiú ní amháin ar na daoine a ndearna an teastáil, ach ar a gcairde ar Facebook freisin.  Lig Facebook dóibh a lán sonraí pearsanta a fháil, gan chead agus fiú gan fhios a n-úsáideoirí!

Roinn ‘Global Science Research’ na sonraí pearsanta sin le ‘Cambridge Analytica’. D’úsáid ‘Cambridge Analytica’ a sonraí chun proifiliú síceolaíoch a fhorbairt, agus ansin ábhar ar son Trump a scaipeadh ar líne dóibh sa tslí is éifeachtaí ó thaobh na síceolaíochta sóisialta de, eolas míchruinn ón Rúis, san áireamh. Ní de thimpiste a bhí Steve Bannon mar leasuachtarán agus rúnaí ‘Cambridge Analytica’ ó 2014 go dtí 2016. Níl aon bhonn ceart faoi rialtas na Stáit Aontaithe, ó shin i leith, agus ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh as sin amach, go háirithe tar éis cad a tharla ar 6 Eanáir sa Chaipeatól i Washington DC i mbliana.  Is Facebook amháin is ciontaí i ngach rud a tharla, i mo thuairim!

Sin ach sampla amháin eile don dochar atá déanta ag Facebook, agus tá go leor eile ann. Dúirt Uachtarán na Stáit Aontaithe, Joe Biden, le déanaí, faoi Facebook agus meáin sóisialta eile: “Tá daoine á marú acu!”

Cé go bhfuil an ceart aige gan dabht, níl sé éasca aon réiteach a fheiceáil, go háirithe nuair atáimid chomh spleách ar Facebook agus a leithéid nach raibh a fhios ag formhór dúinn cad eile ba cheart dúinn a dhéanamh nuair a chuaigh na hardáin sin as líne le déanaí!

.

.

gaGaeilge