Cheapfá nach rud sásúil é colún na marbh a léamh, agus caithfidh mé a admháil go raibh mé den tuairim chéanna uair amháin. Ach tar éis dom cúpla ceann a léamh, chonaic mé luach speisialta iontu, agus ansin bhí mé gafa leo.  Is achoimre de shaol duine atá i gceist, agus cé nach bhfuil siad go léir speisialta, is fiú iad a léamh toisc go bhfuil an corrsheoid le fáil. sé an-spreagúil tuairisc bháis speisialta mar sin a léamh, mar faigheann tú léargas ní hamháin ar shaol an duine nach maireann, ach ar do shaol féin freisin.  Is eispéireas an-tairbheach é sin, gan dabht. Fuair an t-amhránaí is scríbhneoir David Crosby bás le déanaí, fear a bhí an-cháil air sna seascaidí i Meiriceá agus ar fud an domhain. Léigh mé go leor tuairiscí bháis faoi, agus den chuid is mó raibh iontu ach liosta fada fíricí. Ach ansin léigh mé an tuairisc a scríobh Steve Chawkins sa ‘Los Angeles Times’ agus chuaigh sé go smior ionam. Bhíos ag gáire, bhíos ag gol, ag sméideadh mo chloiginn is ag croitheadh mo chloiginn, agus an tuairisc á léamh agam. Ba bheag nár mhothaigh mé uaireanta go raibh mé i láthair an ‘Croz’ féin. Agus is cumhachtaí ar fad, chonaic mé gur bhain ‘Croz’ cion céadach as a shaol, saol nach raibh faoi chomaoin ag duine ar bith ar domhan!  Ach gan dabht bhí praghas le híoc, agus dhíol ‘Croz’ go daor as! Feiceann tú láidreachtaí agus laigí ‘Croz’ leagtha amach ar an mbord go soiléir, agus tríd sin, faigheann tú spléachadh beag ar an staid dhaonna féin. Molaim duit an colún sin a léamh más féidir! Ach idir an dá linn, seo ach cúpla buaicphointe.

Cúpla Buaicphointe

Dhíol Crosby agus a chomhghleacaithe 35 milliún taifead. Insealbhaíodh é faoi dhó sa ‘Rock & Roll Hall of Fame” — uair amháin mar bhall den ghrúpa ‘’The Byrds’ agus uair eile mar bhall den ghrúpa ‘Crosby, Stills & Nash.

Sheol Crosby timpeall an domhan i scúnar ar a dtugtar an Mayan. Bhí sé ina phíolata eitleán féin. Bhí rainse ollmhór aige gar do Santa Barbara i gCalifornia. Agus é ag dul anonn in aois, bhuail racht cruthaitheachta é agus d’eisigh sé ceithre albam agus rinne sraith choirmeacha rathúla lena mhac sa bhanna CPR.

Níos iontaí ná sin, bhí sé fós beo ag an am! D’fhulaing sé ó diaibéiteas agus galar artaireach, agus bhí ocht steintíní cairdiach aige. Nuair a scrios heipitíteas C a ae i 1994, shábháil dochtúirí a shaol le trasphlandú. Bhí sé tugtha d’alcól, hearóin agus cócaon. Stop sé tar éis dó 11 mhí a chaitheamh taobh thiar de bharraí i Texas le haghaidh cionta drugaí agus airm.

Nuair a fiafraíodh de sa chlár faisnéise 2019 “David Crosby: Remember My Name” conas ar éirigh leis leanúint ar aghaidh, d’fhreagair sé go gonta: “Níl tuairim dá laghad agam, a mhac!

Thug a chéad bhanna ‘’The Byrds’ bata agus bóthar do Crosby, tar éis dó iad a mhaslú go dona! Banna iontach a bhí ann, agus bhain a n-amhráin na cairteacha amach. Chuaigh ‘Mr. Tambourine Man’ go barr na gcairteacha, agus díoladh milliún cóip den amhrán ag an am.

Chuaigh cúrsaí chun searbhais tapa go leor idir Crosby, Stills, Nash agus Young (CSNY), agus bhí siad ag troid le chéile ar feadh níos mó ná caoga bliain. Scríobh sé ina dhírbheathaisnéis: “Tá a fhios agam go bhfuil ego agam! Níl gach duine ar aon intinn maidir leis a shláinte, a mhéid agus a luach!

“Bhí dinimic soiléir ann idir an ceathrar againn, agus tá rudaí uafásacha déanta againn go léir,” a dúirt Crosby faoi CSNY leis an iris Vanity Fair in 2019. “Ach lig mé síos níos measa iad ná aon rud a rinne siad dom riamh. Ba juncaí mé! Níl aon chéim níos ísle i bhforbairt an duine ná a bheith ina juncaí, rud a rinne mé díreach os a gcomhair.”

Tháinig an crú ar an tairne ina shaol i 1982 nuair a cúisíodh é as drugaí agus gunnaí a bheith aige.  Chaith sé naoi mí i bpríosún, agus d’éirigh sé as na drugaí ansin.

Scríobh sé ina leabhar ‘Long Time Gone’ faoi phríosún: “Gnó dáiríre a bhí i gceist: sreang dheilgneach, ir meaisínghunnaí, agus boc ollmhór gan muineál ag caitheamh hata buachaill bó agus ag rá liom: Hé, réalta rac-cheoil, gabh a leith, a mhic!”

Bhuail Crosby lena mac James Raymond den chéad uair i 1994.  Bhí siad an-mhór le chéile, bhí banna acu le chéile (CPR), agus ceapaim féin gurb é sin an nóiméad a fuair Crosby maithiúnas agus clabhsúr ina shaol casta faoi dheireadh.

 

.

 

  

 

.

 

gaGaeilge