Léirmheas Scannáin: Hallelujah: Leonard Cohen. A Journey, A Song

Dúirt Bono gurb é Hallelujah an t-amhrán ab fhearr riamh. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige!

Scríobh an t-amhránaí is scríbhneoir Leonard Cohen ‘Hallelujah’ thar thréimhse cúig bliana.  Ach níor ghnóthaigh an t-amhrán aitheantas mór ar dtús, cosúil le Cohen féin – ní tharlódh sé sin dóibh go ceann tamall fada. Tá scéal an amhráin agus a chumadóra fite fuaite le chéile, agus úsáideann na comhstiúrthóirí Daniel Geller agus Dayna Goldfine an nasc láidir sin chun scannán faisnéise a chruthú.  

Late Starter

Réalta rac neamhghnách ba ea Leonard Cohen. Bhí an file agus an t-úrscéalaí Ceanadach seo 40 bliain d’aois nuair a chuir Judy Collins (a raibh an-tóir aici ar an amhrán ‘Suzanne a scríobh Cohen) comhairle air, ag rá: “Ní féidir leat fanacht i bhfolach a thuilleadh; caithfidh tú canadh go poiblí.” Ní raibh Cohen in ann ceol a chanadh nó a sheinm ag an am. Ach tar éis tamaillín, d’éirigh thar barr leis mar cheoltóir.

Rejection

Bhí Cohen timpeall leathchéad bliain d’aois sa bhliain 1984, nuair a chríochnaigh sé a amhrán ‘Hallelujah’.  Chomhoibrigh sé leis an léiritheoir John Lissauer agus an t-amhránaí tionlacain Jennifer Warnes chun albam nua a ullmhú, dar teideal ‘Various Positions’. Sheol sé é chuig Columbia Records, agus d’iarr uachtarán Columbia, Walter Yetnikoff, ar Cohen bualadh leis. Dúirt Yetnikoff leis: “ Féach, a Leonard, tá a fhios againn go bhfuil tú ar fheabhas, ach níl a fhios againn an bhfuil maith ar bith ionat!” Dhiúltaigh Yetnikoff an t-albam a chur amach. Is díol suntais é go mbeadh trí sáramhrán ar an albam sin – ‘Hallelujah’, ‘Dance Me to the End of Love’ agus ‘Be Your Will!  

John Cale, Glen Hansart agus Jeff Buckley

Amhrán fada ba ea ‘Hallelujah’ ar dtús. Ach nuair a bhí sé ag obair ar albam ómóis do Cohen dar teideal ‘I’m your Fan’, rinne an ceoltóir cáiliúil John Cale eagarthóireacht chuimsitheach ar an amhrán roimh é a chanadh ar an albam.  Ach bhí comhábhar ar iarraidh fós in ainm Jeff Buckley!

Gael-Mheiriceánach ba ea Jeff Buckley (mac leis an sárcheoltóir Tim Buckley, cara le Cohen), agus thosaigh sé amach ag obair mar ródaí do Glen Hansart agus ‘The Commitments’, nuair a bhíodar ar camchuairt sna Stáit Aontaithe i 1991. Spreag Hansart é chun a cheol féin a sheinm agus a chanadh sa chaife Sin-é i Manhattan. Dála an scéil, d’oscail Éireannach darb ainm Shane Doyle caife Sin-É i 1989.   

Cé gur eisigh an sárcheoltóir Jeff Buckley leagan de ‘Hallelujah‘ (bunaithe ar leagan amach John Cale) sa bhliain 1994 ar a albam ‘’Grace’, níor bhain ‘Hallelujah’ barr na gcairteacha amach go dtí 1998. Gan dabht, tharraing bás tionóisceach Buckley sa bhliain 1997 aird an phobail ar an amhrán. Nuair a chuala siad é, thuig siad ansin cé chomh hálainn agus a bhí ‘Hallelujah’, agus go háirithe leagan amach Buckley.  

Comeback

Chaith Cohen 5 bliana, ó 1994 go dtí 1999, i mainistir Zen i Los Angeles. Bhíodh Cohen á chiapadh ag dúlagar go rialta, agus bhí sé ag lorg tearmainn.  Faoi dheireadh, thuig sé nach raibh a leigheas ar fáil sa mhainistir agus d’fhág sé é. D’eisigh sé cúpla albam ansin nár éirigh rómhaith leo – ceann amháin i 2001 (Ten New Songs) agus ceann eile i 2004 (Dear Heather).

Ach nuair a ghoid a bhainisteoir, Kelley Lynch, formhór a airgid, chinn sé teacht aniar a dhéanamh agus é 73 bliain d’aois. Chuir sé banna le chéile, agus chuaigh siad ar camchuairt sa bhliain 2007.  Bhíodh na ticéid dá gceolchoirm díolta amach gan mhoill, agus bhíodh orthu dátaí eile a chur leis a sceideal acu.  Lean Cohen ar aghaidh ag obair mar sin go dtí 2013, agus d’éirigh leis ní b’fhearr ná riamh.  

Ó Neart go Neart

Bhí dhá leagan amach de ‘Hallelujah’ a raibh an-tóir orthu, ag baint leis an scannán iontach ‘Shrek’ (2001): leagan amach John Cale sa scannán, agus leagan amach Rufus Wainwright ar fhuaimrian an scannáin.    

Sa bhliain 2004, d’eisigh KD Lang leagan de Hallelujah ar a halbam Hymns of the 49th Parallel agus chan sí sé é ag searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha sa Gheimhreadh 2010.

Chuaigh leagan amach Alexandra Burke, buaiteoir an chúigiú sraith de The X Factor, go barr na gcairteacha um Nollaig 2008. Ansin, thosaigh beagnach gach amhránaí i ngach seó tallainne ar fud an domhain ag canadh ‘Hallelujah’.

“Labhraíomar leis an buscálaí a fheiceann tú inár scannán lasmuigh den stáisiún traenach faoi thalamh i Manhattan,” a dúirt stiúrthóir Goldfine. “Agus dúirt sí linn má bhíonn am deacair aici lucht féachana a mhealladh agus mura bhfuil aon airgead ag teacht isteach, tosaíonn sí ag seinm Hallelujah. Deir sí go n-oibríonn sé gach uair.”

Cad a déarfá anois, Walter Yetnikoff?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge