Le déanaí, rinne triúr taighdeoirí ag an Institiúid Ollscoile Eorpach anailís shuimiúil ar threochtaí sna sonraí phobalbhreitheanna Breatimeachta a bhí déanta thar thréimhse sé bliana. Thugadar treocht láidir faoi deara – le himeacht ama ceapann níos mó daoine gur bhotún tubaisteach ba ea an Breatimeacht.  Thángthas ar threochtaí suimiúla eile freisin nuair a bhris siad síos na torthaí de réir aoisghrúpa.

Torthaí Reifreann an Bhreatimeachta sa Ríocht Aontaithe

Sa reifreann féin i 2016, bhí 52% i bhfabhar an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil agus 48% i gcoinne.  Ach roghnaigh 64% de na vótálaithe os cionn 65 ‘Fág’, i gcomparáid le 29% de na vótálaithe is óige – iad idir 18 agus 24 bliana d’aois. Níl aon argóint ach go raibh, go bhfuil agus go mbeidh difríocht mhór idir óg agus aosta ó thaobh an Bhreatimeachta de.     

Torthaí pobalbhreitheanna

Rinne YouGov pobalbhreitheanna an Bhreatimeachta i 2016, 2018, 2020 agus 2022. Bhí an cheist seo i ngach pobalbhreith: “An dóigh leat go raibh ceart nó mícheart don Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil?”  

I measc na bhfreagróirí go léir, tá méadú tagtha le himeacht ama ar an meánchéatadán a dúirt go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil, rud a thugann le tuiscint go bhfuil athrú croí tagtha ag muintir na Ríochta Aontaithe.

Ríomh na taighdeoirí Joris Frese, Juho Härkönen agus Simon Hix do gach aoisghrúpa cén céatadán a d’fhreagair “mícheart”, agus iad ag iarraidh léargais níos doimhne a fháil.

Anailís na dtaighdeoirí

Níor athraigh ach dream beag den ghrúpa vótálaithe is sine (65+) a thuairim ón reifreann i leith. Sa phobalbhreith is déanaí, síleann 28% dóibh go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil.  Más dada é tá siad, mar ghrúpa, níos compordaí anois ná riamh go raibh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an tAE a fhágáil.

Mar an gcéanna, níor athraigh formhór na daoine a rugadh idir 1945 agus 1954 – na “baby boomers” mar a thugtar orthua dtuairim, ach an oiread. Sa phobalbhreith is déanaí, síleann 32% dóibh go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil.

Murab ionann is na grúpaí eile, d’athraigh go leor daoine a dtuairimí sa ghrúpa a rugadh idir 1985 agus 1994 na ‘millenials’.  Dúirt 57% dóibh i 2016 go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil, ach sa phobalbhreith is déanaí, deir 70% go raibh sé mícheart.

Sa ghrúpa a rugadh idir 1995 agus 2004 (‘Gen Z’), dúirt 61% dóibh i 2016 go raibh sé mícheart an tAE a fhágáil i gcomparáid le 64% sa phobalbhreith is déanaí. Ach – agus is pointe ríthábhachtach é seo – go leor sa ghrúpa seo (iad siúd a rugadh i ndiaidh 1998) a bhí ró-óg le vótáil in 2016.  

Conclúidí

Ach cad is brí le príomhthorthaí an taighde?  D’eascair dhá phríomh-chonclúid as staidéar na dtaighdeoirí.

1.Níor athraigh an chuid is mó a dtuairim faoin mBreatimeacht, le heisceacht amháin – na ‘millenials’.  Ceapann 70% anois gur bhotún é dóibh an tAE a fhágáil.  haon chomhtharlú é gurb é seo an grúpa is mó atá ag íoc as droch-chinneadh an Bhreatimeachta anois.
2.Sa reifreann i 2016, bhí 69% daoine óga i bhfabhar fanacht san AE, i gcomparáid le 36% de dhaoine os cionn 65. Ach le himeacht ama bíonn daoine ag fáil bháis – seandaoine go príomha, agus bíonn vótálaithe nua ag teacht isteach tar éis dóibh 18 mbliana a bhaint amach.  Tá timpeall trian den athrú thuairim faoin mBreatimeacht sna pobalbhreitheanna ag baint leis an athrú déimeagrafach seo.

Ní féidir linn a thuar go beacht cén tuairim a bheidh ag daoine sa Ríocht Aontaithe sa todhchaí ach táimid in ann tuairim mheáite a nochtadh, ar aon nós. Dúirt duine de na taighdeoi Juho Härkönen gurb é “an príomhscéal” ó staidéar a fhoirne go bhfuil tionchar mór ag an athsholáthar vótálaithe ar na torthaí suas go dtí seo, agus is amhlaidh amach anseo freisin.  Toisc go bhfuil an ghlúin óg i bhfad níos dearfaí faoin AE ná an grúpa vótálaithe is sine, is léir go leanfaidh an treo i bhfabhar an AE ag méadú sa Ríocht Aontaithe. Mar sin, tar éis tamaill beidh an Ríocht Aontaithe idir dhá thine Bhealtaine, maidir lena ballraíocht san AE. Ag breathnú siar anois, tá sé soiléir d fhormhór na dtoghthóirí gur chuir na Tóraithe agus an preas dallamullóg orthu, maidir leis an mBreatimeacht. Agus cé nach mbeadh sé éasca don Ríocht Aontaithe, b’fhearr di athiarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san AE dá luaithe is ea is fearr!  Chun é sin a dhéanamh, beidh orthu smaoineamh ar dhóigh lena n-oineach féin a chosaint – rud deacair do thír a bhí chomh láidir uair amháin!  

.

gaGaeilge