Moltaí don chéad Phaindéim eile!
An tseachtain seo caite luaigh mé cúig cheacht a d’fhoghlaimíomar ón bpaindéim. San alt seo, tá moltaí agam ionas go mbeimid ullamh déileáil leis an chéad phaindéim eile.
Is gá fiosrúchán oifigiúil a bheith againn in Éirinn faoi na bearta sriantacha a chur an rialtas i bhfeidhm le linn na pandéime. Is ansin amháin a bheimid in ann ár n-ullmhúchán a fheabhsú sa todhchaí. Sin moladh a bhí ag an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Duncan Smith le déanaí.
“Mura mbeidh an fiosrúchán sin againn go luath ní bheidh againn ach níos mó tráchtaireacht ó na meáin, ailt nuachtáin, leabhair sárdhíola agus measúnuithe acadúla ar cad a rinne nó nach ndearna muid. Níl sé sin úsáideach ar deireadh thiar chun foghlaim ónár gcuid botún agus chun tógáil ar an méid a rinneamar i gceart,” dúirt Smith.
Ceapaim go bhfuil an ceart aige agus gurb é seo an chéad chéim chun bogadh i dtreo próisis níos fearr a chumadh don chéad phaindéim eile.
Bhí na saineolaithe in ann scaipeadh agus córacha leighis an víreas COVID-19 a staidéar go domhain le linn na pandéime. Tá na vacsaíní COVID-19 éifeachtach agus sábháilte, agus is lú seans go mbeadh géarghalar ar dhaoine atá vacsaínithe. Tá vacsaíní de shaghas nua – vacsaíní teachtaire RNA chomh maith agus i slite níos fearr ná na vacsaíní traidisiúnta -vacsaíní víreasacha-veicteora. Mar shampla, beidh sé níos tapúla vacsaíní nua a fhorbairt leis na vacsaíní teachtaire RNA ná leis na vacsaíní traidisiúnta – rud atá thar a bheith tábhachtach.
Tá a fhios againn freisin cé chomh héifeachtach is atá maisc in aghaidh aon víreas aeriompartha, agus go háirithe maisc de shaghas N-95 nó KN-95. Tá scaradh sóisialta tábhachtach mar uirlis i gcoinne scaipeadh an víris freisin, agus taobh istigh tá scagaire HEPA an-úsáideach chun aer glan a sholáthar.
Mar sin, is gá don rialtas infheistíocht dhóthanach a dhéanamh sna rudaí seo:
Dá luaithe a fhaighimid amach go bhfuil galar ag scaipeadh is ea is lú líon na ndaoine a bhfaighidh bás. Seo cúpla straitéis a chabhródh le córas réamhrabhaidh:
Beidh sé tábhachtach go mbeadh córas réamhrabhaidh ag gach tír, agus dualgas orthu aon rud suntasach a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).
Conclúid
I mo thuairim, is gá dúinn pleananna a bheith againn in dhá réimse leathana chun na torthaí is fearr a fháil sa chéad phaindéim eile:
Bímis ag súil nach bhfeicimid paindéim eile, ach má fheicimid go mbeimid réidh í a chloí!