Ar Lá Bealtaine (ar an 1 Bealtaine), rith sé liom nach raibh a fhios agam i gceart cad a bhí taobh thiar den fhéile mhór Cheilteach sin in Éirinn. Tá féile eile a thiteann ar an 1 Bealtaine freisin, maidir le cearta oibrithe – ach sin scéal do cholún eile! Maidir leis ár bhféile Cheilteach, áfach, is ceiliúradh talmhaíochta a bhíodh i gceist chun fáilte a chur roimh shéasúr an tsamhraidh, agus chun do theaghlach agus do shlí mhaireachtála a chosaint i gcoinne fórsaí osnádúrtha.  Cheiliúrtaí an fhéile seo ag tús shéasúr an tSamhraidh, agus bhí féilte eile ag baint leis na séasúir eile.  

Sna seantraidisiúin lastaí tinte le luí na gréine Oíche Bhealtaine, 30 Aibreán, agus maireann na traidisiúin seo go fóill i gcuid den tír. Tagann an t-ainm Bealtaine ón tSean-Ghaeilge Bel tine’, dar leis an staraí Peter Berresford Ellis (sa leabhar “A Dictionary of Irish Mythology”).  Meastar gur Dé na gréine ba ea Bel nó Belenus, ach níl ann ach tuairimíocht.

Gnásanna Bhealtaine

Sa chianaimsir lastaí príomhthine Bhealtaine ar Chnoc Uisneach i gContae na hIarmhí – lárionad traidisiúnta na tíre. Ansin, lastaí tóirsí sa tine sin, agus thugtaí chun na mbailte fearainn iad chun tinte eile a lasadh.  Théadh daoine idir dhá thine Bhealtaine mar ghnás íonghlanta. Sheoltaí tréada idir tinte freisin ar an gcúis chéanna. Léimeadh daoine thar tinte Bhealtaine, fiú, mar ghnás torthúlachta.

Ar Lá Bealtaine, bhailíodh daoine bláthanna agus ruainní caorthainn agus chrochaidís iad trasna dhoirse fhuinneoga a dtithe, ar fhaitíos go ngabhfadh na síoga daoine nó beithígh leo. Ní bhíodh fáilte roimh aon chuairteoir ar Lá Bealtaine ach an oiread, mar chreidngoidfí aon rud ó do theach, d’fhéadfadh duine é a úsáid chun a chur faoi gheasa droma draíochta.

Bodh traidisiún ‘Chrann na Bealtaine go láidir ní hamháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa, ina mbíodh daoine ag damhsa timpeall an chrainn le chéile lámh ar lámh.  Chleachtaí traidisiún eile darb ainm Bhanríon na Bealtaine in Éirinn agus ar fud na hEorpa freisin. Ceaptar go mb’fhéidir go bhfuil baint ag an traidisiún seo leis an mBandia ársa Rómhánach, Flora.  Is minic a bhíodh mórshiúl agus spóirt agus féilte ag gabháil leis. In áiteanna áirithe i gCúige Uladh, roghnaí Rí in éineacht leis an mBanríon. Uaireanta, bhíodh tor á iompar sa mhórshiúl, agus bhíodh sliotair ar crochadh air. Ba é Lá Bealtaine tús shéasúr na hiománaíochta agus i gCill Chainnigh thugadh na mná sliotair nua do na fir ar an lá seo.

De réir seanchais darb ainm ‘Leabhar Gabhála’, tháinig an chéad lonnaitheoir, Partholan, go hÉirinn ar Bealtaine, agus ba ar Bealtaine eile a tháinig an phlá a scrios a mhuintir.  Blianta fada ina dhiaidh sin, tháinig grúpa eile, Clann Mhíleadh, agus ar Lá Bealtaine chuir siad na Tuatha Dé Danann faoi chois.  Ní dócha gur ar Lá Bealtaine féin a tharla na rudaí thuasluaite, ach gur réalachas draíochta atá i gceist, nuair a chuir na scéalaithe eachtraí suntasacha agus dátaí tábhachta le chéile gan fhios dóibh féin, b’fhéidir. Ar aon nós, dearbhaíonn sé cé chomh lárnach agus a bhíodh Lá Bealtaine i gcultúr na gCeilteach.

Dán!

Críochnóidh mé ar nóta difriúil nóta fileata, a bhuí le m’athair, Peadar Bairéad. Scríobh sé dán iontach faoi Lá Bealtaine, ag ceiliúradh thús an bhláthaithe a bhíonn le feiceáil ar Lá Bealtaine.  Ach athraíonn an téama sa dá véarsa dheireanacha, agus atmaisféar níos gruama le mothú iontu. Bíonn síol an bháis suanach i ngach rud atá beo, fiú agus é i mbarr a shláinte agus a shaol. Ceacht iontach ón máistir féin!

.

Samhradh eile ag péacadh.

.

Nóiníní geala is caisearbháin órga

chugainn ’na sraitheanna daite,

Aiteann buí glórmhar, is sceach gheal mar lása

ar fhallaing ghlas bhrídeog an tSamhraidh.

.

Lá Bealtaine buí trí thine sna fálta,

Is éin ins na géaga ag canadh,

Uain ag pocléimnigh is gamhna á seoladh

I bpáirceanna méithe an tSamhraidh.

.

Scamaill na spéire mar lomra bog caorach,

Is grian gheal ag óradh gach aon ní,

Beacha go saothrach, is seangáin ina dtréada

Ag cnuasach leo torthaí an tséasúir.

.

Bainne bó bleachtáin ag maisiú na mbánta,

Sceacha ag bláthú go líofa,

Ceannbháin gheala ag bánú na bportach,

Is fiúise mar phéarla an tSamhraidh.

.

Blianta ina dtréada ag iníor go sásta,

Is ag cangailt leo cnuasach na gcuimhní,

Laethe na hóige ag filleadh ina rás chugainn,

Mar a bhláthaíonn blátha an tSamhraidh.

.

Ach cuirimis uainn iad, cuimhní ár n-óige,

Mar nach bhfillfidh an óige faoi dhó chugainn,

Ní fhillfidh na blianta ‘tá imithe ar fán uainn

Mura bhfillfidh blás feoite an tSamhraidh.

gaGaeilge