Fuair mé mo chóip den irisleabhar ‘Comhar’ le déanaí (Bealtaine 2023), agus thug mé faoi deara gur eagrán speisialta a bhí ann, ag comóradh seachtó bliain ó bunaíodh Gael Linn i mí na Bealtaine 1953. Ní raibh a fhios agam faoi leath na rudaí atá déanta go dtí seo ag an eagraíocht shuntasach seo ar son na Gaeilge, idir theanga agus chultúr.  Nuair a bhí Fionbarra Ó Brolcháin ag scríobh faoi cheannródaíocht triúir a bhí an-ghníomhach san eagraíocht – Dónall Ó Móráin, Riobard Mac Góráin agus Séamus mac Crosáin, rinne sé tagairt do rud a dúirt an t-antraipeolaí Margaret Mead: ‘’Never doubt that a small group of thoughtful committed citizens, can change the world. Indeed, it is the only thing that ever has.” Nach spreagúil an ráiteas sin agus nach fíor é freisin?  Gan dabht, bhí sé fíor i gcás Ghael Linn. I mo thuairim, thuig an fhoireann bheag sin cé chomh tábhachtach agus lárnach agus atá ár dteanga agus ár gcultúr dúinn sa tír seo, agus gurb as sin a eascraíonn ár bhféiniúlacht náisiúnta. Thuig an fhoireann sin go mbeadh sé níos fearr daoine a mhealladh isteach sa Ghaeilge in ionad a bheith ag iarraidh iad a bhrú isteach. Bhain foireann Ghael Linn amach na spriocanna sin. Rinneadar infheistíocht sna healaíona. D’eagraíodar imeachtaí cultúrtha agus scéimeanna foghlamtha na Gaeilge.  Sa tslí sin, thug siad aghaidh nua, aghaidh chomhaimseartha don teanga agus cultúr.  Bhí cur chuige nua-aoiseach acu maidir le múinteoireacht, cur chuige níos cuimsithí ná riamh cheana, inar thuig siad go bhfuil tú in ann Gaeilge a fhoghlaim amuigh faoin spéir i mbun imeachtaí siamsúla agus cúrsaí saoire phléisiúrtha. Bhí an ceart acu agus ní raibh aon easpa páistí ag cur isteach ar chúrsaí de gach saghas eagraithe ag Gael Linn. Nuair a chonaic mé gur thosaigh Gael Linn scéim scoláireachta sna 1950dí, tháinig na cuimhní ar ais go tréan.

Scéim Scoláireachta Ghael Linn

Thosaigh Scéim na Scoláireachtaí Trí Mhí i 1955 agus lean an scéim go dtí 1973. Tréimhse trí mhí a bhíodh i gceist seachas mí, mar chreid Máirtín Ó Cadhain gurb é sin an tréimhse ba lú a mbeadh páistí in ann an teanga a shealbhú. Bhíodh cead ag teaghlach lóistín a chur ar fáil do pháiste amháin, ionas nach mbeadh deis ag an bpáiste Béarla a labhairt sa teach. D’fhreastalaíodh na páistí ar scoil áitiúil. Eispéireas cuimsitheach a bhí ann – tumoideachas i ngach gné dár gcultúir thraidisiúnta – saol na tuaithe, meon na Gaeltachta, scéalaíocht agus ceol san áireamh.  Scéim cheannródaíoch ba ea é, gan dabht. Agus ní caint san aer agam é sin, ach an oiread!

Mo thaithí phearsanta

Ní raibh ionam ach páiste deich mbliana d’aois nuair a d’fhreastail mé féin ar chúrsa Ghael Linn. D’fhág mé an baile i m’aonar don chéad uair agus thaistil mé go Gaillimh ar an traein, agus ansin ar aghaidh go dtí Cill Bhriocán, Rosmuc, Contae na Gaillimhe.  Chuir Máire Bean Uí Ghriallais fáilte mhór romham, agus thosaigh m’eachtra Ghaeltachta láithreach bonn. Thug Bean Uí Ghriallais babhla anraith dom ar dtús ach ar an drochuair bhí sé chomh te sin gur dhóigh mé mo charball go dona leis. Bhí sé an-phianmhar le seachtain nó dhó! Bhí sé deacair a mhíniú as Gaeilge cad a tharla dom!  

Tar éis an turais fhada, bhí orm dul go dtí an leithreas. Threoraigh Máire amach as an teach go dtí teach an asail, ach bhí sé chomh dubh le pic taobh amuigh. Dá bhrí sin, bhuail mé mo ghlúin in aghaidh balla agus bhí mé gortaithe arís! Cé gur drochthús a bhí agam, d’fheabhsaigh cúrsaí tar éis sin – agus níor ghortaigh mé féin arís ach an oiread.

Cé go raibh sé deacair ar dtús Gaeilge a labhairt, bhí mé líofa roimh i bhfad. Bhí orm Gaeilge a labhairt an t-am go léirní raibh an dara rogha agam mar ní raibh mórán Béarla le cloisteáil i Rosmuc an tráth sin. Próiseas nádúrtha a bhí ann agus is ar éigean a thug mé faoi deara go raibh mo chuid Gaeilge ag feabhsú lá i ndiaidh lae. Bhí mé ag foghlaim gnéithe eile den chultúr freisin. Mar shampla, d’fhoghlaim mé conas go leor amhrán a sheinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbosca ceoil. Bhí mé chomh sásta sa Ghaeltacht gur bheag nach ndearna mé dearmad ar mo theaghlach féin! D’imigh mo thréimhse go tapa, agus bhí sé deacair dom filleadh abhaile ansin.  Ach ní raibh fadhb ar bith liom leis an nGaeilge sa scoil tar éis sin, agus bhí grá buan agam dár dteanga agus dár gcultúr as sin amach, a bhuí le m’athair agus Gael Linn. Gael Linn abú!

gaGaeilge