Céim chun cinn sa Deisceart!

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers ré nua do chúrsaí Gaeilge an bhliain seo caite. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, bhí dualgas ar an rialtas a chinntiú go mbeadh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.  Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil deimhniú na gcúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil do Státseirbhísigh. Tugann an deimhniú seo deis iontach anois d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon agus muid go léir ag obair i dtreo ár gcomhsprioc maidir leis na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach san Acht a bhaint amach.

Céim chun cinn sa Tuaisceart!

Ag an am céanna sa Tuaisceart, fuair Gaeilge stádas oifigiúil sa dlí sa Tuaisceart ag deireadh 2022, nuair a shínigh Rí Séarlas III an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann). Ar an drochuair, bhí ar Westminster an bille a rith, toisc nach raibh an rialtas i Stormont chun é a dhéanamh.

“Is lá stairiúil eile é seo do phobal na Gaeilge go bhfuil an bille anois ina Acht oifigiúil agus curtha sa dlí ón lá inniu ar aghaidh,” a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí de chuid An Dream Dearg.  

Ábhar Dóchais agus Éadóchais ag an am céanna!

In ainneoin go bhfuil stádas na Gaeilge ag feabhsú sa dlí, tá rudaí eile ag tarlú a thagann salach ar chuspóirí na dlíthe céanna. Seo cúpla sampla de chéimeanna siar a tharla le déanaí.  

Céim siar sa Deisceart

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais Norma Foley go mbeidh laghdú ama, leathuair in aghaidh na seachtaine, do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna Béarla (formhór scoileanna an stáit) ag tosú i 2025.  Caithfear uair agus trí cheathrú in aghaidh na seachtaine ar am solúbtha, agus ó Rang 3 ar aghaidh, uair ar theagasc nuatheangacha iasachta. In ainneoin na bhfíricí maíonn an tAire Foley go dtiocfadh “feabhas ar shealbhú” na Gaeilge leis an gcuraclam nua. Scrúdaigh an tsaineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir gach gné den scéal, agus go háirithe an taighde déanta ag an Chomhairle Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) – cuid den Roinn Oideachais féin. Dúirt an tOllamh go raibh sé ríshoiléir ón taighde sin go raibh nasc láidir idir ísliú na n-uaireanta teagaisc sa Ghaeilge agus an caighdeán Gaeilge a bhaineann na daltaí amach. “Cuireann sé olc orm,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ag tagairt do ráiteas an Aire ar an ábhar. “Braithim go bhfuil sé maslach a rá go bhfuil an t-am laghdaithe ach go dtiocfaidh feabhas ar chumas na ndaltaí. Conas is féidir glacadh leis sin?”  

Níor chaith an tAire Foley ach 15 nóiméad i gcruinniú i dTeach Laighean le comhairleoirí agus ionadaithe ón CNCM, chun cinneadh a dhéanamh ar na hathruithe go léir a bhí beartaithe don churaclam bunscoile, idir Ghaeilge agus mhatamaitic.   Níl ach focal amháin le rá agam ar sin: do-ghlactha!

Céim siar sa Tuaisceart

Tá ciorruithe leathana sna seirbhísí oideachais ar siúl sa Tuaisceart, toisc go bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe ag gearradh siar ar a bhuiséad bliantúil – nó sin an fáth a mhaítear, ar aon nós. Mar sin, tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais sa Tuaisceart deireadh a chur le:

 Scéim Léargas (Doire). Caillfidh 1,600 páiste i nDoire a deis chun Gaeilge a fhoghlaim uair a chloig gach seachtain faoin scéim seo.
 Glór na Móna (Béal Feirste). Is ionad pobail é Glór na Móna le 160 ball, a fheidhmíonn trí Ghaeilge san Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste.   Eagraítear imeachtaí cultúrtha seirbhísí don phobal Gaeilge sa cheantar.  
 Ionad Uíbh Eachach (Béal Feirste). Is ionad cúraim leanaí é le 200 páiste ag fáil cúram trí Ghaeilge, agus tá 15 post ag baint leis.

Tá sé scannalach go bhfuil na ciorruithe seo ar siúl, agus an tAcht Gaeilge anois rite. Ba cheart don rialtas infheistíochtaí a dhéanamh in ionad ciorruithe mar sin.

Conclúid

Díreach toisc go bhfuil acht rite, ní hionann sin agus é a bheith i bhfeidhm. Mar a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh:Ná bíodh aon dallamullóg orainn, níl san acht nua seo ach cloch mhíle eile ar an aistear mór sin. Níl aon cheann scríbe bainte amach againn, agus tosaíonn an obair ollmhór le forálacha an Achta seo a chur i bhfeidhm.”

Caithfimid go léir brú a choimeád ar ár n-ionadaithe polaitiúla chun na dlíthe nua a chur i bhfeidhm, idir Thuaisceart agus Dheisceart an oileáin álainn seo!

gaGaeilge