Nuair a chuir Comhdháil na Stát Aontaithe polasaí in áit maidir leis an teorainn fiachais náisiúnta fadó, ní raibh sé riamh ar intinn acu go n-úsáidfí é mar chnámh spairne pholaitiúil.  Ach is é sin díreach an rud a tharla! Agus dá bhrí sin, tá éiginnteacht mhór ann faoi chúrsaí eacnamaíochta sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain.

An fiachas náisiúnta

Gach bliain, bíonn ar rialtas na Stát Aontaithe iasachtaí a fháil chun a ghealltanais a chomhlíonadh. trí shruth caiteachais i gceist i mbuiséad na tíre:

Caiteachas éigeantach:  Tá dualgas ar an rialtas íoc as slándáil shóisialach, cúram sláinte agus pinsin scoir do dhaoine atá i dteideal dóibh faoin dlí, daoine os cionn 65 bliana d’aois agus iarshaighdiúirí san áireamh.  Bheadh ar an rialtas dlíthe a athrú chun an caiteachas seo a laghdú.  Taitníonn na cláir seo go mór le formhór an phobail, agus mar sin bheadh conspóideach agus deacair ó thaobh na polaitíochta de, athruithe mar sin a dhéanamh.  Is é an caiteachas éigeantach an chuid is mó (63%) den bhuiséad náisiúnta.

Caiteachas lánroghnach:  Gach bliain, bíonn ar an rialtas (an Coiste Leithreasuithe) athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas seo agus ansin é a cheadú. Téann leath an caiteachas seo ar lucht míleata Mheiriceá, agus an leath eile ar chláir éagsúla cosúil le: slándáil dúiche, oideachas, iompar, taighde, sábháilteacht bia, eolaíocht agus cláir spáis, fóirithint anachaine, cosaint an chomhshaoil, tithíocht phoiblí, agus forghníomhú an dlí feidearálach.  Úsáideann caiteachas lánroghnach timpeall 30% den bhuiséad náisiúnta.

Caiteachas forlíontach:  Úsáidtear an caiteachas seo (7% den bhuiséad) ag íoc úis ar an bhfiachas náisiúnta gach bliain. Sa bhliain 2023, cosnóidh sé 460 billiún dollar chun freastal ar an bhfiachas.

Teorainn Fiachais (Béarla: debt ceiling)

Cosúil le go leor tíortha, bíonn ar na Stáit Aontaithe airgead a fháil ar iasacht, mar caitheann an rialtas feidearálach níos mó airgid ná mar a bhfaigheann siad. Éagsúil le beagnach gach tír eile, cuireann an rialtas teorainn ar an méid airgid ceadaithe dóibh a fháil ar iasacht.  Mar go bhfuil an t-easnamh bliantúil sa bhuiséad ag méadú beagnach gach bliain, bíonn ar an gcomhdháil an t-uasteorainn a ardú go minic.  Cheapfá nach mbeadh an rialtas in ann níos mó airgid a chaitheamh sa chéad bhuiséad eile, sin an méid – nach ea? Ar an drochuair, nílchomh héasca sin.

I bhfad ó shin, bhíodh ar an rialtas an caiteachas ag baint le gach bille a cheadú, ceann ar cheann. Mar sin, bunaíodh an teorainn fiachais ar dtús i 1917 agus le cúpla athrú sa bhliain 1939, ionas go mbainfeadh an teorainn leis an mbuiséad in iomlán. Rinneadh é sin chun an próiseas a dhéanamh níos simplí agus bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí 1995 nuair a tharla iarmhairtí neamhbheartaithe nach raibh ar intinn ag aon duine roimhe sin. Tiocfaidh mé ar ais don phointe sin ach caithfidh mé rud amháin a mhíniú ar dtús. Baineann an teorainn fiachais leis an bhliain atá imithe agus an t-airgead atá caite cheana féin! Sin an botún bunúsach leis an gcur chuige sin, mar is féidir mí-úsáid a bhaint as an gcóras seo, agus páirtí amháin ag éileamh athruithe áirithe don bhuiséad mar chúiteamh ar an uasteorainn a ardú. Seachas uasteorainn nua, ní bheadh an rialtas in ann an t-ús a íocadh ar an iasacht náisiúnta, agus bheadh an tír ar mainneachtain agus in anchaoi.

Ní raibh cúrsaí mar sin go dtí gur thosaigh an Ceann Comhairle Poblachtánach Newt Gingrich ag úsáid an teorainn fiachais mar arm sa bhliain 1995. Dúirt sé nach gceadófaí uasteorainn nua go dtí go ndéanfadh an tUachtarán Clinton athruithe áirithe sa bhuiséad. Cé gur sheas Gingrich siar faoi dheireadh, bhí an damáiste déanta aige agus an fásach bunaithe aige.

Gabh ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann, agus feicfidh tú oidhreacht Gingrich go soiléir! an Ceann Comhairle Kevin McCarthy ag úsáid an teorainn fiachais mar mhír mhargántaíochta ag éileamh laghdú mór sa bhuiséad nua.

Rúiléid Rúiseach!

Rúiléid Rúiseach á himirt ag an bPáirtí Poblachtánach, agus is cluiche dainséarach é sin. Gan teorainn fiachais nua, cruthófaí géarchéim airgeadais ar fud an domhain. Is riosca do-ghlactha é sin, gan ceist ar bith. Mar sin, tá sé thar am do chomhdháil na Stát Aontaithe straitéis nua agus córas nua a chur in áit chun an buiséad a chomhardú. Bímis ag súil go ndéanfaidh siad an rud ceart. Seachas sin, tiocfaidh an teorainn fiachais sin eadrainn is codladh na hoíche!

.

gaGaeilge