Bhí mé ag ithe mo lóin i m’aonar, thuas staighre sa siopa troscáin ‘Meubles’ nuair a d’aithin mé mo sheanchara Séimí i scuaine an bhuifé.  Chroith mé mo lámh air chun a aird a tharraingt agus rinne sé meangadh mór gáire liom roimh dó teacht i mo threo.

“Deas bualadh leat anseo a Mhíchíl!” arsa Séimí agus é suite os mo chomhair ag an mbord.  “Ní raibh a fhios agam gur thaitin bialann ‘Meubles’ leat, a mhic!”

“Is aoibhinn liom an seabhdar breallach anseo.  Ach is ormsa a bhí an t-ionadh, mar bímse anseo i gcónaí, agus ní fhaca mé tú féin anseo riamh cheana, a Shéimí!” arsa mise.

“Táim déanach inniu, a Mhíchíl, ach tagaim anseo uair nó dhó sa tseachtain ag meán lae agus bím imithe laistigh de leathuair!”

“Cur glaoch orm as seo amach má tá mo chomhluadar ag teastáil uait, agus beidh mé sásta bualadh leat ag an meán lae,”  arsa mise i ndáiríre.

“Go raibh maith agat, agus muna bhfuil deifir orm cuirfidh mé glaoch ort!” a d’fhreagair Séimí.  “Ach cad faoi ‘cothrom na féinne’ a bunaíodh sa tír seo tar éis ‘Éirí Amach na Cásca, 1916’?  An bhfuil aon tuairim agat anois, a Mhíchíl?”  Mar is gnáth do mo charasa Séimí an Droichid, chuir sé leathcheann air féin, agus é do mo scrúdú.

“Roinn do thuairimí féin liom i dtosach, a Shéimí!” arsa mise, “agus ansin cuirfidh mé leo.”  D’ól mé bolgam caife, agus mé ag fanacht le cad a bheadh le rá aige féin.

“Mar is eol go maith duit, tá dearcadh liobrálach agam.  Uair amháin, ní raibh aon ghlacadh le mo thuairimí agus bhuail daoine lipéid hipí orm.  Ach anois tá tír liobrálach, forásach againn, beagnach saor ó chuing na hEaglaise ar deireadh.  Nuair a chumadh é i 1934-1937, bhí an bunreacht ag teacht go láidir le teagasc na hEaglaise, agus go háirithe le tuairimí an Athar Mc Uaid (uachtarán Choláiste na Carraige Duibhe ag an am, agus Ardeaspag agus Príomháidh na hÉireann Uile níos déanaí) agus an Íosánaigh an tAthair Ó Cahail.  Caitlicigh choimeádaigh ba iad an triúr acu (deValera, Mc Uaid agus Ó Cathail), a bhí ag obair as lámh a chéile chun an bunreacht a dhréachtú.  Ní haon ionadh é mar sin, gur bunreacht reiligiúnach agus coimeádach a bhí i gceist acu.  Ar an drochuair, bunreacht leithchealach a bhí ann freisin mar ní bhfuair cothrom na féinne tús áite sa bhunreacht.  Bhí 38 reifreann ar leasuithe don bhunreacht ó 1937 i leith agus tá an bunreacht atá againn anois go hiomlán éagsúil leis agus níos fearr ná an chéad cheann.  Ach tá obair le déanamh fós againn!”  Stad Séimí ag caint faoi dheireadh, agus thosaigh sé ag ithe a shailéid ilchineálacha.

“Aontaím leat, a chara,” arsa mise.  “Is trua mhór é nach raibh deValera níos oibiachtiúla maidir leis an mbunreacht, ach bhí sé faoi bhrú ó gach taobh ag an am.  Bhí an Eaglais Chaitliceach an-chumhachtach, mar ba iad Caitlicigh diaganta formhór an phobail ag an am.  Cé nach raibh mórán Protastúnaigh sa deisceart, bhí go leor sa Tuaisceart, agus ba mhaith le deValera bunreacht a chumadh a bheadh oiriúnach dóibhsean freisin.  Bhí sé deacair dó an dá thrá a fhreastal, áfach, agus cé go ndearna sé comhartha síochána sa bhunreacht do na Protastúnaigh, bhí deValera faoi réir ag an Eaglais Chaitliceach, agus is léir sin sa bhunreacht a d’fhoilsigh sé i 1937.”

“Den chéad uair riamh, níl muid ag argóint le chéile a Mhíchíl!” arsa Séimí, agus é ag gáire.  “Tá athruithe móra sa bhunreacht anois maidir le colscaradh, ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis a bheadh doshamhlaithe tríocha bliain ó shin.  Ach an bhfuil muid críochnaithe fós?” 

“Níl, i ndáiríre, mar a dúramar!” arsa mise.  “Tá agus beidh obair le déanamh againn go deo.  Ach cé go bhfuil go leor le déanamh againn fós, is é an rud is tábhachtaí dúinn le déanamh anois díreach ná an tagairt do mhná a bheith chuing sa bhaile a bhaint amach as an mbunreacht.  Beidh reifreann ar sin againn ar ball agus tá súil agam go nglacfar leis an leasú sin!”

“Gan dabht, a Mhíchíl!”  arsa Séimí.  “Tír iarChaitliceach í Éire anois, agus tá sé in am deireadh go deo a chur le súistí agus le laincisí na heaglaise.”

“Ar an nóta sin, a Shéimí, cuirimis deireadh lenár seisiúin inniu!  Ní i gcónaí a aontaímid le chéile, ach aontaímid ar na rudaí is tábhachtaí, i mo thuairim – rudaí cosúil le cothrom na féinne sa tír iontach seo.”

Shiúlamar amach le chéile, agus gheall mé dom féin go mbeinn i dteagmháil le Séimí arís roimh i bhfad.

.

.

gaGaeilge