Beidh toghchán na hUachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe an bhliain seo chugainn. De réir cosúlachta, roghnófar na hiarrthóirí céanna a bhí ann an uair dheireanachDonald Trump agus Joe Biden. tharlaíonn a leithéid, deacair a acu a bheadh an bua aige an t-am seo. siad ag iarraidh iad féin a chur chun cinn go mínáireach ach ag an am céanna, an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí chéile. Cheapfá go mbeadh an bhéim ar na ceisteanna tábhachta a bheadh tionchar mór acu ar mhuintir na tíre.

Is í an eacnamaíocht an chloch is ar phaidrín mhuintir Mheiriceá maidir le todhchaí na tíre. Tar éis sin, is cúis imní dóibh an córas cúram sláinte agus rialú inimirce. Ach ar na ceisteanna móra sin atá na meáin dírithe, ar an drochuair. Bheadh oiriúnach dóibh aird a thabhairt do na ceisteanna sin, anailís a dhéanamh orthu, agus moltaí a fhorbairt bunaithe ar a dtaighde. Ach cuma leo, de réir dealraimh, mar siad ag déanamh scéal mór de rudaí eile ar fad.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na meáin i gcás Donald Trump, mar a fhios ag madraí an bhaile gurb é Donald Trump féin agus gach rud a dhéanann a tharraingíonn aird an phobail i gcónaíchonaiceamar é sin fiú nuair a bhí in oifig mar Uachtarán. Is iad na rudaí a dúirt a ghiolc a phléasc ar na meáin beagnach gach .  In ainneoin sin, rinne rudaí a thaitin go mór lena lucht leanúna freisin, gan dabht. Bhí ísliú cánach mar chuspóir Phoblachtánach, agus d’éirigh le Trump é sin a dhéanamh. Bhí tionchar mór ag Trump freisin ar an gcúirt is airde sa náisiún. Cheap trí bhreitheamh den Chúirt UachtarachNeil Gorsuch, Brett Kavanaugh agus Amy Coney Barrettan méid is le beagnach 40 bliain.   Cheapfá go d’fhéadfadh na rudaí mídhleathacha, na rudaí mídhaonlathacha a rinne é a bhánú. Ach tá an ghnaoi atá ar Trump chomh láidir anois agus a bhí roimh na cásanna dlí atá ar siúl agus fiú roimh Eirí Amach 2021. a lucht leanúna ag fanacht fíordhílis do Trump, agus creideann siad gach atá le aigenár chaill an toghchán uachtaránachta i 2020, san áireamh. Is eisceacht pholaitiúil é Trump, gan dabht!  

Maidir le Biden, ag déanamh maith go leor mar Uachtarán go dtí seo, le cúpla eisceacht. Shínigh trí Bhille suntasacha chun $2 trilliún a chaitheamh as seo go ceann deich mbliana ar thosaíochtaí tábhachta a Pháirtí (na Daonlathaigh), cosúil le hathnuachan ollmhór infreastruchtúir, taighde ar fhuinneamh glan, cosaint na timpeallachta, taighde agus forbairt leathsheoltóra agus infheistíocht maidir le STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic). Thosaigh ag atógáil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), rud a bhí an-tábhachtach nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin an bhliain seo caite. Dheisigh Biden formhór den damáiste a rinne Trump do cháil idirnáisiúnta na Stáit Aontaithe, go bhfuil i bhfad níos le déanamh. Biden ag obair go dian freisin chun muinín an phobail i gcóras daonlathais na Stáit Aontaithe a atógáil. Mar sin, go leor rudaí dearfacha déanta ag an Uachtarán Biden sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Rinne Biden ceap magaidh de féin nuair a rinne praiseach den tarraingt amach as an Afganastáin. Gan dabht, bhí cosúlachtaí móra idir an oibríocht sin agus an méid a tharla i dtús na seachtóidí i Saigon.

Patrún an chlúmhillte!

Ach níl an bhéim ar na rudaí tábhachtacha thuasluaite a rinneadar ar na rudaí a gheallann siad do phobail Mheiriceá as seo amach. In ionad sin, na hiarrthóirí agus na meáin ag díriú airde an phobail ar a bhfeachtais clúmhillte in éadan a chéile. De ghnáth, is féidir le cáineadh amháin, is cuma an bhfuil fíor nach bhfuil, an oiread sin dochair a dhéanamh diarrthóir amháin go gcailleann an rás go minic, mar iarmhairt. Mar shampla, rinneadh an-dochar do Hilary Clinton i 2016, maidir leis an bhfreastalaí r-phoist príobháideach a bhíodh in úsáid aici le haghaidh r-phoist ghnó an rialtais. b’fhéidir gur cuimhin leat an chonspóid faoi theastas breithe Barack Obama i 2012!

An babhta seo, is é an rud is a bhfuil imní ar phobal Mheiriceá faoi Joe Biden, Daonlathaigh san áireamh, a aois! Bheadh níos fearr an bhéim a chur ar cad atá déanta aige mar uachtarán go dtí seo, agus cad a ar intinn aige a dhéanamh thoghtar é don dara téarma. Cleas an philibín atá i gceist leis a aois. Cé go bhfuil Donald Trump ach trí bhliain níos óige Joe Biden, níl mórán cainte faoina aois ar chor ar bith. Dála an scéil, bheadh Trump, mar Uachtarán Mheiriceá, in ann go leor damáiste a dhéanamh do dhaonlathas i Meiriceá agus ar fud na cruinne, is cuma cén aois é!  

in am do phobal Mheiriceá díriú isteach ar na buncheisteanna, agus neamhaird a thabhairt don raiméis á scaipeadh sna meáin. todhchaí an daonlathais féin ag brath ar sin, agus hacmhainn dóibh Donald Trump a bheith mar uachtarán arís, is cuma cén aois iad na hiarrthóirí. Thosódh Trump amach mar uachtarán, b’fhéidir, ach chríochnódh a théarma mar dheachtóir, gan dabht. hacmhainn do Mheiriceánaigh na maidí a ligean le sruth anois, nuair atá cinneadh chomh tábhachtach sin faoina gcóras rialtais ina lámha féin!  

gaGaeilge