Caithfidh mé a admháil nach raibh mé i dteagmháil go minic le miar-chomhghleacaithe, go háirithe tar éis tús na pandéime COVID-19. Mar a tharla, rinne ceann dóibh, mo chara mór darb ainm Liam, teagmháil liomsa an tseachtain seo caite.  

Sheol teachtaireacht chugam ar Facebook Messenger gan choinne, agus chuir sé ar eolas mé ar an toirt gur scaoileadh chun bealaigh é ó Qualcomm, tar éis breis is tríocha bliain ag obair sa chomhlacht. Innealtóir agus stiúrthóir sinsearach den chéad scoth is é Liam. Dúirt a bhainisteoir leis gur cuireadh a chéad togra eile ar ceal agus dá bhrí sin go raibh a phost curtha ar ceal freisin. Fuair a bhainisteoir, leasuachtarán innealtóireachta bata agus bóthar freisin, chomh maith le roinnt mhaith de na hinnealtóirí ag obair ar an togra céanna. Nár chruálach íorónta é go bhfuair Liam ríomhphost an tseachtain roimhe sin ó rannóg na n-acmhainní daonna, ag gabháil buíochas ar leith leis as a thríocha bliain de sheirbhís dhíograiseach don chomhlacht? Nach fíoramaideach don chomhlacht é sin a dhéanamh le lámh amháin agus ansin é a chaitheamh an doras amach leis an lámh eile díreach tar éis sin? Tá cúrsaí níos measa fós, mar bhí Liam thar a bheith dílis do Qualcomm, bliain i ndiaidh bliana.  Fuair Liam bocht amach de thapaigean nach raibh i bhfocail a chomhlacht ach bréaga agus béalghrá, ar an drochuair.   Liam bocht hamháin in ísle brí ach i bponc ceart freisin, mar caithfidh sé post eile a fháil gan mhoill agus ní bheidh sé sin éasca, ar chor ar bith. Déantar leithcheal ar bhonn aoise ar oibrithe san earnáil ardteicneolaíochta an t-am go léir, agus tá Liam 55 bliain d’aois anois. Ní amháin go mbeidh sé deacair dó post nua a fháil, ach fiú má fhaigheann sé post, beidh sé deacair dó an tuarastal agus na coinníollacha oibre céanna a fháil, gan dabht.  Ceapaim féin gur rud mí-eiticiúil é do chomhlacht caitheamh le hoibrithe sa tslí sin. Cé go bhfuil dlíthe i bhfeidhm i gCalifornia chun oibrithe os cionn 40 bliain d’aois a chosaint, tagann comhlachtaí i dtír ar lúb ar lár ar na rialacha. Sa chás seo, agus an comhlacht ag iarraidh ciorraithe géara a chur i bhfeidhm, cuireadh tograí áirithe costasacha ar ceal, tograí nach bhfuil lárnach i straitéis an chomhlachta.  Faigheann an comhlacht poist eile do roinnt mhaith oibreoirí, ach níl sé chomh héasca an lucht ceannais a bhogadh, mar níl mórán ról mar sin le fáil. haon chomhtharlú é go scaoiltear chun bealaigh na hoibrithe is sinsearaí -iadsan a shaothraíonn an pá is airde. Sa tslí sin, tá comhlachtaí in ann baill den lucht ardioncaim atá os cionn 40 bliain d’aois a scaoileadh chun bealaigh gan aon dlí a bhriseadh. Chonaic mé a leithéid nuair a bhí me ag obair, agus uaireanta chonaic mé na tograí céanna ag aiséirí le foireann nua tar éis tamaillín.   

 Duine Prionsabálta!

 Bhuaileamar le chéile, Liam, mé féin agus ár gcéilí, le haghaidh dinnéir díreach tar éis dom labhairt leis ar an bhfón.  Bhí sé deacair fós do Liam a ghlacadh lenar tharla gan choinne. Ach bhí sé ag lorg oibre go díograiseach sa cheantar, agus ag dul i dteagmháil le hiar-chomhghleacaithe eile a bhí ag obair i gcomhlachtaí eile. Bhí sé tar éis cúpla agallamh a dhéanamh agus bhí sé dóchasach go ndearna sé go maith i gceann amháin dóibh.  Dúirt Liam go raibh sé an-bhuíoch dom am a chaitheamh leis ar an bhfón, ag tabhairt comhairle dó. Uaireanta, ní bhíonn a fhios agat féin cé chomh tábhachtach is atá sé caint le chéile, go háirithe nuair a tharlaíonn rudaí mar seo. Cén saghas comhairle iontach a thug mé dó? Is é an rud ba thábhachtaí a rinne mé, ná a bheith ag éisteacht le comhbhá agam leis – sin an méid. Tá caidreamh láidir eadrainn agus tá muinín iomlán aige ionam, agus a mhalairt. Thit sé amach nach raibh Liam sásta ina phost le trí bliana anuas ach in ainneoin sin, lean sé ag obair mar bhí sé dílis don chomhlacht, agus bhí sé ag iarraidh na daoine a bhí ag obair dó a chosaint, mar chonaic sé rioscaí ag méadú ar fhíor na spéire. Níor ghéill ar a phrionsabail, fiú amháin nuair a bhí a shlí mhaireachtála féin i mbaol. Bun agus barr an scéil ná go bhfuil meas an domhain agam ar Liam, agus is trua mhór é nár chaith Qualcomm go measúil leis tar éis dó a shaol a chaitheamh ina sheirbhís, ag obair go dian agus go tairbheach dóibh an t-am go léir. Mo náire thú, Qualcomm!

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

           

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

gaGaeilge