ionadh orm nach bhfuil níos mó scríofa as Gaeilge faoi Sam Bankman-Fried, a dtugtar SBF air go gairid, agus atá ar dhuine de na calaoiseoirí is measa riamh! Mar is dearmad suntasach é sin, seo m’iarracht an fhadhb sin a chur ina ceart!  

Cé hé SBF?

Rugadh Sam Bankman-Fried i gCalifornia sna Stáit Aontaithe do bheirt ollamh ó Scoil Dlí Stanford i 1992. Tar éis dó freastal ar mheánscoil i gCalifornia, bhain sé céim amach san fhisic agus sa mhatamaitic ó Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts i 2014.

Chuir tús lena ghairm bheatha i 2013 mar intéirneach ag Jane Street Capital gnólacht trádála a bhfuil saineolas aige faoi chistí trádáilte ar an malartán – an áit a bhfuair sé a chéad taithí oibre. Chuaigh sé ag obair go lánaimseartha leis an gcomhlacht céanna tar éis dó a chéim a bhaint amach. I mí na Samhna 2017, chomhbhunaigh sé an gnólacht trádála cainníochtúil Alameda Research le Tara Mac Aulay ón Ionad um Altrúchas Éifeachtach, áit ar oibrigh sé go hachomair mar stiúrthóir forbartha. Is é atá i gceist le haltrúchas éifeachtach, bunaithe ag beirt fhealsúnaí in Ollscoil Oxford i 2009,fealsúnacht ina dtuileann daoine an oiread airgid agus is féidir leo, ionas go mbeidh siad in ann níos mó airgid a bhronnadh ar charthanacht.  Bhí tionchar nach beach ag an bhfealsúnacht sin ar SBF, go háirithe tar éis dó bualadh leis a gcomhbhunaitheoir, William MacAskill. Deirtear gur chuir MacAskill ina luí ar an matamaiticeoir éirimiúil SBF, a thionchar a uasmhéadú trí phost atá ar phá ard a fháil agus cuid mhór de a thabhairt uaidh.   B’in an fáth gur roghnaigh SBF post buan le Jane Street Capital ar Shráid Wall.  Bhronn sé leath a phá do charthanacht fad is a bhí sé ann.

Sa bhliain 2019, bhunaigh SBF an malartú cryptea-airgeadra darb ainm FTX.  Bhog Bankman-Fried ceanncheathrú a dhá chomhlacht go dtí na Bahámaí ag deireadh 2021 agus bhog sé é féin agus roinnt bhaill fhoirne isteach in árasán dín a cheannaigh sé ar $35 milliún. Faoin am seo, bhí SBF ar cheann de na daoine ba shaibhre ar domhan, agus an ceann ba shaibhre níb óige ná tríocha agus glanfhiúchas $26.5 billiún aige! Bhí luacháil FTX timpeall $40 billiún ag an am.  

Peacaí SBF!

I mí Lúnasa 2019, d’fhógair FTX dá bhfoireann eisceacht a chur i gcód an mhalartaithe, ionas go ligfí do Alameda Research iarmhéid diúltach suas go dtí $65 billiún a bheith ina cuntas trádála. Dála an scéil, bhí páirtí SBF, bean darb ainm Caroline Ellison, ag obair in Alameda ag an am sin.  Níos déanaí i 2022, tugadh ardú céime di, go príomhoifigeach feidhmiúcháin!

Ní raibh cead ag aon chustaiméir eile iarmhéid diúltach a choinneáil. Chiallaigh an t-iarmhéid diúltach sin go mbeadh Alameda in ann airgead custaiméirí FTX a fháil ar iasacht, i ngan fhios do na custaiméirí céanna.

Thug SBF agus FTX buntáiste eile do Alameda freisin. Chomhlíon FTX aon trádáil curtha isteach ag Alameda níos tapúla ná do chustaiméirí eile. Thug sé sin buntáiste mór do Alameda, mar sa ghnó sin, is ionann am agus airgead!  

Fuair SBF airgead ar iasacht phearsanta ó Alameda freisin – timpeall $1 billiún!  Agus fuair $2.3 billiún ar iasacht dá chomhlacht ‘Paper Bird’! Fuair fostaithe FTX Nishad Singh ($542 milliún) agus Ryan Salame ($55 milliún) airgead ar iasacht freisin ó Alameda.

Chomh maith leis sin, chruthaigh SBF agus FTX a gcryptea-airgeadra féin, darb ainm FTT. Choimeád siad an chuid is mó de mar chomhthaobhacht i FTX agus nuair a fuair Alameda iasacht ó FTX, go minic úsáideadh licíní FTT.  Toisc go raibh formhór na licíní FTT ag FTX agus Alameda, ní raibh fíor-ráta malairte ag FTT, mar ní bheadh FTX nó Alameda in ann mórán licíní FTT a dhíol, gan an ráta céanna a laghdú. Mar sin, ní comhthaobhacht réalaíoch a bhí ina sealúchais licíní FTT, go háirithe dá mbeadh orthu na sealúchais sin a dhíol!  

Cliseadh tubaisteach!

I mí na Samhna, 2022, d’fhoilsigh an suíomh ‘Coindesk’ tuairisc ag maíomh go raibh Alameda ag brath go láidir ar FTT. Dá bhrí sin, dúirt an comhlacht Binance, a bhí in iomaíocht le FTX, agus a raibh dóthain mhaith licíní FTT acu, go raibh siad chun iad go léir a dhíol. Thosaigh sé sin dúrud scaolldíol FTT, agus thit a luach go dona. Bhí easpa airgid ag FTX, agus ní raibh Alameda in ann a raibh ar iasacht acu uathu a aisíoc dóibh. Bhí $8 mbilliún ar iarraidh ag FTX agus bhí orthu a dhearbhú go raibh siad bancbhriste.

Gabhadh SBF sna Bahámaí agus eiseachadadh é go dtí na Stáit Aontaithe. Cuireadh seacht gcúis choiriúla ina leith, calaois leictreonach agus sciúradh airgid san áireamh. Fuarthas ciontach i ngach cúiseamh é. Gabhadh fostaithe eile FTX agus Alameda freisin, Caroline Ellison san áireamh. Thug na fostaithe sin fianaise in aghaidh SBF, ionas go bhfaighidís trócaire ina gcásanna féin.

Conclúid!

Is scéal forálach é seo, gan dabht. B’fhéidir gur thosaigh SBF lán le dea-rúin, ag iarraidh altrúchas éifeachtach’ a chleachtadh chun cuidiú le daoine eile. Ach roimh i bhfad, ní raibh le feiceáil ach a chreachadóireacht leithleasach. Agus faoi dheireadh, mar a tharlaíonn i gcónaí, thit an tóin as an iomlán.  Beidh SBF ar ais os comhair na cúirte i Mí an Mhárta seo chugainn, nuair a d’fhéadfaí téarma príosúnachta suas go céad bliain a ghearradh air.  

Véarsa beag mar fhocal scoir:

Turnamh impireachta SBF

Do threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál

Bankman-Fried, Ellison, ‘s an méid sin a bhí ‘na bpáirt;

FTX ‘na féar, is féach Alameda mar tá,

Dúiseoidh SBF i gcillín príosúin gach lá.

.

.

gaGaeilge