An ndearna tú do rúin athbhliana fós?” arsa Séimí séimh an Droichid liom féin, thíos i gCailleach an “Smugairle Róin”, ar an oíche chinniúnach sin, Oíche Chinn Bliana, agus é tar éis smailc bhreá sásta a bhaint as an ngloine den stuif crua a bhí leagtha go cúramach aige, ar bhoirdín beag, os a chomhair amach.

Thuig mé, ar an bpointe boise, gur theastaigh uaidh a chuid tuairimí ar an ábhar céanna sin a bhronnadh orm, agus ó tharla nach raibh tada níos fearr le déanamh agam ag an am, rinne mé chuile iarracht na tuairimí sin a mhealladh uaidh.

“Dheamhan rún nó cuid de rún déanta agam fós, a Shéimí, ach cogar, an bhfuil rún ar bith déanta fós agat féin don bhliain úr seo atá ina rás chugainn, i láthair na huaire seo?”

Guíonna in áit Rúin

“Bhuel! Caithfidh mé a admháil duit, go bhfuil mé féin éirithe as na rúin athbhliana céanna sin, le tamall de bhlianta anuas anois, nó ba bheag aird a thug mé orthu tar éis a ndéanta, ach bhfuil a fhios agat, tá nós nua fionnta agam leis an mbearna sin a líonadh dom.”

“Agus céard é féin, a Shéimí?”

“Guíonna athbhliana a thugaimse orthu, nó in áit ualach na rún sin a cheangal aniar orm féin, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt rudaí, ar mhaith liom go ndéanfaí iad, i rith na bliana úire.”

“Ar fheabhas ar fad, agus céard iad na guíonna atá pioctha agat don bhliain seo, 2024.”

“Tá ualach asail de ghuíonna roghnaithe agam cheana féin, ach níl fúm iad uilig a leagan os do chomhair, láithreach bonn, ach tabharfaidh mé roinnt bheag acu duit anois.”

“Lean ort, nó ba bhreá liom cuid acu a chloisteáil.”

Síocháin ar Thalamh

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom go gcuirfí deireadh, i rith na bliana seo, le marú, le mugáil, le foréigean, le héigniú de chuile shaghas, le mí-úsáid, le hainriail, agus le brúidiúlacht de chuile chineál, agus go bhfillfeadh daoine arís ar shíocháin, ar charthannacht, agus ar chomharsunúlacht. Dá ndéanfaí a leithéid, nár mhór go deo an difir a dhéanfadh sé i saol an ghnáthdhuine? Sea, agus i ndáiríre, nach féidir a rá, nach mbeadh sa mhéid sin ach filleadh ar na dlíthe atá fite fuaite i smior na gcnámh istigh ionainn go léir?”

“Bhuel, ní beag nó suarach an ghuí sin, a Shéimí, agus dá bharr sin, is dócha nach bhfuil a thuilleadh agat don bhliain seo?”

Cuimhnigh orthu siúd atá ar an Imeall

“Ní leagfaidh mé os do chomhair amach ach guí amháin eile, agus sin go dtabharfaí aire faoi leith, dóibh siúd atá ar an imeall. Is é atá i gceist agam anseo, nó na daoine sin a tháinig chun na tíre seo ar thóir oibre, nó tearmainn go dtabharfaí spás agus éisteacht dóibh i rith na bliana seo, sa tslí go mbeadh ar ár gcumas a mbunús a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s’againne, in áit a bheith ag breathnú orthu mar eachtrannaigh nach bhfuil ceart ar bith acu teacht inár measc. Is daoine daonna iad agus is comharsana iad nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu fós. Ba mhaith liom cúpla dream eile a chur isteach anseo freisin agus sin iad an lucht siúil a bhfuil a mbunús imeallaithe againn leis na blianta fada, agus an dream úd a chodlaíonn amuigh, ar thaobh ár sráideanna, nó ar thaobh ár mbóithre.

Déarfainn anois go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, ach bí cinnte go mbeidh tuilleadh le rá agam ar an ábhar seo, le linn na bliana 2024!

Ábhar Machnaimh

Tar éis do mo Shéimí breá “Go mBeannaí Dia duit” a rá le tóin a ghloine, chuir sé uaidh í ar an mboirdín úd lena ais, d’fhág slán agus beannacht agam, agus thug an doras amach air féin. Caithfidh mé a rá gur fhág sé ábhar machnaimh agamsa agus caithfidh mé a rá go bhfuil súil agam go bhfíorófar guíonna Shéimí i rith na bliana, fiú go páirteach!  

Mo mhachnaimh féin

Labhraíonn Séimí amach gan scáth ná faitíos, agus tá meas mór agam air dá bhrí sin. Is é rún athbhliana atá agam ná mo thuairimí a chur in iúl níos neamhbhailbhe, go háirithe i mo scríbhinní.  Tá sé sin an-tábhachtach sa lá atá inniu ann, agus gach saghas raiméise ag dul timpeall ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta. Chonaiceamar agus feicimid fós drochthionchar bréagnuachta ar ár sochaí, agus é á úsáid ag antoiscigh agus tíortha naimhdeacha, a bhfuil mar aidhm acu ár rialtas a dhíchobhsú.  Is é mo ghuí don bhliain seo ná go ndéanfaimid go léir ár seacht ndícheall fáil réidh le bréagnuacht sa bhliain seo, agus gan é a scaipeadh freisin. Beidh níos mó le rá agam ar an ábhar seo roimh i bhfad!

.

.

.

gaGaeilge