Iriseoir agus scríbhneoir den chéad scoth is é Steve Lopez le fada an lá. Thosaigh sé ag obair mar cholúnaí don ‘LA Times’ sa bhliain 2001. Tá gradaim iriseoireachta náisiúnta buaite aige, chomh maith le duais don neamhfhicsean cruthaitheach.  Scríobh Steve leabhar nuair a bhí sé i ndeireadh a sheascaidí, dár dteideal: “Independence Day: What I Learned About Retirement from Some Who’ve Done It and Some Who Never Will.” Lean sé féin ag obair páirtaimseartha mar cholúnaí seachtainiúil don ‘LA Times’ ansin, post a bhfuil fós aige, agus é ina sheachtóidí anois.  Thosaigh sé colún nua ag an am dar teideal ‘The Golden State’ agus is colún é go heisiach faoi sheanóirí, rud nach bhfaca mé in aon nuachtán eile, agus ní go minic sna meáin eile, ach an oiread. Is aoibhinn liom a cholún, agus léim é gach seachtain, gan teip. Foghlaimím go leor rudaí suntasacha agus tábhachtacha ann, agus is foinse inspioráide dom é freisin, gan dabht ar bith. Chuaigh colún amháin a scríobh Steve le déanaí go mór i gcion orm. Seo achoimre an scéal sin.

Scéal Teti

Tá Pete Teti ar an mbóthar ceart más iad gluaiseacht agus géinte maithe bunús an tsaoil fhada.  Cé go bhfuil cónaí ar Pete i gcathair Los Angeles, tá sé in aice le Griffith Park, páirc iontach atá beagnach trí huaire níos mó ná Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Baineann Pete lántairbhe as, mar téann sé ar shiúlóid i nGriffith Park gach re lá.   Casann Pete lena chairde in aice le ‘Griffith Observatory’ agus siúlann an dream beag suas go barr ‘Mt. Hollywood’, agus ar ais.an tsiúlóid timpeall 4 ciliméadar ar fhad, agus is gá dul suas (agus ansin teacht anuas) 150 méadar in airde. Babhta traenála atá i gceist, is cuma d’aois, agus bogann Pete ar aghaidh ar an gcosán ar luas mear. Tógann sé sos beag ar an tslí agus suíonn sé ar feadh tamaillín ar bhinse páirce atá ainmnithe ina onóir! Seinneann sé an t-orgán béil le linn a shosa bhig, roimh leanúint ar aghaidh ag siúl.  Níos faide anonn, síneann cathair mhór na nAingeal amach ó na sléibhte go dtí an tAigéan Ciúin.

“Fágann siad a bhfadhbanna go léir sa chathair,” arsa Teti, ag bogadh gan stró chomh héasca le fear i bhfad níos óige.  Beannaíonn sé do dhaoine go minic, mar tá aithne aige ag go leor de na siúlóirí sa pháirc. Stopann Pete arís tamaillín, agus seinneannport eile ar a orgán béil. Ceapann fear darb ainm Jay Miller, atá 20 bliain níos óige ná Pete, go bhfuil Pete ar tí teacht anuas, ach níl an ceart aige.  Ar aghaidh le Pete suas ardú géar i dtreo mullach an tsléibhe, agus a chomrádaithe á leanúint.

Dar le fear eile ar an tsiúlóid, Tom McGovern, b’fhéidir nach bhfuil Pete ag siúl chomh tapa anois agus a bhí sé blianta ó shin, nuair a chasadar le chéile ar dtús. “Dá aois, bogann Pete ar luas lasrach!” arsa Tom. “Luas maith d’aon duine é sin, is cuma cén aois iad, i ndáiríre.”

Chas Nancy agus Mark Kristol le Pete le linn na pandéime, agus iad go léir ag siúl sa pháirc.  D’fhorbair caidreamh faoi leith eatarthu de réir a chéile, agus iad ag casadh le chéile go minic. “Is rud iontach é casadh le Pete suas anseo, mar tá gean ar leith aige ar an sliabh agus tá sé in aon sruth leis a thimpeallacht nádúrtha,” dar le Nancy.  “Tearmann ó ghleo agus ruaille buaille na cathrach atá i gceist san áit seo, leis an bhfear iontach seo.

Thosaigh Pete ag siúl suas Mt. Hollywood níos mó ná fiche bliain ó shin, nuair a thug sé faoi deara go raibh sé ag titim chun feola.   Fear tanaí is ea é sa lá atá inniu ann, atá i mbarr a mhaitheasa, ní hamháin go fisiciúil ach go hintleachtúil freisin. Níor stad sé ag foghlaim riamh, fiú nuair a d’éirigh sé as a phost mar mhúinteoir tar éis 50 bliain sa ról sin.  Dúirt a chara, Jay, go bhfuil dhá veidhlín déanta at Pete, gur ealaíontóir é, go bhfuil beochan á chruthú aige faoi láthair, agus go bhfuil sé i gcónaí ag foghlaim fisice, ceimice agus matamaitice. Nuair a chas Steve Lopez le Pete sa bhaile, thaispeáin Pete gazebo a thóg sé, déanta le gloine daite, agus tíleanna a leag sé sa phaitió cúil. Tá stiúideo ag Pete sa teach, ag cur thar maoil le leabhair, ríomhairí agus pictiúir theibí uaidh.

Ar a lá breithe is déanaí, chas sé lena chairde in aice leis a bhinse, a bhfuil an tíolacadh seo scríofa dó: “Pete Teti: Orgán béil, siúlóir díograiseach, ealaíontóir, múinteoir agus saighdiúir de chuid an Dara Cogadh Domhanda.”   Ansin, chuaigh an dream éagsúil sin ar shiúlóid ceiliúrtha suas Mt. Hollywood, faoi cheannaireacht Pete Teti, agus aois a chéid sroichte aige!  Nach ardeiseamláir é Pete, agus é ag tabhairt ceannaireachta dúinn go léir lena dhea-shampla!

.

.

gaGaeilge